Iomaíocht san iompar d’iarnród, de bhóthar agus d’uiscebhealach intíre

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 169/2009 — rialacha iomaíochta maidir le hiompar d’iarnród, de bhóthar agus d’uiscebhealach intíre

Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) — rialacha a bhaineann le cuideachtaí: iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh

Airteagal 102 CFAE — rialacha a bhaineann le cuideachtaí: mí-úsáid ag cuideachtaí a bhfuil ceannasacht acu

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN AGUS LE HAIRTEAGAL 101 AGUS AIRTEAGAL 102 DEN CFAE?

Leagtar amach sa rialachán rialacha iomaíochta AE de réir mar a bhaineann siad le hiompar d’iarnród, de bhóthar agus d’uiscebhealaí intíre.

Le hAirteagal 101 agus Airteagal 102 den CFAE toirmisctear comhaontuithe frithiomaíochta agus cleachtais chomhbheartaithe idir gnólachtaí, chomh maith le mí-úsáid as ceannasacht*.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 169/2009 maidir le comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe a bhfuil an méid seo a leanas mar aidhm nó mar éifeacht leo:

Eisceacht le haghaidh comhaontuithe teicniúla

Níl feidhm ag an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 101(1) den CFAE, áfach, maidir le comhaontuithe, cinntí nó cleachtais chomhbheartaithe lena bhfuil sé d’aidhm nó d’éifeacht leo feabhsuithe teicniúla a chur i bhfeidhm nó comhar teicniúil a bhaint amach trí:

Díolúine le haghaidh grúpaí gnólachtaí beaga agus meánmhéide

Ceadaítear díolúine sa rialachán maidir le grúpaí gnólachtaí beaga agus meánmhéide, i gcás:

Mar sin féin, mura luíonn éifeachtaí cur chun feidhme comhaontuithe, cinntí nó cleachtas comhbheartaithe le hAirteagal 101(3) den CFAE, d’fhéadfadh sé go n–iarrfadh ar ghnólachtaí deireadh a chur leis na héifeachtaí sin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 25 Márta 2009.

Le Rialachán (CE) Uimh. 169/2009 códaítear agus aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1017/68 seachas Airteagal 13(3) den rialachán sin, a bhfuil feidhm leis fós maidir le cinntí arna nglacadh faoi Airteagal 5 den rialachán sin roimh an 1 Bealtaine 2004, go dtí go n–éagfaidh na cinntí sin.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Mí-úsáid as ceannasacht: i gcás go bhfuil staid láidir eacnamaíoch ag gnólacht agus go dtagann sé i dtír ar an staid sin i ndáil lena iomaitheoirí agus/nó le tomhaltóirí. Áirítear ar shamplaí bheith ag díol ar phraghsanna atá chomh íseal sin nach féidir le hiomaitheoirí níos lú iad a mheaitseáil.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (CE) Uimh. 169/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 lena gcuirtear i bhfeidhm rialacha iomaíochta ar iompar d’iarnród, de bhóthar agus d’uiscebhealach intíre (Leagan códaithe) (IO L 61, 5.3.2009, lgh. 1-5)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 101 (iar-Airteagal 81 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 88-89)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 102 (iar-Airteagal 82 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 89)

Nuashonraithe 06.03.2018