Tá sé mar aidhm le Rialachán (AE) 2024/1689 forbairt agus glacadh córas intleachta saorga (IS) atá sábháilte agus iontaofa ar fud mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh (AE) a spreagadh san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí, agus sláinte agus sábháilteacht shaoránaigh an Aontais á áirithiú agus urraim á tabhairt do chearta bunúsacha. Leagtar amach leis an rialachán rialacha bunaithe ar thorthaí maidir leis an méid seo a leanas:
córas IS áirithe a chur ar an margadh, a chur i seirbhís agus a úsáid;
cosc a chur ar chleachtais áirithe IS;
ceanglais agus oibleagáidí maidir le córais ardriosca IS;
trédhearcacht maidir le córais áirithe IS;
trédhearcacht agus bainistíocht riosca le haghaidh samhlacha IS ilchuspóireach (samhlacha láidre IS lena gcuirtear bonn faoi chórais IS a bhfuil sé ar a gcumas réimse leathan tascanna a dhéanamh);
faireachán margaidh, faireachas margaidh, rialachas agus forfheidhmiú;
Tá roinnt díolúintí ann, amhail do chórais a úsáidtear go heisiach chun críocha míleata agus cosanta nó chun críocha taighde.
PRÍOMHPHOINTÍ
Cad is córas IS ann?
Córas measínbhunaithe is ea córas IS atá deartha chun oibriú le leibhéal áirithe neamhspleáchais atá ábalta an méid seo a leanas a dhéanamh:
oiriúnú i ndiaidh é a chur in úsáid; agus
Aschuir a ghiniúint amhail tuartha, ábhar, moltaí nó cinntí ó ionchur a fhaigheann sé (chun cuspóirí sainráite nó intuigthe a bhaint amach).
Cur chuige rioscabhunaithe
Leanann an reachtaíocht cur chuige rioscabhunaithe, rud a chiallaíonn dá airde an riosca go ndéanfaí díobháil don tsochaí, is ea is déine na rialacha. Leis an rialachán sainítear úsáid IS sna réimsí seo a leanas mar úsáid lena mbaineann ardriosca, mar gheall ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar chearta bunúsacha, ar shábháilteacht agus ar fholláine:
comhpháirteanna sábháilteachta i dtáirgí atá faoi réir reachtaíocht chomhchuibhiú AE (nó mar tháirgí neamhspleácha) lena gceanglaítear go ndéanfar measúnú comhréireachta tríú páirtí orthu faoin reachtaíocht chomhchuibhithe AE sin;
bithmhéadracht, nuair a úsáidtear í le haghaidh cianaitheantais, chun daoine aonair a chatagóiriú de réir tréithe íogaire (amhail cine nó reiligiún), nó aithint mothúchán, seachas nuair a úsáidtear í chun aitheantas a fhíorú díreach;
bonneagar criticiúil, i gcás ina bhfuil IS ina chomhpháirt sábháilteachta i réimsí amhail bonneagar digiteach, trácht, uisce, gás, téamh agus leictreachas;
oideachas agus gairmoiliúint, lena n–áirítear rochtain ar shaincheisteanna oideachais, measúnú a dhéanamh ar thorthaí foghlama, measúnú a dhéanamh ar leibhéil oideachais nó faireachán a dhéanamh ar iompar le linn scrúdaithe;
fostaíocht, lena n–áirítear earcú, iarrthóirí a roghnú, cinntí a dhéanamh maidir le téarmaí fostaíochta (ardú céime, dífhostú), leithdháileadh tascanna nó faireachán ar fheidhmíocht;
seirbhísí riachtanacha — Córais IS a úsáideann údaráis phoiblí chun measúnú a dhéanamh ar incháilitheacht le haghaidh seirbhísí poiblí (cúram sláinte, sochair), scóráil creidmheasa, measúnú riosca árachais agus freagairtí éigeandála a chur in ord tosaíochta;
forfheidhmiú an dlí — Córais IS a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí na coireachta, brathadóirí éithigh, measúnú a dhéanamh ar iontaofacht fianaise, atitimeachas a thuar nó daoine aonair a phróifíliú le haghaidh imscrúduithe coiriúla;
imirce agus rialú teorann — Córais IS a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le himirce, tearmann agus iarratais ar víosaí, nó chun daoine aonair a bhrath agus a aithint i gcomhthéacsanna imirce;
riar an cheartais agus na bpróiseas daonlathach — Córais IS a úsáideann údaráis bhreithiúnacha le haghaidh taighde agus léirmhíniú dlíthiúil nó córais a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar thorthaí toghcháin.
