Bunaítear le Treoir 2004/113/CE creat chun an t–idirdhealú inscne uile a chomhrac maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach san Aontas Eorpach (AE).
Le Treoir leasaitheach (AE) 2024/1499, tugtar isteach íoscheanglais do chomhlachtaí comhionannais, lena n–áirítear iad siúd a oibríonn i réimse na córa comhionainne idir fir agus mná maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí.
Tá feidhm ag an treoir maidir le hearraí agus seirbhísí a chuirtear ar fáil don phobal, beag beann ar chúinsí pearsanta fhaighteoir na seirbhíse, agus a chuirtear ar fáil lasmuigh de réimsí príobháideacha agus teaghlaigh. Léirítear sa téarma "seirbhísí" anseo seirbhísí a chuirtear ar fáil mar chúiteamh ar luach saothair.
Níl feidhm ag an treoir maidir le hábhar meán nó fógraíochta nó maidir le hoideachas.
Leis an treoir cuirtear toirmeasc ar:
Ní féidir glacadh le cóir dhifreálach ach amháin má thugtar údar léi le cuspóir dlisteanach amhail íospartaigh na mí–úsáide gnéis a chosaint (e.g. tearmainn ban a chruthú), saoirse comhlachais a áirithiú (e.g. ballraíocht i gclubanna príobháideacha fear agus ban) nó gníomhaíochtaí spóirt fear agus ban a eagrú. Ní mór teorainn ar bith a bheith cuí agus riachtanach.
Ní chuirtear cosc le prionsabal na córa comhionainne ar ghníomh dearfach a dhéanamh chun éagothroime inscne sa réimse earraí agus seirbhísí a chosc nó a chúiteamh.
Ní bhunaítear leis an treoir ach íoscheanglais, ionas go mbeidh Ballstáit AE ábalta leibhéil chosanta níos airde nó níos fairsinge a choimeád más mian leo.
Cuirtear toirmeasc leis an treoir ar inscne a chur san áireamh agus préimheanna árachais agus sochair i gcomhaontuithe árachais a síníodh i ndiaidh an á ríomh. Cuireadh an rogha ar fáil léi, ina ainneoin sin, do na Ballstáit gan an toirmeasc sin a chur i bhfeidhm i gcásanna ina raibh inscne ina thoisc chinntitheach i measúnú riosca agus bunaithe ar shonraí ábhartha achtúireacha agus staidrimh.
Dhearbhaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, áfach, ina rialú ar chás Test-Achats (C-236/09), go raibh an maolú ó phrionsabal na córa comhionainne lena raibh na Ballstáit ábalta idirdhealú a dhéanamh idir fir agus mná maidir le préimheanna agus sochair árachais neamhbhailí, le héifeacht ón . Maidir le gach comhaontú nua a síníodh ón dáta sin, tá feidhm ag taraif mheasctha maidir leis an earnáil árachais. D’fhonn cur chun feidhme rialú na Cúirte a éascú, ghlac an Coimisiún Eorpach treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm na treorach ar an earnáil árachais. I gcás ar bith, níor cheart go n–eascródh difríochtaí i dtéarmaí préimheanna agus sochair as na costais a bhaineann le toircheas agus le máithreachas.
Le Treoir leasaitheach (AE) 2024/1499, soiléirítear ról na gcomhlachtaí atá ainmnithe ar an leibhéal náisiúnta chun cóir chomhionann a chur chun cinn agus chun idirdhealú a chomhrac (comhlachtaí comhionannais). Leagtar síos léi na híoscheanglais nach mór do na Ballstáit a chur chun feidhme maidir le ról agus oibriú na gcomhlachtaí sin, lena n–áirítear conas is ceart dóibh cuidiú le híospartaigh i ndiaidh dóibh a ngearán a fháil. Maidir leis na comhlachtaí sin:
Faoi Threoir leasaitheach (AE) 2024/1499, ní mór do na Ballstáit freisin:
Ceanglaítear leis an treoir ar Bhallstáit a áirithiú go bhfuil rochtain ag íospartaigh ar nós imeachta breithiúnach agus/nó riaracháin lena gcearta a chosaint, agus gur féidir le híospartaigh an sásamh nó an cúiteamh cuí a fháil.
Tá comhlachais, eagraíochtaí agus daoine dlítheanacha eile a bhfuil leas dlisteanach acu ábalta páirt a ghlacadh chomh maith i nós imeachta breithiúnach agus/nó riaracháin ionas go mbeidh íospartaigh ábalta a gcearta a chosaint agus sásamh nó cúiteamh a fháil.
Nuair a thacaíonn fíricí a chuirtear os comhair binse leis an toimhde go bhfuil idirdhealú ann, ní mór don chosantóir a bheith ábalta a chruthú nár sáraíodh prionsabal na córa comhionainne (diúltú don chúiseamh).
Ní mór do na Ballstáit smachtbhannaí a chur i bhfeidhm i gcás sáraithe ar phrionsabal na córa comhionainne.
B’éigean Treoir 2004/113/CE a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin .
Beidh feidhm ag na rialacha a tugadh isteach faoi Threoir leasaitheach (AE) 2024/1499 ón .
Tá comhionannas idir fir agus mná ina phrionsabal bunúsach de chuid an Aontais, arna leagan síos in Airteagal 2 agus in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Le hAirteagal 19 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, soláthraítear bunús dlíthiúil don Aontas chun gach cineál idirdhealaithe a chomhrac.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Treoir 2004/113/CE an lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí (IO L 373, , lgh. 37-43).
an nuashonrú deireanach