Gné Eorpach sa spórt
ACHOIMRE AR:
Teachtaireacht (COM(2011) 12 críochnaitheach) — An Ghné Eorpach sa Spórt a Fhorbairt
Airteagal 6 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)
CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT AGUS LE HAIRTEAGAL AN CHONARTHA?
Ag baint leas as an bPáipéar Bán ar spórt 2007, leagtar amach ann liosta tionscnamh is féidir a dhéanamh ar leibhéal AE chun ról an spóirt sa tsochaí, gné eacnamaíoch an spóirt agus eagrú an spóirt a neartú.
Le hAirteagal 6 den CFAE tugtar cumhachtaí do AE gníomhaíochtaí a dhéanamh chun tacú le gníomhaíochtaí thíortha AE i réimsí amhail spórt, oideachas agus cultúr agus na gníomhaíochtaí sin a chomhordú nó a fhorlíonadh.
Príomhphointí
Cuirtear i láthair sa teachtaireacht na ceisteanna nach mór dul i ngleic leo ar leibhéal AE faoi 3 théama leathana. Tá sé beartaithe leis na tionscnaimh a dhéanfar breisluach a sholáthar trí ghníomhaíochtaí thíortha AE iad féin sa réimse spóirt a thacú agus a chomhlánú.
Ról an spóirt sa tsochaí
-
Is féidir leis an spórt cion dearfach a chur le fás, le hinfhostaitheacht saoránach agus le comhtháthú sóisialta, agus cuidiú leis an gcaiteachas ar shláinte a laghdú ag an am céanna. Mar sin féin, baineann bagairtí leis fós maidir le dópáil, foréigean agus éadulaingt, nach mór gníomh a dhéanamh ina gcoinne chun lúthchleasaithe agus saoránaigh a chosaint.
-
Cruthaítear guaiseanna tromchúiseacha ar an tsláinte poiblí le húsáid substaintí dópála, agus dá réir sin is gá dlús a chur faoin gcomhrac in aghaidh na dópála. D’iarr na príomhpháirtithe atá bainteach le hearnáil an spóirt ar AE ballraíocht a ghlacadh i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa in aghaidh na Dópála, mar sin tá dréacht-sainordú le moladh ag an gCoimisiún Eorpach chun aontachas AE a chaibidliú. Tá sé riachtanach chomh maith go ndéanfaí bearta a threisiú lena gcoisctear trádáil i substaintí dópála na líonraithe eagraithe. Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar bhealaí leis sin a dhéanamh, lena n–áirítear trí dhlí coiriúil a thabhairt isteach. Tacaíonn an Coimisiún cheana le roinnt eagraíochtaí a bhfuil ról tábhachtach acu sa chomhrac in aghaidh na dópála, amhail an Ghníomhaireacht Dhomhanda Frithdhópála. Leanfaidh sé le tacaíocht a thabhairt do líonraí trasnáisiúnta frithdhópála.
-
Níl caighdeán na gclár spóirt in institiúidí oideachais sásúil i roinnt tíortha AE. Ba cheart do chaighdeáin na n–ionad oiliúna spóirt agus a bhfoirne a bheith ard go leor chun leasanna morálta, oideachais agus gairmiúla na lúthchleasaithe a chosaint. Chun tacú le hoideachas, oiliúint agus cáilíochtaí sa spórt, déanfaidh an Coimisiún agus tíortha AE an méid seo a leanas:
-
treoirlínte AE maidir le déghairmeacha do lúthchleasaithe a dhréachtú lena n–áirithiú go soláthrófar oideachas ardchaighdeáin mar aon le hoiliúint spóirt;
-
tacaíocht a thabhairt do thagairt a dhéanamh do cháilíochtaí a bhaineann le spórt i gCreat Cáilíochtaí na hEorpa;
-
aitheantas agus bailíochtú na foghlama seachfhoirmiúla* agus na foghlama neamhfhoirmiúla*a fhaightear trí ghníomhaíochtaí spóirt a chur chun cinn.
-
Tá gá le cur chuige Eorpach chun foréigean agus éadulaingt a chosc agus a chomhrac, a bhfuil fadhbanna á gcruthú fós acu don spórt Eorpach. Dá réir sin, déanfaidh an Coimisiún agus tíortha AE socruithe slándála agus ceanglais sábháilteachta a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena gcumhdófar raon leathan disciplíní spóirt (ní chumhdaítear faoi láthair ach imeachtaí náisiúnta sacair amháin). Lena chois sin, tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht don chomhrac in aghaidh na héadulaingthe sa spórt agus spreagfaidh sé tíortha AE chun Cinneadh Réime 2008/913/CGB maidir le ciníochas agus seineafóibe a chomhrac a fhorfheidhmiú go hiomlán agus go héifeachtach.
-
Is cuid bhunúsach é an spórt chun feabhas a chur ar ghníomhaíocht choirp, rud atá ina chinntitheach riachtanach sláinte i sochaí an lae inniu. Chun an tsláinte a fheabhsú trí spórt, tá an Coimisiún agus tíortha AE ag obair ar threoirlínte náisiúnta chun daoine a spreagadh le gníomhaíocht choirp a chuimsiú ina ngnáthshaol laethúil, ar bhonn Threoirlínte Gníomhaíochtaí Coirp AE 2008. Tá difríochtaí móra idir tíortha AE i dtaca le coincheap na gníomhaíochta folláine coirp. Chun na difríochtaí sin a shárú, tacóidh an Coimisiún le tionscadail agus líonraí trasnáisiúnta sa réimse sin.
