Gníomhartha tarmligthe

Faoi Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féadfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh (AE) cumhachtaí a thabhairt — don Choimisiún — trí rialacha sonracha a inscríobhtar i ngníomh reachtach (an “bunghníomh”) chun “gníomhartha tarmligthe” a ghlacadh. Is gníomhartha neamhreachtacha iad gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach a úsáidtear chun gnéithe neamhriachtanacha na reachtaíochta a leasú nó a fhorlíonadh.

Tá cumhachtaí an Choimisiúin chun glacadh le gníomhartha tarmligthe faoi réir ag coinníollacha dochta:

Téann an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe ó Bhallstáit AE sula nglacfaidh sé gníomhartha tarmligthe. Lena chois sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó Comhairle an Aontais Eorpaigh tarmligean na cumhachta don Choimisiún a chúlghairm. Sa bhreis air sin, ní féidir gníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún teacht i bhfeidhm ach amháin mura ndéanann an Chomhairle nó an Pharlaimint aon agóid ina choinne, laistigh den spriocdháta arna leagan síos sa ghníomh bunúsach, arb é sin dhá mhí de ghnáth.

Baintear úsáid as gníomhartha tarmligthe, de ghnáth, nuair nach mór gníomhartha — a nIarscríbhinní san áireamh — a oiriúnú (go rialta) chun dul chun cinn teicniúil agus eolaíochta a thabhairt san áireamh.

FÉACH FREISIN