Feithiclí iompair bóthair atá glan agus tíosach ar fhuinneamh

ACHOIMRE AR:

Treoir 2009/33/CE maidir le feithiclí iompair bóthair atá glan agus tíosach ar fhuinneamh

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Arna leasú le Treoir (AE) 2019/1161, tá feidhm ag an treoir maidir le conarthaí le haghaidh soláthar feithiclí áirithe iompair de bhóthar (carranna, veaineanna, trucailí agus busanna) agus seirbhísí, ag údaráis chonarthacha, eintitis chonarthacha agus oibreoirí oibleagáidí seirbhíse poiblí faoi chonradh seirbhíse poiblí.

Leis an treoir leasaitheach, cuireadh síneadh le cur i bhfeidhm na treorach ionas go gcumhdófar léi anois soláthar trí na nithe seo a leanas:

Lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1161, tugadh isteach sainmhíniú nua freisin ar “fheithicil ghlan1.

Spriocanna íosta soláthair

Leagtar síos i dTreoir 2009/33/CE, arna leasú le Treoir (AE) 2019/1161, spriocanna íosta soláthair phoiblí d’fheithiclí saothair éadroim (carranna agus veaineanna), trucailí agus busanna do 2025 agus 2030. I gcás busanna, ní mór a leath de na spriocanna a chomhlíonadh le feithiclí astaíochtaí nialasacha (busanna ceallra leictreacha nó hidrigine). Leagtar amach na spriocanna sin in iarscríbhinn na treorach.

I gcás gach Ballstáit, socraítear sprioc eile d’fheithiclí saothair éadroim, do thrucailí agus do bhusanna. Déantar na spriocanna sin a ríomh mar íoschéatadán d’fheithiclí glana sa líon iomlán feithiclí a sholáthraítear trí sholáthar poiblí i ngach Ballstát, thar dhá thréimhse 5 bliana: 2021-2025 agus 2026-2030. Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíontar na spriocanna, ach tá solúbthacht iomlán acu maidir leis an gcaoi a ndáileann siad an iarracht ar údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha éagsúla.

Dea-chleachtas a chomhroinnt

Spreagann an Coimisiún Eorpach eolas agus dea-chleachtas a roinnt idir na Ballstáit d’fhonn ceannach feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn.

Tá roinnt tionscnamh á ndéanamh lena áirithítear go bhfuil an treoir á cur chun feidhme. Áirítear orthu sin an méid seo a leanas:

Nós imeachta coiste

Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh agus cuidíonn coiste atá faoi rialú ag rialacha nós imeachta coiste an AE leis sin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin .

Maidir leis na hathruithe a tugadh isteach trí leasú a dhéanamh ar Threoir (AE) 2019/1161, lena n-áirítear sainmhíniú ar “fheithicil ghlan” a thabhairt isteach agus spriocanna náisiúnta íosta a leagan síos dá soláthar, tá siad i bhfeidhm ón , agus bhí orthu a bheith ina ndlí sna Ballstáit faoin .

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Feithicil ghlan.
    • Déantar feithicil saothair éadroim ghlan (e.g. gluaisteán, veain) a shainiú ar bhonn a hastaíochtaí CO2 (tá na teorainneacha astaíochtaí is infheidhme leagtha síos i dTábla 2 den iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir).
    • Déantar feithicil tromshaothair ghlan (e.g. bus, trucail) a shainmhíniú ar bhonn úsáid breoslaí malartacha, mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/94/AE (féach achoimre). Cuirtear sainmhíniú ar leith ar fáil d’fheithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an a mhéid a bhaineann le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a chur chun cinn (IO L 120, , lgh. 5-12).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2009/33/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí