Is ar an gCoimisiún Eorpach agus ar thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) atá na conclúidí dírithe, agus cuirtear smaointe ar aghaidh iontu maidir le bearta deonacha chun feabhas a chur ar cháilíocht agus éifeachtúlacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna in AE.
Sainaithníodh 4 réimse tosaíochta sna conclúidí nach mór aghaidh a thabhairt orthu, chomh maith leis na tosaíochtaí agus na treoirlínte atá leagtha amach i bPróiseas Chóbanhávan.
In 2010, mhol an Coimisiún spreagadh úr maidir le comhar sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint lena gcuirfear lena straitéis uileghabhálach Eoraip 2020 agus leis an gCreat Straitéiseach le haghaidh Comhair Eorpaigh san Oideachas agus san Oiliúint, ar a dtugtar ET 2020, ag tabhairt a lán de na smaointe i gconclúidí 2009 ar aghaidh dá réir sin.
Déantar breac-chuntas i gcomhthuarascáil ón gComhairle agus ón gCoimisiún, a eisíodh i mí na Nollag 2015, ar thosaíochtaí AE don oideachas agus don oiliúint sa tréimhse 2016-2020.
Tuilleadh faisnéise:
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile laistigh den Chomhairle, maidir leis na tosaíochtaí todhchaí um chomhar Eorpach feabhsaithe sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint (IO C 18, , lgh. 6-10).
nuashonrú is deireanaí