Cuirtear toirmeasc leis an rialachán ar na cleachtais IS seo a leanas a bhfuil leibhéal ardriosca riosca ag baint leo
Teicnící fo-thairseachúla nó mealltacha chun iompar aonair nó grúpa a ionramháil, rud a chuireann bac ar a gcumas cinntí eolasacha a dhéanamh agus a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh.
Leas a bhaint as leochaileacht bunaithe ar aois, ar mhíchumas, nó ar staideanna socheacnamaíocha chun daoine nó grúpaí a ionramháil, rud a bhféadfadh díobháil a bheith mar thoradh orthu.
Scóráil shóisialta, daone a mheas nó a aicmiú bunaithe ar iompar nó ar thréithe, rud a mbeadh de thoradh air caitheamh éagórach nach mbaineann leis an gcomhthéacs inar bailíodh na sonraí nó ar bhealach atá díréireach le déine an iompair.
Measúnú riosca coiriúil, an dóchúlacht a thuar go ndéanfaí coir bunaithe ar phróifíliú nó ar thréithe pearsantachta amháin, ach amháin in imscrúduithe coiriúla oibiachtúla, rioscabhunaithe.
Cnuaschóipeáil bunachar sonraí aghaidhaithint ón idirlíon nó ó cheamaraí slándála gan spriocdhíriú ar leith.
Tátal a bhaint as mothúcháin i réimsí íogaire, amhail ionaid oibre nó institiúidí oideachais, mura bhfuil sé á úsáid chun críocha leighis nó sábháilteachta.
Catagóiriú bithmhéadrach bunaithe ar shonraí chun tátal a bhaint as tréithe íogaire amhail cine, reiligiún nó tuairimí polaitiúla, ach amháin le haghaidh úsáid dhleathach i bhforghníomhú an dlí.
Aithint bhithmhéadrach fhíor–ama go poiblí ag forghníomhú an dlí, mura rud é go bhfuil géarghá leis i gcásanna áirithe (e.g. daoine ar iarraidh a aimsiú, bagairtí atá ar tí tarlú a chosc nó daoine a bhfuil amhras fúthu i gcoireanna tromchúiseacha a aithint). Ní mór dóibh sin nósanna imeachta dochta dlíthiúla a chomhlíonadh, lena n–áirítear údarú roimh ré, raon feidhme teoranta agus cosaintí chun cearta agus saoirsí a chosaint.
Tugtar isteach leis an rialachán oibleagáidí um nochtadh i gcás go bhféadfadh riosca teacht as easpa trédhearcachta maidir le húsáid IS:
Ní mór do IS atá deartha chun daoine a phearsanú (e.g. bota comhrá) an duine a bhfuil sé ag idirghníomhú leis a chur ar an eolas faoin méid seo a leanas;
ní mór aschur IS giniúnach a mharcáil mar IS a ghintear ar bhealach meaisín–inléite;
i gcásanna áirithe, is gá an t–aschur ó IS giniúnach a lipéadú go soiléir, is é sin, domhainbhrionnuithe agus téacs atá ceaptha chun an pobal a chur ar an eolas faoi ábhair leasa phoiblí.
Meastar nach mbaineann ach riosca teoranta le córas IS eile agus dá bhrí sin ní thugtar isteach aon rialacha eile leis an rialachán.
Úsáid iontaofa as samhlacha móra IS
Is samhlacha IS iad samhlacha IS ilchuspóireach a gcuirtear oiliúint orthu ar mhéideanna móra sonraí agus ar féidir leo réimse leathan tascanna a dhéanamh. Is féidir leo a bheith ina gcomhpháirteanna de chórais IS.
Leis an rialachán, tugtar isteach oibleagáidí trédhearcachta do sholáthraithe samhlacha IS ilchuspóireach den sórt sin, mar atá doiciméadú teicniúil, faisnéis a sholáthar d’fhorbróirí iartheachtacha na gcóras IS agus nochtadh na sonraí a úsáidtear chun oiliúint a chur ar an tsamhail.
Is féidir rioscaí córasacha a bheith ag baint leis na samhlacha IS ilchuspóireach is feidhmiúla. Má chomhlíonann samhail tairseach áirithe cumais, ní mór do sholáthraí na samhla sin oibleagáidí breise maidir le bainistíocht riosca agus cibearshlándáil a chomhlíonadh.
Rialachas
Bunaítear leis an rialachán roinnt comhlachtaí rialaithe a bheidh gníomhach ón :
údaráis náisiúnta inniúla a dhéanfaidh maoirseacht ar na rialacha maidir le córais IS agus a fhorfheidhmeoidh iad;
Oifig IS laistigh den Choimisiún Eorpach a chomhordóidh cur i bhfeidhm comhleanúnach na rialacha comhchoiteanna ar fud an Aontais agus a ghníomhóidh mar idirghabhálaithe le haghaidh samhlacha ardriosca IS.