-
Is féidir cuimsiú sóisialta a fheabhsú tríd an spórt. Déanfaidh an Coimisiún agus tíortha AE an méid seo a leanas:
-
caighdeáin inrochtana don spórt a dhréachtú tríd an Straitéis Eorpach um Míchumas;
-
rannpháirtíocht na ndaoine atá faoi mhíchumas i ngníomhaíochtaí spóirt a chur chun cinn a thuilleadh;
-
tacú le tionscadail trasnáisiúnta lena gcuirtear chun cinn rochtain na mban ar an spórt agus comhtháthú sóisialta na ngrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste.
Éirim eacnamaíoch an spóirt
-
Earnáil den gheilleagar atá ag fás de shíor a chuireann le fás agus poist is ea an spórt. Tá gá le sonraí inchomparáide chun an bunús le haghaidh ceapadh beartas ar bhonn fianaise a chruthú agus chun maoiniú spóirt, go háirithe spórt neamhbhrabúis, a choimeád.
-
Tá ceapadh beartas ar bhonn fianaise riachtanach chun rialacha spóirt AE a chur chun feidhme. Soláthróidh an Coimisiún agus tíortha AE cuntais satailíte le haghaidh spóirt chun a thábhacht eacnamaíoch a thomhas. Soláthróidh an Coimisiún tacaíocht chomh maith do líonra ollscoileanna chun beartais nuálacha spóirt a chur chun cinn, chomh maith le staidéar a dhéanamh ar an bhféidearthacht go mbunófaí feidhm monatóireachta spóirt AE.
-
Ní mór maoiniú inbhuanaithe an spóirt a áirithiú. Tá cearta maoine intleachtúla (CMInna) ina bhfoinse thábhachtach ioncaim i réimse an spóirt ghairmiúil; dá réir sin déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
-
CMInna a bhreithniú ó chumhdach na n–imeachtaí spóirt i gcur chun feidhme thionscnamh an Chláir Oibre Dhigitigh (agus an straitéis maidir le margadh aonair digiteach ina dhiaidh sin);
-
staidéar a dhéanamh ar spórt an phobail, rud a chuirfidh bonn eolais faoi ghníomhaíocht amach anseo sa réimse seo.
-
Mar aon le tíortha AE, déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar an dóigh a bhféadfaí na sásraí dlúthpháirtíochta airgeadais san earnáil spóirt a neartú.
-
Go dtí seo, ní raibh ann ach cúpla cinneadh maidir le cur i bhfeidhm rialacha státchabhrach AE ar spórt. Déanfaidh an Coimisiún monatóireacht ar dhlí na státchabhrach sa réimse spóirt agus breathnóidh sé ar threoir a chur ar fáil má mhéadaíonn líon na gcásanna do státchabhair.
-
Uirlis luachmhar is ea an spórt le haghaidh forbairt réigiúnach agus infhostaitheachta. Chun tairbhe a bhaint as sin, bainfidh an Coimisiún agus tíortha AE leas iomlán as na Cistí Eorpacha Struchtúracha agus Infheistíochta chun tacú le struchtúir inbhuanaithe spóirt.
Eagrú an spóirt
-
Cuirtear taca faoi fhéinriar agus faoi fhéinrialuchán eagraíochtaí spóirt le dea-rialachas san earnáil. Chun dea-rialachas sa spórt a chur chun cinn ar an leibhéal Eorpach, formhuineoidh an Coimisiún agus tíortha AE comhchaighdeáin trí mhalartú dea-chleachtais agus trí thacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil do thionscnaimh faoi leith.
-
Lena chinntiú go gcuirfear coincheap chineál sonrach an spóirt i bhfeidhm mar is ceart, soláthróidh an Coimisiún treoir maidir le:
-
téama le téama ar an ngaol idir dlí AE agus rialacha spóirt;
-
rialacha AE a bhaineann le saorghluaiseacht agus náisiúntacht lúthchleasaithe, chun comórtais neamh-idirdhealaitheacha a eagrú i spóirt aonair ar bhonn náisiúnta;
-
rialacha aistrithe, toisc go n–ardaítear ceisteanna go minic in aistriú imreoirí faoina ndlíthiúlacht agus faoin maoiniú lena mbaineann. Bhí ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na gnéithe eacnamaíocha agus dlíthiúla a bhaineann le haistriú dá leithéid.
-
Ardaítear ceisteanna eiticiúla chomh maith faoi ghníomhaíochtaí na ngníomhairí spóirt; dá réir sin d’eagraigh an Coimisiún comhdháil chun scrúdú a dhéanamh ar bhealaí ina bhféadfaí feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí na ngníomhairí.
-
Laistigh d’earnáil an tsacair ghairmiúil, seoladh coiste Eorpach um idirphlé sóisialta in 2008. Tá sé iarrtha ag roinnt eagraíochtaí go gcruthófaí idirphlé sóisialta Eorpach don earnáil spóirt ina hiomláine, agus tá an Coimisiún ag tacú leis sin. Chun an próiseas sin a éascú, molfaidh an Coimisiún céim thástála do na comhpháirtithe sóisialta ábhartha.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Foghlaim sheachfhoirmiúil: foghlaim eagraithe, ag forbairt ar scileanna agus ar inniúlachtaí daoine aonair a bhíonn faoi stiúir múinteora go minic, ach nach bhfaightear dioplóma foirmiúil aisti.
Foghlaim neamhfhoirmiúil: foghlaim nach mbaineann curaclaim nó creidiúintí ar bith léi agus a mbíonn teaghlach nó cara bainteach léi go minic.
PRÍOMHDHOICIMÉID
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a hAon — Prionsabail — Teideal I — Catagóirí agus réimsí inniúlachta an Aontais — Airteagal 6 (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 52-53)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An Ghné Eorpach sa Spórt a Fhorbairt (críochnaitheach, 18.1.2011)
Nuashonraithe 11.06.2018