Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh creataí buiséadacha na mBallstát
Leagann Treoir 2011/85/AE síos rialacha mionsonraithe maidir le creataí buiséadacha náisiúnta Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE). Tá na rialacha sin riachtanach chun a áirithiú go n-urramóidh rialtais na mBallstát ceanglais an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta agus chun dea- cheapadh beartais a chur chun cinn.
Le Treoir leasaitheach (AE) 2024/1265, cuirtear feabhas ar ról na n-institiúidí fioscacha neamhspleácha1 (IFIanna) sna creataí buiséadacha arna mbunú ag na Ballstáit agus áirítear ann ceanglais nua maidir le creataí buiséadacha chun tionchar an athraithe aeráide a léiriú.
Ceanglaíonn an treoir ar rialtais na mBallstát an méid seo a leanas a dhéanamh.
B’éigean Treoir 2011/85/AE a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin .
Ní mór Treoir leasaitheach (AE) 2024/1265 a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin .
Tá Treoir 2011/85/AE ar cheann de shé bheart reachtacha (ar a dtugtar an “sé-phaca”) a tháinig i bhfeidhm an agus a neartaíonn rialachas fioscach agus eacnamaíoch an AE.
Ina dhiaidh sin bhí an “dhá phacáiste” (Rialacháin (AE) Uimh. 473/2013 agus 472/2013), lena gcuirtear tuilleadh feabhais ar fhaireachas buiséadach sa limistéar euro. Faoi nós imeachta an tseimeastair Eorpaigh, ní mór do gach tír a úsáideann an euro a dréachtbhuiséad a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoi lár mhí Dheireadh Fómhair. Má mheastar sa Choimisiún nach leor an buiséad chun rialacha an airgeadra aonair a shásamh, féadfar iarraidh ar an tír sin a dréachtbhuiséad a leasú.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Treoir 2011/85/AE ón gComhairle an maidir le ceanglais le haghaidh creataí buiséadacha na mBallstát (IO L 306, , lgh. 41–47).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2011/85/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
nuashonrú is déanaí ar