I ndiaidh na Comhairle Eorpaigh i Liospóin in 2000, tá sé mar aidhm leis an moladh seo tacaíocht a thabhairt do shaorghluaiseacht sa réimse oideachais agus oiliúna. Iarrtar ann ar thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) na bearta is gá a dhéanamh chun soghluaisteacht mac léinn, múinteoirí agus ball foirne oiliúna laistigh den Aontas Eorpach a spreagadh.
PRÍOMHPHOINTÍ
Iarrtar sa mholadh ar thíortha AE réidh a fháil le bacainní dlíthiúla, riaracháin, teangeolaíocha agus cultúrtha ar dhaoine:
atá i mbun staidéir nó oiliúna;
ag oibriú go deonach; nó
ag teagasc nó ag cur oiliúint ar fáil;
i dtír AE eile.
Tá siad seo a leanas i measc na gceisteanna, na n-aidhmeanna agus na moltaí a cuireadh ar aghaidh:
an sprioc chun dhá theanga AE ar a laghad a fhoghlaim, agus a bheith ullmhaithe ón taobh teangeolaíoch agus cultúrtha roimh thaisteal;
feasacht ar shaoránacht AE a chur chun cinn i measc daoine óga, chomh maith le meas ar dhifríochtaí;
rochtain éasca ar fhaisnéis faoi dheiseanna i dtíortha AE eile;
tacaíocht airgeadais (deontais, scoláireachtaí, fóirdheontais, iasachtaí, etc.) a éascú agus a shimpliú;
cúnamh a thabhairt le costais iompair, cóiríocht, béilí agus rochtain ar acmhainní cultúrtha ar an mbonn céanna le saoránaigh na dtíortha aíochta; agus
feasacht níos fearr maidir le teidlíochtaí airgeadais agus clúdach cómhalartach slándála sóisialaí.
Bearta a bhaineann go sonrach le mic léinn nó leo siúd atá i mbun oiliúna
mic léinn a spreagadh chun cuid dá staidéir a dhéanamh i dtír AE eile agus aithint acadúil tréimhsí staidéir a dhéantar idir tíortha a éascú;
samhlacha níos soiléire do theastais oiliúna a spreagadh, mar shampla, trí aistriúcháin agus pointí faisnéise láraithe a sholáthar;
a chur ar chumas mac léinn a thaispeáint ar mhodh níos éasca go bhfuil clúdach sláinte nó acmhainní airgeadais acu chun ceadanna cónaí a fháil; agus
comhtháthú agus tacaíocht mac léinn laistigh de chóras oideachais na tíre aíochta a éascú, chomh maith lena n-athimeascadh ina dtír baile.
Bearta a bhaineann le saorálaithe óga
a chinntiú go mbreithnítear ar chineál sonrach na gníomhaíochta deonaí i gceiseanna dlíthiúla agus riaracháin;
a chur chun cinn go dtabharfar isteach teastas rannpháirtíochta ag féachaint d’fhormáid choiteann AE d’iarratais ar phoist; agus
idirdhealú i gcoinne na saorálaithe atá i dteideal cosanta sóisialta a sheachaint.
Bearta a bhaineann le múinteoir agus oiliúnóirí
breathnú ar fhadhbanna a bhaineann le soghluaisteacht mar thoradh ar roinnt reachtaíochta náisiúnta agus comhar a spreagadh;
múinteoirí agus oiliúnóirí ar shoghluaisteacht a ionadú go sealadach;
comhtháthú san fhoras aíochta a éascú;
tréimhsí oiliúna Eorpacha a thabhairt isteach chun soghluaisteacht a éascú;
gné Eorpach sa ghairm a spreagadh trí ábhar na gclár oiliúna, agus trí theagmháil agus malartuithe idir forais; agus
taithí ar shoghluaisteacht Eorpach a chur chun cinn mar chomhpháirt ghairme.
Iarrtar ar thíortha AE tuarascáil a dhréachtú gach 2 bhliain ar an mbeart a rinneadh mar fhreagairt ar na moltaí sin.
CÚLRA
Bhí feidhm ag na moltaí atá léirithe i dtosach maidir le cláir AE amhail Socrates (oideachas), Leonardo da Vinci (gairmoiliúint) agus an Óige, agus tá siad sin ar fad ina gcuid anois den chlár Erasmus+, agus forlíontar bearta leo a thagann faoi ET 2020 anois faoina gcumhdaítear comhar san oideachas, san oiliúint agus san fhoghlaim ar feadh an tsaoil.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Moladh 2001/613/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le soghluaisteacht laistigh den Chomhphobal do mhic léinn, daoine i mbun oiliúna, saorálaithe, múinteoirí agus oiliúnóirí (IO L 215, , lgh. 30-37)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Moladh ón gComhairle an — “An Óige ag Gluaiseacht” — soghluaisteacht foghlama daoine óga a chur chun cinn (IO C 199, , lgh. 1-5).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: An Óige ag Gluaiseacht — Tionscnamh chun cumas daoine óga a spreagadh chun fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach a bhaint amach san Aontas Eorpach (COM(2010) 477 final, )
Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le Córas Creidmheasa Eorpach don Ghairmoideachais agus don Ghairmoiliúint a bhunú (ECVET) (IO C 155, , lgh. 11-18)
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile laistigh den Chomhairle an maidir le feabhas a chur ar oideachas do mhúinteoirí (IO C 300, , lgh. 6-9).
Cinneadh Uimh. 2241/2004/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le creat aonair Comhphobail do thrédhearcacht cáilíochtaí agus inniúlachtaí (Europass) (IO L 390, , lgh. 6-20)