Éifeachtúlacht agus cothromas i gcórais AE don oideachas agus don oiliúint

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COM(2006) 481críochnaitheach) — Éifeachtúlacht agus cothromas i gcórais Eorpacha don oideachas agus don oiliúint

Airteagal 9 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)

Airteagal 165 de CFAE

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT AGUS LE HAIRTEAGAIL AN CHONARTHA?

PRÍOMHPHOINTÍ

Oideachas réamh-bhunscoile: Ag díriú ar an bhfoghlaim ag aois luath

Bunoideachas agus meánoideachas: feabhas a chur ar cháilíocht an oideachais bhunaidh do chách

Ardoideachas: feabhas a chur ar infheistíocht agus rannpháirtíocht á leathnú

Gníomh AE

CÚLRA

Tá éifeachtúlacht agus cothromas lárnach maidir le cuspóirí AE a chomhlíonadh sna bearta atá déanta aige chun fás agus poist a chur chun cinn amhail Clár Liospóin agus an straitéis Eoraip 2020 níos déanaí.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Éifeachtúlacht: an gaol idir ionchuir agus aschuir i bpróiseas. Beidh córais éifeachtúil má tháirgeann na hionchuir an t–aschur uasta. Le córais oideachais tomhaistear éifeachtúlacht de ghnáth trí thrialacha agus trí scrúduithe, agus tomhaistear a n–éifeachtúlacht i dtaca leis an tsochaí i gcoitinne agus leis an ngeilleagar trí rátaí príobháideacha agus sóisialta sochair.
  2. Cothromas: a mhéad is féidir le daoine aonair leas a bhaint as deiseanna, rochtain, láimhseáil agus torthaí oideachais agus oiliúna. Le córais chothroma oideachais áirithítear nach mbraithfidh torthaí ar chúlra socheacnamaíoch agus ar thosca eile i míbhuntáiste oideachasúil amhail inscne, stádas mionlaigh eitnigh, míchumas agus éagothromaíochtaí réigiúnacha, agus go gcuirfear riachtanais shonracha foghlama daoine aonair san áireamh iontu.
  3. Rianú: leanaí a idirdheighilt i scoileanna ar leith ar bhonn a gcumais roimh 13 bliana d’aois. Cé nach gá go mbainfeadh sé le deighilt i rianta acadúla agus gairmoiliúna, i ngníomh is amhlaidh an cás de ghnáth. Ní chuimsítear sruthú sa sainmhíniú sin, a bhaineann leis an gcuraclam a shaincheapadh do ghrúpaí éagsúla leanaí ar bhonn cumais, ach laistigh den scoil chéanna.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a hAon — Prionsabail — Teideal II — Forálacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo — Airteagal 9 (IO C 202, , lch. 53)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal XII — Oideachas, gairmoiliúint, an óige agus spórt — Airteagal 165 (iar-Airteagal 149 CCE) (IO C 202, , lgh. 120-121)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa — Éifeachtúlacht agus cothromas i gcórais Eorpacha don oideachas agus don oiliúint (COM(2006) 481 críochnaitheach, )

nuashonrú is deireanaí