Seoltar an staidreamh a bhailíonn na Ballstáit, Lichtinstéin, an Íoslainn agus an Iorua chuig oifig staidrimh AE, Eurostat.
Bailítear staidreamh faoi na hábhair seo a leanas.
Dá éis Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 tháinig roinnt rialachán , ina leagtar amach rialacha agus nósanna imeachta níos mionsonraithe maidir le gnéithe eile a bhaineann le bailiú staidrimh sláinte.
Tá sé i bhfeidhm ón 20 Eanáir 2009.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le staidreamh Comhphobail i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus i dtaca leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair (IO L 354, 31.12.2008, lgh. 70–81).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) 2022/2294 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le staidreamh i ndáil le saoráidí cúraim sláinte, acmhainní daonna cúraim sláinte agus úsáid cúraim sláinte (IO L 304, 24.11.2022, lgh. 42–52).
Rialachán (AE) Uimh. 2021/1901 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le staidreamh maidir le caiteachas agus maoiniú cúraim sláinte (IO L 387, 3.11.2021, lgh. 110–119).
Rialachán (AE) 2018/255 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2018 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le staidreamh bunaithe ar an Suirbhé Eorpach um Agallaimh Shláinte (SEAS)(IO L 48, 21.2.2018, lgh. 12–38).
Rialachán (AE) Uimh. 2015/359 ón gCoimisiún an 4 Márta 2015 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le staidreamh maidir le caiteachas agus maoiniú cúraim sláinte (IO L 62, 6.3.2015, lgh. 6–15).
Rialachán (AE) Uimh. 141/2013 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2013 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus i dtaca leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair, i dtaca le staidreamh atá bunaithe ar an Suirbhé Eorpach um Agallamh Sláinte (IO L 47, 20.2.2013, lgh. 20–48).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) Uimh. 349/2011 ón gCoimisiún an 11 Aibreán 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus i dtaca leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair, i dtaca le staidreamh a bhaineann le tionóiscí ag an obair (IO L 97, 12.4.2011, lgh. 3–8).
Rialachán (AE) Uimh. 328/2011 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus i dtaca leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair, i dtaca le staidreamh a bhaineann le cúiseanna báis (IO L 90, 6.4.2011, lgh. 22–24).
Nuashonraithe 26.01.2023