Le Treoir 2009/125/CE, leagtar amach creat don Choimisiún Eorpach chun íoscheanglais éicidhearthóireachta1 a leagan síos maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh a dhíoltar san Aontas Eorpach (AE). Níl feidhm aige maidir le modhanna iompair a úsáidtear chun daoine nó earraí a iompar.
Féachtar lei le feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh2 táirgí agus leis an gcomhshaol a chosaint, agus dá réir sin cur le forbairt inbhuanaithe, agus é sin á dhéanamh ar bhealach comhchuibhithe chun tacú le margadh aonair an Aontais Eorpaigh agus ilroinnt an mhargaidh agus praghsanna níos airde a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar rialacha náisiúnta maidir leis na gnéithe céanna a sheachaint.
PRÍOMHPHOINTÍ
D’fhéadfadh sé go gclúdófaí le ceanglais éicidhearthóireachta na céimeanna uile a bhaineann le saolré táirge agus leis an deisiú agus leis an athchúrsáil ag deireadh na saolré. Díríodh go dtí seo, i bhformhór na gcásanna, ar ídiú fuinnimh in úsáid toisc gur tugadh tús áite do ghníomhaíocht sa réimse sin. Baineann dearcadh níos iomlánaíche leis na rialacháin is déanaí, áfach, i bhfianaise iomlán an fhuinnimh a úsáidtear le linn shaolré an táirge. Maidir le táirgí leictreonacha go háirithe, tá an chéim mhonaraíochta freagrach as aon rud ó thrian go dhá thrian fiú den fhuinneamh a úsáidtear le linn shaolré an táirge, agus moltar ceanglais maidir le húsáid an fhuinnimh chorpraithe sin a uasmhéadú le ceanglais maidir le hiontaofacht agus in–athúsáidteacht, chun saolré an táirge a shíneadh, agus in–athchúrsáilteacht, chun ábhair a aisghabháil ar bhealach níos éifeachtaí.
Bíonn marcáil CE ar na táirgí a chomhlíonann na ceanglais agus is féidir iad a dhíol áit ar bith san Aontas.
Gníomhartha cur chun feidhme
Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoin treoir, bhunaigh an Coimisiún na ceanglais éicidhearthóireachta maidir leis na hearraí seo a leanas a chur ar an margadh:
Le Rialachán (AE) 2023/826, lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 agus 107/2009, lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le hídiú leictreachais móid “as”, móid fuireachais, agus móid fuireachais líonra trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach, agus beidh sé i bhfeidhm ón .
Aisghairm
Aisghaireadh Treoir 2009/125/CE le Rialachán (AE) 2024/1781 (féach an achoimre) ón i leith. Beidh roinnt rialacha den treoir i bhfeidhm fós, áfach, chun glacadh le bearta a bhí á bhforbairt fúithi (go dtí 2026) nó chun na cinn atá i bhfeidhm cheana a leasú (go dtí 2030). Ina theannta sin, beidh gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoin treoir fós i bhfeidhm go dtí go n–aisghairfear iad.
ÓN gCATHAIN A BHAINEANN NA RIALACHA?
B’éigean an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin . Tá na rialacháin lena socraítear ceanglais éicidhearthóireachta do ghrúpaí táirgí sonracha ina gceangal ar gach Ballstát agus cruthaíonn siad oibleagáidí ón dáta/na dátaí iarratais atá leagtha síos sna rialacháin aonair.
Éicidhearthóireacht. Gnéithe comhshaoil a chomhtháthú i ndearthóireacht táirgí d’fhonn feabhas a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil an táirge le linn a shaolré.
Éifeachtúlacht fuinnimh. Níos lú fuinnimh a úsáid chun an tseirbhís chéanna a chur ar fáil. Tá cuisneoirí agus meaisíní níocháin atá tíosach ar fhuinneamh ina samplaí de tháirgí.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, , lgh. 10-35).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2009/125/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2534 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh triomadóirí rothlaim tí agus lena n–aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 392/2012 ón gCoimisiún (C/2023/4741) (IO L, 2023/2534, ).
Rialachán (AE) 2023/826 ón gCoimisiún an lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le hídiú leictreachais móid “as”, móid fuireachais, agus móid fuireachais líonra trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 agus (CE) Uimh. 107/2009 (IO L 103, , lgh. 29-47).
Rialachán (AE) 2019/424 ón gCoimisiún an lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirge stórála sonraí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 617/2013 ón gCoimisiún (IO L 74, , lgh. 46-66).
Rialachán (AE) 2019/1781 ón gCoimisiún an lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh mótair leictreacha agus tiomáintí luais inathraithe de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 641/2009 i dtaca le ceanglais éicidhearthóireachta maidir le hathfhillteoirí leithleacha gan dlúthaire agus athfhillteoirí leithleacha a comhtháthaíodh i dtáirgí agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 640/2009 ón gCoimisiún (IO L 272, , lgh. 74-94).
