Comhiomarcaíochtaí: faisnéis agus comhairliúchán foirne
ACHOIMRE AR:
Threoir 98/59/CE ón gComhairle maidir le chomhchuibhiú dhlíthe na dtíortha AE a bhaineann le comhiomarcaíochtaí
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
-
Éilítear sa treoir ar fhostóirí dul i gcomhairle le hionadaithe foirne agus iad a chur ar an eolas i gcás comhiomarcaíochtaí*.
-
Sonraítear sa treoir na pointí atá le cumhdach sna comhairliúcháin sin agus an fhaisnéis atá le cur ar fáil ag an bhfostóir.
-
Leagtar amach sa treoir freisin rialacha nós imeachta na gcomhiomarcaíochtaí.
PRÍOMHPHOINTÍ
Ní bhaineann an treoir le:
-
comhiomarcaíochtaí faoi chonarthaí fostaíochta a thugtar chun críche ar feadh tréimhsí ama teoranta nó le haghaidh tascanna sonracha, ach amháin má tharlaíonn na comhiomarcaíochtaí sin roimh dháta éaga nó críochnaithe na gconarthaí;
-
hoibrithe atá fostaithe ag comhlachtaí riaracháin phoiblínó ag gnólachtaí atá á rialú ag dlí poiblí.
Ina theannta sin, tá cearta na bhfostóirí, nuair a thagann athrú ar úinéireacht ghnó nó nuair a théann gnó i bhfiacha, cumhdaithe ag rialacha eile an Aontais Eorpaigh (AE).
Comhairliúcháin
Má tá fostóir ag smaoineamh ar chomhiomarcaíochtaí, caithfidh sé/sí dul i gcomhairle le hionadaithe na n-oibrithe in am agus i dtráth chun iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú. Ní mór na rudaí seo a leanas agus modhanna chun iad a chur i gcrích ar a laghad a phlé sna comhairliúcháin:
-
comhiomarcaíochtaí a sheachaint nó líon na n-oibrithe a bheidh i gceist a laghdú; agus
-
na torthaí a laghdú trí bhearta sóisialta gaolmhara, bearta ina ndírítear go sonrach ar chúnamh chun na hoibrithe a chuirtear ar iomarcaíocht a athlonnú nó athoiliúint a chur orthu.
Cuireann Comhairle Fostaithe na hEorpa le cearta chun faisnéise na n-oibrithe agus le comhairliúchán trasnáisiúnta i gcuideachtaí atá ag feidhmiú ar fud AE.
An fhaisnéis atá le cur ar fáil ag an bhfostóir
Is féidir le tíortha AE bearta a chur i bhfeidhm a chuireann ar chumas ionadaithe na n-oibrithe iarraidh ar sheirbhísí saineolaithe, i gcomhréir le rialacha náisiúnta. Ní mór don fhostóir an fhaisnéis chuí go léir a chur ar fáil d’ionadaithe na n-oibrithe, le linn na gcomhairliúchán, agus na rudaí seo a leanas a chur in iúl dóibh i scríbhinn:
-
na cúiseanna atá leis na hiomarcaíochtaí;
-
cathain a tharlóidh na hiomarcaíochtaí;
-
líon agus catagóirí na n-oibrithe a fhostaítear de ghnáth;
-
líon agus catagóirí na n-oibrithe atá le cur ar iomarcaíocht;
-
na critéir a úsáidtear chun na hoibrithe atá le cur ar iomarcaíocht a roghnú;
-
an modh a úsáidtear chun cúiteamh a ríomh (más infheidhme).
Nós imeachta na gcomhiomarcaíochtaí
Ní mór don fhostóir an nós imeachta seo a leanas a leanúint:
-
Comhiomarcaíochtaí beartaithe achur in iúli scríbhinn don údarás inniúil poiblí . Ní mór don fhaisnéis ábhartha go léir, a bhaineann leis na comhiomarcaíochtaí beartaithe agus leis na comhairliúcháin a tionóladh, a bheith curtha san áireamh san fhógra seo. Ní gá an modh a úsáideadh chun cúiteamh a ríomh a chur san áireamh.
-
Má oibríonn na fostaithe ar long farraige, ní mór don fhostóir na húdaráis sa tír ina bhfuil an long cláraithe a chur ar an eolas faoi na comhiomarcaíochtaí beartaithe.
-
Cóip den fhógra achur ar aghaidhchuig ionadaithe na bhfostóirí. Is féidir leis na hionadaithe sin barúlacha a chur faoi bhráid an údaráis phoiblí inniúil ansin .
-
Bíonn éifeacht ag comhiomarcaíochtaí — ar a luaithe — 30 lá i ndiaidh an fhógra; úsáideann an t-údarás inniúil poiblí an tréimhse sin chun réitigh a lorg.
-
Is féidir le tíortha AE cumhacht a thabhairt don údarás poiblí chun an tréimhse sin a laghdú nó chun í a shíneadh suas go dtí 60 lá i ndiaidh an fhógra, sna cásanna nach féidir na fadhbanna a réiteach laistigh den tréimhse thosaigh. Is féidir cumhachtaí níos leithne a dheonú chun síneadh ama a chur leis an tréimhse sin.
-
Ní mór aon síneadh ama, agus na cúiseanna atá leis, a chur in iúl don fhostóir, sula dtiocfaidh deireadh leis an tréimhse thosaigh.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá sí i bhfeidhm ón 1 Meán Fómhair 1998.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
* PRÍOMHTHÉARMAÍ
Comhiomarcaíochtaí: nuair a dhéanann fostóir cinneadh grúpa fostaithe a leagan as foirne.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 98/59/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhiomarcaíochtaí (IO L 225, 12.8.1998, lgh. 16-21)
Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Threoir 98/59/CE. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.
Nuashonraithe 04.12.2016