Clár Euratom

Sonraítear in Airteagal 4 de Chonradh Euratom go bhfuil an Coimisiún Eorpach freagrach as taighde núicléach a chur chun cinn agus a éascú i mBallstáit AE, agus as an taighde sin a chomhlánú trí thabhairt faoi chlár taighde agus oiliúna Comhphobail (an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach). Ghlac an Chomhairle an clár seo, agus í ag gníomhú d’aon ghuth ar thogra ón gCoimisiún (i gcomhréir le hAirteagal 7 den Chonradh).

Is é is aidhm leis an gclár 5 bliana reatha, a mhairfidh ón go dtí an , tabhairt faoi ghníomhaíochtaí taighde núicléach agus oiliúna núicléiche le béim áirithe ar fheabhas leanúnach ar shábháilteacht agus ar shlándáil núicléach agus ar chosaint radaíochta. Cé go mairfidh an clár 5 bliana, cuirfear síneadh 2 bhliain leis in 2025 chun é a ailíniú le creat airgeadais ilbhliantúil 2021–2027. Comhlánaíonn an clár aidhmeanna an naoú clár réime AE um thaighde agus nuálaíocht, Fís Eorpach, agus úsáidtear na hionstraimí agus na rialacha rannpháirtíochta céanna ann.

Cumhdófar le gníomhaíochtaí taighde gnéithe amhail sábháilteacht agus slándáil núicléach, dramhaíl radaighníomhach agus bainistíocht breosla spíonta, cosaint radaíochta agus fuinneamh comhleá. Leis an gclár leathnófar taighde isteach i bhfeidhmeanna nach mbaineann le fuinneamh le haghaidh radaíocht ianúcháin, agus feabhsóidh sé na réimsí seo a leanas: an t–oideachas, oiliúint agus rochtain ar bhonneagair thaighde. Tacóidh sé le soghluaiseacht taighdeoirí sa réimse núicléach i gcomhthéacs Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie de chuid Fís Eorpach.

Is mar seo a leanas miondealú táscach ar bhuiséad an chláir don tréimhse 2021-2025:

FÉACH FREISIN