Córas chun cáilíochtaí gairmiúla a aithint

ACHOIMRE AR:

Treoir 2005/36/CE maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

PRÍOMHPHOINTÍ

Soghluaisteacht shealadach

Bunaíocht bhuan

Déantar foráil sa treoir i leith trí chóras aitheantais cáilíochtaí:

  1. aitheantas uathoibríoch do ghairmeacha a bhfuil a gcoinníollacha oiliúna íosta comhchuibhithe go pointe áirithe ar leibhéal AE: dochtúirí, altraí atá freagrach as cúram ginearálta, fiaclóirí, tréidlianna, cnáimhseacha, cógaiseoirí agus ailtirí;
  2. aitheantas uathoibríoch le haghaidh gairmeacha áirithe bunaithe ar a dtaithí ghairmiúil: gairmithe i gceardaíocht, ceirdeanna agus tionscal;
  3. an córas ginearálta do na gairmeacha thuasluaite nach gclúdaíonn an córas aitheantais uathoibríoch bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh cáilíochtaí.

Tá feidhm ag an gcóras ginearálta freisin maidir leis na gairmeacha rialáilte eile ina ndeonaítear rochtain d’aon duine ar féidir leis nó léi a thaispeáint go bhfuil sé nó sí láncháilithe ina thír nó ina tír bhaile.

Mar sin féin, má aimsíonn údaráis na tíre ósta difríochtaí suntasacha idir an oiliúint a fhaightear i dtír bhaile an duine aonair agus an oiliúint a theastaíonn don ghníomhaíocht chéanna ina dtír féin, féadfaidh siad tréimhse oiriúnaithe nó tástáil inniúlachta a thairiscint don duine aonair. Caithfear taithí ghairmiúil an iarratasóra a chur san áireamh agus breithniú á dhéanamh ar fhorchur agus ar mhéid na mbeart cúitimh sin.

Páirt–rochtain

Seiceálacha teanga

Cárta Eorpach gairmiúil

Rochtain ar fhaisnéis agus nósanna imeachta ar líne

Gníomharthacur chun feidhme agus tarmligthe

In 2015, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/983, lena leagtar amach an nós imeachta maidir leis an méid seo a leanas:

In 2020, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1190 lena gceartaítear Rialachán (AE) 2015/983 agus lena soiléirítear go ndéanfaidh údarás ábhartha an Bhallstáit baile cinneadh maidir le síneadh a chur le CGEanna sealadacha a eisítear tar éis na réamhsheiceála ar cháilíochtaí faoi Airteagal 7(4) den treoir.

Ghlac an Coimisiún cinntí tarmligthe freisin lena leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2005/36/CE agus lena nuashonraítear liosta na fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla agus cúrsaí oiliúna a aithnítear go huathoibríoch.

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/907 lena mbunaítear comhthástáil oiliúna do theagascóirí sciála, cruthaíodh scéim bhreise dheonach um aitheantas uathoibríoch do theagascóirí sciála ar fud an Aontais in 2019. Teagascóirí sciála nach gcumhdaítear leis an gcomhthástáil oiliúna, baineann siad tairbhe fós as an gcóras ginearálta maidir le haitheantas frithpháirteach cáilíochtaí a leagtar amach sa treoir.

Paindéim COVID-19

Tar éis ráig phaindéim COVID-19, agus tar éis bearta a thabhairt isteach chun dul i ngleic le tionchar na géarchéime, ghlac an Coimisiún teachtaireacht ina raibh treoirlínte maidir le cúnamh éigeandála an Aontais maidir le comhar trasteorann i gcúram sláinte a bhaineann le géarchéim COVID-19.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

CÚLRA

De réir mar a thiteann an daonra in aois oibre i roinnt mhaith Ballstát, is dócha go dtiocfaidh méadú ar an éileamh ar dhaoine ardcháilithe, mar sin ba cheart a gcáilíochtaí a aithint ar fud an Aontais ar bhealach tapa, simplí agus iontaofa.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, , lgh. 22-142).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2005/36/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí