Taraifí fabhracha allmhairiúcháin an Aontais Eorpaigh do thíortha i mbéal forbartha
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
- In 2012, chomhaontaigh an tAontas Eorpach (AE) rialacha úra chun an scéim seo a athdhíriú, agus tá siad i bhfeidhm ó bhí 1971 ann. Déantar an córas níos trédhearcaí agus níos intuartha leo do thíortha is tairbhithe, go háirithe i bhfianaise na bpatrún trádála domhanda a bhfuil athrú tagtha orthu le deich mbliana anuas. Dírítear sa scéim anois ar na tíortha is mó gátar.
- Ní áirítear sa rialachán tíortha a bhfuil fabhair acu cheana féin faoi chomhaontuithe saorthrádála leis an AE, nó faoi shocruithe uathrialacha leis an AE (de ghnáth sealadach, go dtí go dtabharfar comhaontuithe níos cuimsithí, níos fadtéarmaí i gcrích leis an AE).
PRÍOMHPHOINTÍ
Faoi scéim AE um fhabhair tharaife ghinearálaithe (GSP) íocann tíortha i mbéal forbartha taraifí níos ísle ar a n-onnmhairí chuig AE. Cuidíonn sé sin le borradh a chur faoina ngeilleagar.
Trí shraith den scéim
- GSP caighdeánach. Déantar taraifí maidir le hearraí a allmhairítear ó thír i mbéal forbartha a laghdú nó a chur ar fionraí. Eisceacht: níl feidhm aige seo má tá an tír aicmithe ag an mBanc Domhanda mar thír ardioncaim nó ard-mheánioncaim ar feadh 3 bliana as a chéile díreach sula dtugann AE liosta na dtíortha is tairbhithe cothrom le dáta.
- GSP+ (scéim dreasachta). Taraifí níos ísle fiú do thíortha a dhaingnigh agus a chuir i bhfeidhm 27 coinbhinsiún idirnáisiúnta sonrach faoina gcumhdaítear cearta daonna agus oibre, an comhshaol agus dea-rialachas.
- Gach rud seachas airm do na tíortha is lú forbairt. Allmhairí iomlána saor ó tharaifí agus saor ó chuóta i gcás gach earra ó na tíortha is lú forbairt arna sainiú ag na Náisiúin Aontaithe, seachas airm.
Fionraí tíortha
Féadfaidh AE na taraifí níos ísle a chur ar fionraí ar chúiseanna amhail:
- sáruithe ar na príomhphrionsabail i gcoinbhinsiún i dtaca le cearta daonna agus oibre;
- cleachtais trádála mhíchothroma;
- easnaimh thromchúiseacha i rialuithe custaim (e.g. onnmhairiú drugaí nó drugaí faoi bhealach);
- Níl na coinbhinsiúin ábhartha ioncorpraithe a thuilleadh i ndlí náisiúnta tíre is tairbhí de GSP+ (ná níl an dlí sin á chur chun feidhme go héifeachtach).
Scor de réir mar a fhorbraíonn tír
- D’fhéadfadh roinnt tíortha a bheith bocht ach d’fhéadfadh siad tionscail onnmhairithe ard-iomaíocha a fhorbairt fós. Nuair a tharlaíonn sé sin, ní theastaíonn fabhair uathu níos mó chun dul i bhfód go rathúil ar mhargaí AE.
- Faoin scéim GSP dá bhrí sin, aistarraingítear fabhair ó thíortha ina bhfuil earnálacha táirgí iomaíocha ar bhonn sásra “grádúcháin”.
Níos cobhsaí agus níos intuartha
- Cuireann GSP nua tuilleadh cobhsaíochta agus intuarthachta ar fáil d’allmhaireoirí agus d’onnmhaireoirí, toisc go maireann sé 10 mbliana anois (seachas 3 bliana san am a chuaigh thart).
- Tá a fhios ag onnmhaireoirí – sa chás go ndéantar athruithe i liosta na dtairbhithe – go mbeidh idirthréimhsí 1 bhliain ar a laghad i gceist. Tá a fhios ag tíortha anois nach féidir iad a bhaint de na liostaí tairbhí ach amháin má liostaíonn na Náisiúin Aontaithe iad mar thíortha ardioncaim nó ard-mheánioncaim 3 bliana as a chéile.
Srianta sealadacha ar allmhairí
Féadfaidh an tAontas bearta cosanta (srianta sealadacha) a chur i bhfeidhm má bhíonn allmhairí ó thíortha is tairbhithe ina gcúis le deacracht thromchúiseach do tháirgeoir de chuid an Aontais, nó má tá baol ann go gcruthóidh siad an deacracht sin. Féadfaidh sé bearta faireachais a chur i bhfeidhm maidir le táirgí feirme chomh maith. Ní dhearnadh ceann ar bith de na bearta sin ó thús na scéime.
Liosta na dtíortha is tairbhithe
Tá Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 á leasú trí ghníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe chun liosta na dtíortha a thairbhíonn d’fhabhair tharaife faoi GSP+ a thabhairt cothrom le dáta. Féach an leagan comhdhlúite is déanaí.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón 20 Samhain 2012.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le cur chun feidhme na scéime um fhabhair tharaife ghinearálaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle (IO L 303, 31.10.2012, lgh. 1-82).
Rinneadh leasuithe ina dhiaidh sin ar Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Is chun críche tagartha amháin atá an leagan comhdhlúite seo.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 155/2013 gCoimisiún an 18 Nollaig 2012 lena mbunaítear rialacha a bhaineann leis an nós imeachta chun an socrú speisialta dreasachta um fhorbairt inbhuanaithe agus dea-rialachas a dheonú faoi Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe (IO L 48 an 21.2.2013, lgh. 5-7).
Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1083/2013 gCoimisiún an 28 Lúnasa 2013 lena mbunaítear rialacha a bhaineann leis an nós imeachta maidir le fabhair tharaife a tharraingt siar ar bhonn sealadach agus beart cosanta ginearálta a ghlacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe (IO L 293 an 5.11.2013, lgh. 16-21).
Rialachán (AE) Uimh. 607/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/97 ón gComhairle lena n-aistarraingítear rochtain Maenmar/Bhurma ar fhabhair taraife ghinearálaithe go sealadach (IO L 181, 29.6.2013, lgh. 13-14).
Nuashonraithe 03.02.2022