Rialachán (AE) 2019/1782 ón gCoimisiún an lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh soláthairtí seachtracha cumhachta de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 278/2009 ón gCoimisiún (IO L 272, , lgh. 95-106).
Rialachán (AE) Uimh. 2019/1783 ón gCoimisiún an lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 548/2014 maidir le chur chun feidhme Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le claochladáin chumhachta bheaga, mheánmhéide agus mhóra (IO L 272, , lgh. 107-120).
Rialachán (AE) 2019/1784 ón gCoimisiún an lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le trealamh tathúcháin de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 272, , lgh. 121-135).
Rialachán (AE) 2019/2019 ón gCoimisiún an lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh fearais chuisniúcháin de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 643/2009 ón gCoimisiún (IO L 315, , lgh. 187-208).
Rialachán (AE) 2019/2020 ón gCoimisiún an lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh foinsí solais agus gléasanna rialaithe ar leith de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 244/2009, Rialachán (CE) Uimh. 245/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1194/2012 ón gCoimisiún (IO L 315, , lgh. 209-240).
Rialachán (AE) 2019/2021 ón gCoimisiún an lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh taispeáintí leictreonacha de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 642/2009 ón gCoimisiún (IO L 315, , lgh. 241-266).
Rialachán (AE) 2019/2024 ón gCoimisiún an lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le fearais chúisniúcháin lena mbaineann feidhm díolacháin dhírigh de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 315, , lgh. 313-334).
Rialachán (AE) 2016/2281 ón gCoimisiún an lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta a leagan amach do tháirgí a bhaineann le fuinneamh, i ndáil le ceanglais éicidhearthóireachta maidir le táirgí téimh aeir, táirgí fuaraithe, fuarthóirí próisis ardteochta agus aonaid ghaothráin agus chorna (IO L 346, , lgh. 1-50).
Rialachán (CE) Uimh. 2015/1095 an ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta maidir le caibinéid chuisniúcháin stórála tráchtála, caibinéid roisreo, aonaid chomhdhlúthúcháin agus fuarthóirí próisis (IO L 177, , lgh. 19-51).
Rialachán (AE) 2015/1185 ón gCoimisiún an lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla breosla sholadaigh (IO L 193, , lgh. 1-19).
Rialachán (AE) 2015/1188 ón gCoimisiún an lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla (IO L 193, , lgh. 76-99).
Rialachán (AE) 2015/1189 ón gCoimisiún an lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh coirí breosla sholadaigh (IO L 193, , lgh. 100-114).
Rialachán (AE) Uimh. 66/2014 ón gCoimisiún an lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh oighinn tí, iartaí agus cochaill soirn (IO L 29, , lgh. 33-47).
Rialachán (AE) Uimh. 548/2014 ón gCoimisiún an lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le claochladáin chumhachta bheaga, mheánmhéide agus mhóra (IO L 152, , lgh. 1-15).
Rialachán (AE) Uimh. 1253/2014 ón gCoimisiún an lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh aonaid aerála (IO L 337, , lgh. 8-26).
Rialachán (AE) Uimh. 617/2013 ón gCoimisiún an lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh ríomhairí agus freastalaithe ríomhairí (IO L 175, , lgh. 13-33).
Rialachán (AE) Uimh. 666/2013 ón gCoimisiún an lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh folúsghlantóirí (IO L 192, , lgh. 24-34).
Rialachán (AE) Uimh. 801/2013 ón gCoimisiún an lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta maidir le hídiú cumhachta leictrí trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach sa mhód fuireachais, sa mhód “as”, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 642/2009 maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh teilifíseán (IO L 225, , lgh. 1-12).
Rialachán (AE) Uimh. 813/2013 ón gCoimisiún an lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh spástéitheoirí agus comhthéitheoirí (IO L 239, , lgh. 136-161).
Rialachán (AE) Uimh. 814/2013 ón gCoimisiún an lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí uisce agus umair stórála uisce the (IO L 239, , lgh. 162-183).
Rialachán (AE) Uimh. 206/2012 ón gCoimisiún an lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh aerchóiritheoirí agus gaothráin chompoird (IO L 72, , lgh. 7-27).
Rialachán (AE) Uimh. 547/2012 ón gCoimisiún an lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh caidéil uisce (IO L 165, , lgh. 28-36).
Rialachán (CE) Uimh. 622/2012 an ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 641/2009 maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh athfhillteoirí leithleacha gan dlúthaire agus athfhillteoirí gan dlúthaire a comhtháthaíodh i dtáirgí (IO L 180, , lgh. 4-8).
Rialachán (AE) Uimh. 327/2011 ón gCoimisiún an lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh gaothráin innealltiomáinte lena bhfuil cumhacht ionchuir leictreach idir 125 W agus 500 kW (IO L 90, , lgh. 8-21).
Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún an lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2005/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh ídiú cumhachta leictrí sa mhód “as” agus sa mhód fuaireachais maidir le trealamh leictreach agus leictreonach tí agus oifige (IO L 339, , lgh. 45-52).