Is cuid de bhosca uirlisí chomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) an Aontais Eorpaigh (AE) iad, lena gcuirtear cuspóirí CBES chun cinn tríd an mbunús dlí a chur ar fáil do smachtbhannaí AE i bhfianaise na staide i nGuine Bissau i ndiaidh na ceannairce airm an 1 Aibreán 2010 agus an coup d’état an 12 Aibreán 2012.
Ceanglaítear leis an gcinneadh agus leis an rialachán, a leasaíodh roinnt uaireanta, ar Bhallstáit AE bearta a dhéanamh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
Tá liosta de na daoine atá faoi réir na mbeart sriantach sin leagtha amach in iarscríbhinní a ghabhann leis an gcinneadh agus leis an rialachán. Déanann an Chomhairle cinneadh maidir le hathruithe ar na liostaí sin.
Maolú
Cuimsítear maoluithe ó na bearta sin leis an gcinneadh agus leis an rialachán araon, agus áirítear leo sin:
Díolúintí daonnúla
I mí Iúil 2023, i ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta i bhfianaise na staide i nGuine Bissau, chinn an Chomhairle gur cheart díolúine dhaonnúil is infheidhme maidir le daoine nó eintitis áirithe, mar atá liostaithe i Rún 2664 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, a thabhairt isteach i ndáil le bearta comhlántacha AE maidir le cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo. Dá réir sin, le Cinneadh (CBES) 2023/1598 agus Rialachán (AE) 2023/1593, leasaítear Cinneadh 2012/285/CBES agus Rialachán (AE) Uimh. 377/2012 faoi seach.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Cinneadh 2012/285/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2012 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Phoblacht Ghuine Bissau i mbaol agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2012/237/CBES (IO L 142, 1.6.2012, lgh. 36–46).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2012/285/CBES a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) Uimh. 377/2012 ón gComhairle an 3 Bealtaine 2012 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Phoblacht Ghuine Bissau i mbaol (IO L 119, 4.5.2012, lgh. 1–8).
Féach an leagan comhdhlúite.
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal V — Forálacha ginearálta maidir le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais agus forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Caibidil 2 — Forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Roinn 1 — Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 29 (sean–Airteagal 15 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 33).
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a cúig — Gníomhaíocht sheachtrach an Aontais — Teideal IV — Bearta sriantacha — Airteagal 215 (sean-Airteagal 301 CFAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 144).
Nuashonraithe 26.04.2024