Treoir (AE) 2023/977 maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát
Leagtar amach ann rialacha eagrúcháin agus nós imeachta an Aontais Eorpaigh (AE) chun malartú leordhóthanach agus éifeachtúil faisnéise a áirithiú idir údaráis forfheidhmithe dlí Bhallstáit an Aontais chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.
Raon feidhme
Leagtar amach sa treoir rialacha maidir leis an méid seo a leanas:
Níl feidhm ag an treoir maidir le malartuithe faisnéise den sórt sin má rialaítear iad go sonrach le dlíthe eile de chuid an Aontais.
Prionsabail
Tá gach malartú faisnéise faoin treoir faoi réir cúig phrionsabal ar cheart iad a úsáid agus é á léirmhíniú agus á cur i bhfeidhm:
Leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/680 rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta a úsáideann póilíní agus údaráis ceartais choiriúil (achoimre).
Malartú faisnéise
Feidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise
Ba cheart do SPOC nó d’údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát an Feidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise, atá á bhainistiú ag Europol, a úsáid chun iarrataí ar fhaisnéis a sheoladh, chun faisnéis a sholáthar de bhun na n-iarrataí sin nó chun faisnéis a sholáthar ar a dtionscnamh féin.
Ní mór an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 12 Nollaig 2024, agus ní mór do na Ballstáit a forálacha a chur i bhfeidhm ón dáta sin. Tá eisceacht amháin ann, áfach: Ní mór do na Ballstáit na rialacha is gá chun Airteagal 13 a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 12 Meitheamh 2027.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Treoir (AE) 2023/977 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle (IO L 134, 22.5.2023, lgh. 1–24).
Moladh (AE) 2022/915 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2022 maidir le comhar oibríochtúil i bhforfheidhmiú an dlí (IO L 158, 13.6.2022, lgh. 53–64).
Rialachán (AE) 2021/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí (IO L 251, 15.7.2021, lgh. 94-131).
Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena mbunaítear creat idir–inoibritheachta idir córais faisnéise AE i réimse na bpóilíní agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2018/1726, Rialachán (AE) Uimh. 2018/1862, Rialachán (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lgh. 85–135).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2019/818 a chorprú sa bhuntéacs. Níl ach luach doiciméadach ag an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) lena n–aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lgh. 53–114).
Féach an leagan comhdhlúite.
Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n–aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 89–131).
Féach an leagan comhdhlúite.
Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le malartú eolais agus faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a shimpliú (IO L 386, 29.12.2006, lgh 89–100).
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 20.10.2023