Coisteolaíocht

Tagraíonn an téarma “coisteolaíocht” don tsraith nósanna imeachta trína bhfeidhmíonn an Coimisiún Eorpach na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt dó ag reachtóir an Aontais Eorpaigh (AE), le cabhair ó choistí ionadaithe ó Bhallstáit AE.

Faoi Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féadfaidh reachtóir Aontais Eorpaigh cumhacht a thabhairt don Choimisiún “gníomhartha cur chun feidhme” a ghlacadh trí rialacha sonracha a chuirtear leis an ngníomh reachtach (an “bunghníomh”). Déantar é seo nuair is gá coinníollacha aonfhoirmeacha a chur i bhfeidhm chun dlí AE a chur chun feidhme, in ionad ligean do gach Ballstát é a chur i bhfeidhm leis féin ar bhealach a d’fhéadfadh a bheith éagsúil.

Tá na rialacha praiticiúla agus na prionsabail ghinearálta atá le leanúint maidir le coisteolaíocht leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 (an “rialachán maidir le coisteolaíocht”). Dá réir sin, téann an Coimisiún i gcomhairle le coiste ina gcuimsítear ionadaithe ó na Ballstáit go léir agus faoi chathaoirleacht an Choimisiúin maidir le dréachtghníomhartha cur chun feidhme. Úsáideann na coistí sin dhá chineál nós imeachta:

Tá difríochtaí idir na nósanna imeachta sin maidir lena rialacha vótála agus maidir leis an dóigh a n–imríonn a vótaí tionchar ar fhéidearthachtaí an Choimisiúin an gníomh cur chun feidhme lena mbaineann a ghlacadh. Is é reachtóir AE a roghnaíonn an nós imeachta maidir le gníomh ar leith, agus braitheann sé ar chineál na gcumhachtaí cur chun feidhme atá leagtha síos sa bhunghníomh (rialachán, treoir nó cinneadh).

FÉACH FREISIN