Gníomhú ar son na haeráide

Baineann gníomhú ar son na haeráide le hiarrachtaí a dhéanamh an t-athrú aeráide agus a thionchair a chomhrac. Is éard atá i gceist leis na hiarrachtaí sin ná astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú (maolú na haeráide) agus/nó gníomh a dhéanamh chun ullmhú le haghaidh iarmhairtí reatha an athraithe aeráide agus le haghaidh na dtionchar atá tuartha agus oiriúnú dóibh (oiriúnú don aeráid).

Ó na 1990í i leith, tá an tAontas Eorpach chun tosaigh in idirbheartaíocht idirnáisiúnta ar an athrú aeráide agus bhí ról tábhachtach aige i bhforbairt Chreat–Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus Prótacal Kyoto, agus idirbheartaíocht Phrótacal Kyoto agus Chomhaontú Pháras.

Ionas nach sroichfidh an t-athrú aeráide leibhéil chontúirteacha, d’aontaigh an comhphobal idirnáisiúnta go gcaithfear an téamh domhanda a choinneáil i bhfad faoi 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus féachaint leis an méadú ar an teocht a theorannú go 1,5 °C. Tá an tAontas Eorpach ag obair go crua lena astaíochtaí a laghdú agus truaillitheoirí eile a spreagadh chun gníomh a dhéanamh.

Tá an tAontas Eorpach ar an mbóthar ceart cheana lena sprioc maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú le haghaidh 2020, agus chuir an Coimisiún plean ar aghaidh chun astaíochtaí a laghdú 55 % eile ar a laghad faoi 2030. Tá sé mar aidhm ag an Aontas Eorpach bheith aeráidneodrach faoi 2050.

Tá gníomhú ar son na haeráide, agus go háirithe laghdú na n—astaíochtaí gás ceaptha teasa, ina phríomhghné sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Áirítear iad seo a leanas ar na thionscnaimh faoin gComhaontú Glas:

FÉACH FREISIN