Plean Gníomhaíochta Athbhreithnithe an Aontais Eorpaigh i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht ón gCoimisiún – athbhreithniú ar phlean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

Is é is aidhm don phlean gníomhaíochta athbhreithnithe na huaillmhianta i bplean gníomhaíochta 2016 a neartú, rud a threisíonn tiomantas leanúnach an Aontais Eorpaigh (AE) don chomhrac i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra. Agus na hacmhainní cuí ag gabháil leis, tá sé mar aidhm go bhfeidhmeoidh an plean gníomhaíochta mar threoirphlean le haghaidh gníomhaíocht agus comhar uaillmhianach cuimsitheach – laistigh den Aontas Eorpach agus ar fud an domhain – chun deireadh a chur le trádáil neamhdhleathach i bhfiadhúlra.

PRÍOMHPHOINTÍ

Comhthéacs agus tábhacht

Is saincheist thábhachtach dhomhanda í an trádáil neamhdhleathach i bhfiadhúlra a bhaineann le gach tír, agus tá gáinneáil á déanamh ar réimse leathan speiceas. Leis an trádáil sin, cuirtear bagairt throm ar an mbithéagsúlacht, rud is cúis le díothú speiceas agus a chuireann isteach ar éiceachórais go minic, agus a d’fhéadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith aige freisin ar phobail áitiúla agus ar an tsláinte dhomhanda tríd an riosca um ghalair zónóiseacha a mhéadú. Tá brabús eacnamaíoch ag baint le gáinneáil ar fhiadhúlra, cothaítear éilliú léi, lagaítear an smacht reachta léi agus tá baint aici le coireacht eagraithe agus sceimhlitheoireacht.

Ról an Aontais Eorpaigh

Tá ról ríthábhachtach ag an Aontas mar mhol le haghaidh gáinneáil dhomhanda ar fhiadhúlra. Agus luach tuairiscithe trádála neamhdhleathaí dar luach €7 milliún ar a laghad san Aontas Eorpaigh in 2019 ag baint léi, tá an tAontas breá ábalta bheith i gceannas ar iarrachtaí domhanda i gcoinne na coireachta sin. Chuir an tAontas Eorpach rialacháin dhochta i bhfeidhm lena sáraítear ceanglais an Choinbhinsiúin maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol chun speicis atá i mbaol a chosaint.

An méid atá bainte amach agus dúshláin

Ó 2016 i leith, tá tús áite tugtha do gháinneáil ar fhiadhúlra ag lucht ceaptha beartas agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí AE, rud a bhfuil méadú ar bhearta forfheidhmithe, imscrúduithe trasteorann agus ionchúisimh mar thoradh air. Tá gníomh déanta ag an Aontas Eorpach freisin i bhfóraim iltaobhacha agus tá sé rannpháirteach i gcomhar idirnáisiúnta. In ainneoin na n–iarrachtaí sin, tá dúshláin le sárú fós, lena n–áirítear bealaí trádála atá ag teacht chun cinn, méadú ar gháinneáil ar líne agus easpa sainacmhainní maidir le hionchúiseamh agus forfheidhmiú.

Plean gníomhaíochta athbhreithnithe

Tugtar aghaidh sa phlean gníomhaíochta athbhreithnithe, a síneadh go 2027, ar na dúshláin sin trí dhíriú ar na ceithre thosaíocht seo a leanas.

  1. Gáinneáil ar fhiadhúlra a chosc agus aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna. Is éard atá i gceist leis sin ná dul i ngleic leis na tosca socheacnamaíocha lena spreagtar gáinneáil ar fhiadhúlra, feasacht a ardú agus trádáil dhleathach agus inbhuanaithe i bhfiadhúlra a chur chun cinn.
  2. Creataí dlíthiúla agus beartais a neartú. Féachtar leis an bplean leis na rialacháin atá ann cheana a neartú, iniúchadh a dhéanamh ar thionscnaimh reachtacha nua agus a áirithiú go bhfuil pionóis i leith gáinneáil ar fhiadhúlra comhréireach leis an gcoir.
  3. Rialacháin agus beartais a fhorfheidhmiú. Tá comhar feabhsaithe i measc gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí laistigh den Aontas Eorpach agus le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad ina phríomhfhócas. Is é is aidhm don phlean chomh maith leas a bhaint as an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (féach an achoimre) chun gáinneáil ar fhiadhúlra ar líne a chomhrac, rud a bhfuil méadú suntasach tagtha air.
  4. Comhpháirtíochtaí domhanda a neartú. Agus an cineál domhanda gáinneála ar fhiadhúlra á aithint aige, tá sé beartaithe ag an Aontas comhar idirnáisiúnta a threisiú trí thionscnaimh dhéthaobhacha, réigiúnacha agus iltaobhacha.

Gníomhaíochtaí straitéiseacha

Chun na tosaíochtaí sin a bhaint amach, déantar achoimre sa phlean gníomhaíochta ar roinnt cuspóirí agus gníomhaíochtaí, lena n–áirítear an méid seo a leanas:

Leithdháileadh agus monatóireacht acmhainní

Braitheann rath an phlean gníomhaíochta ar acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus daonna. Leagann an tAontas Eorpach béim ar a thábhachtaí atá sé saincheisteanna trádála fiadhúlra a chomhtháthú i gcláir mhaoiniúcháin ábhartha an Aontais, amhail an Ciste Slándála Inmheánaí, an clár LIFE, agus an an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda.

Chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn, bunóidh an tAontas córas chun cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta a rianú, a mbeidh sásra tuairiscithe do Bhallstáit AE agus do pháirtithe leasmhara i gceist leis. Cuimseofar sa chóras sin táscairí sonracha chun tionchar an phlean maidir le laghdú a dhéanamh ar gháinneáil ar fhiadhúlra a thomhas.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TEACHTAIREACHTA?

Eisíodh an plean gníomhaíochta athbhreithnithe an , mar aon le clár ama táscach le haghaidh gníomhaíochtaí ó 2022 go 2027.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Athbhreithniú ar phlean gníomhaíochta an Aontais i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra (COM(2022) 581 final, ).

an nuashonrú is déanaí