Caitheamh tobac a chosc

ACHOIMRE AR:

Mholadh ón gComhairle maidir le caitheamh tobac a chosc agus maidir le tionscnaimh chun feabhas a chur ar rialú tobac

CAD A DHÉANTAR SA MHOLADH?

Spreagtar tíortha AE ann chun sraith beart reachtach agus/nó beart eile a chur i bhfeidhm chun daoine, go háirithe daoine óga, a dhíspreagadh ó thosú ag caitheamh tobac. Áirítear orthu sin rialuithe maidir le tobac a dhíol agus maidir lena fhógraíocht agus lena chur chun cinn.

PRÍOMHPHOINTÍ

CÚLRA

Caitheann ceathrú (26 %) d’Eorpaigh tobac. Is é caitheamh tobac an chúis aonair is mó le bás agus galar inchoiscthe in AE agus tarlaíonn thart ar 700 000 bás a bhaineann le caitheamh tobac gach bliain.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach “Beartas ar thobac” ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

GNÍOMH

Moladh ón gComhairle an maidir le caitheamh tobac a chosc agus maidir le tionscnaimh chun feabhas a chur ar rialú tobac (IO L 22, , lgh. 31-34)

nuashonrú is deireanaí