Comhoibreoidh Ballstáit AE agus Oifig IS go dlúth ar Bhord IS, ina mbeidh ionadaithe ó na Ballstáit, chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus éifeachtach an rialacháin a áirithiú.
Bunaítear leis an rialachán dhá chomhlacht chomhairleacha d’Oifig IS agus do Bhord IS:
painéal eolaíochta de shaineolaithe neamhspleácha chun comhairle eolaíoch a sholáthar;
fóram comhairleach do pháirtithe leasmhara chun saineolas teicniúil a sholáthar don Bhord IS agus don Choimisiún.
Pionóis
Socraítear na fíneálacha as sáruithe mar chéatadán de láimhdeachas bliantúil na cuideachta is tairgí nó mar mhéid réamhshocraithe, cibé acu is airde. Tá fiontair bheaga agus mheánmhéide agus gnólachtaí nuathionscanta faoi réir fíneálacha riaracháin comhréireacha.
Trédhearcacht agus cearta bunúsacha a chosaint
Tá feidhm ag trédhearcacht mhéadaithe maidir le forbairt agus úsáid córas ardriosca IS:
Sula gcuirfidh eintitis a sholáthraíonn seirbhísí poiblí córas ardriosca IS in úsáid, ní mór a thionchar ar chearta bunúsacha a mheasúnú;
ní mór córais ardriosca IS agus eintitis a úsáideann iad a chlárú i mbunachar sonraí AE.
Nuálaíocht
Déantar foráil sa rialachán i leith creat dlíthiúil a thacaíonn leis an nuálaíocht agus tá sé mar aidhm leis foghlaim rialála bunaithe ar fhianaise a chur chun cinn. Beartaítear leis boscaí gainnimh rialála IS, lena n–éascófar timpeallacht rialaithe inar féidir córais nuálacha IS a fhorbairt, a thástáil agus a bhailíochtú, fíordhálaí san áireamh. Ina theannta sin, éascaítear leis an rialachán fíorthástáil a dhéanamh ar chórais ardriosca IS faoi dhálaí áirithe.
Meastóireacht agus athbhreithniú
Déanann an Coimisiún measúnú ar an ngá leasuithe a dhéanamh ar an liosta úsáidí ardriosca as IS agus ar liosta na gcleachtas toirmiscthe gach bliain. Faoin , agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú agus tuairisciú ar an méid seo a leanas:
cur leis an liosta catagóirí ardriosca nó é a shíneadh;
leasuithe ar liosta na gcóras IS lena dteastaíonn bearta breise trédhearcachta;
leasuithe chun feabhas a chur ar mhaoirseacht agus ar rialachas.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Beidh feidhm leis an rialachán ón . Tá roinnt eisceachtaí ann, áfach:
Tá na toirmisc, na sainmhínithe agus na hoibleagáidí maidir le litearthacht IS i bhfeidhm ón ;
tiocfaidh roinnt rialacha i bhfeidhm an , lena n–áirítear na rialacha maidir le struchtúr rialachais, pionóis, agus oibleagáidí do sholáthraithe samhlacha ardriosca IS.
Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IOL, 2024/1689, ).
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, , lgh. 1-102).
Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n–aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, , lgh. 1-27).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir (AE) 2020/1828 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151 , lgh. 15-69).
Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, , lgh 70-115).
Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, , lgh. 1-44).
Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún (IO L 325, , lgh. 1-40).
Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n–aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, , lgh. 1-218).
Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus rialacháin leasaitheacha (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh 996/2010, (AE) Uimh 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, , lgh. 1-122).
Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, , lgh. 39-98).
Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n–aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, , lgh. 1-88).
Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n–aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, , lgh. 89-131).
Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le hidir–inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (athmhúnlú) (IO L 138, , lgh. 44-101).
Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir mhóibíleacha de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, , lgh. 1-15).
Treoir 2014/90/EU de Pharlaimint na hEorpa agus ó Chomhairle an maidir le trealamh mara agus aisghairm Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, , lgh. 146-185).
Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le cineálcheadú agus faireachas margaidh feithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, , lgh. 1-51).
Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, , lgh. 52-128).
Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoir 94/9/CE, Treoir 94/25/CE, Treoir 95/16/CE, Treoir 97/23/CE, Treoir 98/34/CE, Treoir 2004/22/CE, Treoir 2007/23/CE, Treoir 2009/23/CE agus Treoir 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, , lgh. 12-33).
Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, , lgh. 72-84).
Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, , lgh. 30-47).