Soithí iascaireachta — sláinte agus sábháilteacht na n-oibrithe ar bord

ACHOIMRE AR:

Treoir 93/103/CE — maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte d’obair ar bord long iascaireachta

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Déantar breac-chuntas inti ar na beartais agus na freagrachtaí a bheartaítear chun feabhas a chur ar shláinte agus ar shábháilteacht ar bord soithí iascaireachta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór d’úinéirí soithí iascaireachta a chinntiú nach gcuirtear sábháilteacht agus sláinte oibrithe i gcontúirt lena n-úsáid, ag cur san áireamh dálaí aimsire intuartha. Faoi théarmaí Threoir 89/391/CEE, chomh maith leis sin, ní mór dóibh guaiseacha a chur san áireamh a bhíonn le sárú ag na hoibrithe a fhanann siar nuair a fhágann a gcomh-oibrithe a stáisiúin oibre chun freagairt a thabhairt ar chásanna dainséaracha.

B’éigean do shoithí iascaireachta úra agus deisiúcháin agus athruithe móra ar shoithí a bhí ann cheana cloí leis na híoscheaglais sábháilteachta agus sláinte faoin , agus bhí 7 mbliana eile ag soithí a bhí ann cheana le cloí leo.

Ní mór tarluithe ar bith ar muir a théann i gcion ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ar bord a thuairisciú leis na húdaráis ábhartha agus i dtáscleabhar na loinge.

Ní mór do thíortha AE a chinntiú go ndéanann údaráis a bhfuil cumhacht shonrach acu soithí a sheiceáil ar bhonn rialta chun comhlíonadh na treorach a chinntiú.

Oibleagáidí úinéirí

Ní mór d’úinéirí a chinntiú go bhfuil a soithí agus a bhfeistis agus a dtrealamh glan agus go bhfuil bail mhaith orthu agus ní mór dóibh cloí leis na ceanglais mhionsonraithe atá liostaithe sna hiarscríbhinní a ghabhann leis an treoir sna réimsí seo a leanas:

Ba cheart trealamh éigeandála agus marthanais imleor agus oiriúnach a choinneáil ar bord.

Oiliúint agus comhairliúchán

Ba cheart na hoibrithe a choinneáil ar an eolas faoi na beartais uile sláinte agus sábháilteachta agus ba cheart dóibh a bheith oilte mar is iomchuí, go háirithe i gcosc timpistí agus úsáid an trealaimh tarrthála agus marthanais. Ba cheart oiliúint bhreise a bheith ag duine ar bith ar dhócha go mbeadh siad i gceannas maidir le tinneas agus timpistí ceirde, cobhsaíocht agus cothabháil an tsoithigh faoi na dálaí oibriúcháin intuartha uile, agus loingseoireacht agus cumarsáid raidió.

Ba cheart dul i gcomhairle le hoibrithe, nó a n-ionadaithe, maidir le bearta sábháilteachta agus sláinte de réir Threoir 89/391/CEE. Ba cheart na hacmhainní a thabhairt d’ionadaithe chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh, lena n-áirítear am saor gan pá a chailleadh, agus níor cheart pionós a ghearradh orthu mar gheall orthu. Ba cheart don deis a bheith acu chomh maith lena dtuairimí a chur isteach le linn cuairteanna cigireachta faoi théarmaí rannpháirtíochta oibrithe arna leagan amach i dTreoir 89/391/CEE.

Cur chun feidhme

Ní mór do thíortha AE tuarascáil a thabhairt don Choimisiún Eorpach gach 5 bliana maidir le cur chun feidhme praiticiúil na treorach, lena n-áirítear dearcthaí na bhfostaithe agus na n-oibrithe.

I dtuarascáil 2009 ón gCoimisiún déantar measúnú ar chur chun feidhme praiticiúil na treorach seo, agus threoir 1992 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte i dtaca le cóir leighis níos fearr ar soithí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón . Bhí sé le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 93/103/CE ón gComhairle an maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte d’obair ar bord long iascaireachta (an tríú Treoir aonair déag laistigh de bhrí Airteagal 16 (1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 307, , lgh. 1-17)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 93/103/CE a chorprú isteach sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí