Euro

Is é an euro an t–airgeadra aonair a roinneann 20 mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh inniu, arb ionann iad le chéile agus an limistéar euro. Bunaíodh é leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, ina leagtar amach gurb é cuspóir amháin de chuid an Aontais Eorpaigh é aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhunú agus an euro mar an t–airgeadra ann.

Tugadh an euro isteach i gcéimeanna.

In 1999, shocraigh 11 Bhallstát a rátaí malartaithe, ghlac siad comhbheartas airgeadaíochta faoin mBanc Ceannais Eorpach agus sheol siad an euro mar a n–airgeadraí coiteanna úra. Bhí an euro ina airgeadra leictreonach ar dtús a d’úsáideadh margaí airgeadais agus a d’úsáidtí le haghaidh íocaíochtaí gan airgead tirim.

In 2002, cuireadh nótaí bainc agus boinn i gcúrsaíocht, agus dá réir sin ghlac níos mó Ballstát an euro mar a n–airgeadra.

De réir chonarthaí AE, ceanglaítear ar gach Ballstát (seachas an Danmhairg, a bhfuil rogha an diúltaithe aici) an euro a ghlacadh nuair a chomhlíonfaidh siad na critéir um chóineasú (lena rá go simplí, nuair a bheidh a ráta boilscithe, a n–airgeadas poiblí, a ráta malartaithe agus a rátaí úis fadtéarmacha ag teacht go mór le cinn na dtrí thír ón limistéar euro is fearr feidhmiú). Féachtar leis na critéir sin lena áirithiú gur féidir leis an mBallstát a bheidh ballraíocht á glacadh aige sa limistéar euro comhtháthú isteach san aontas airgeadaíochta gan stró gan an baol go gcuirfí isteach air féin nó ar an limistéar euro ina iomláine.

FÉACH FREISIN