Comhordú a dhéanamh ar cheannacháin gháis, tagarmharcanna praghais iontaofa agus malartuithe gáis thar theorainneacha

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2022/2576 lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Tugtar bearta éigeandála sealadacha isteach leis an rialachán a ceapadh chun praghsanna fuinnimh arda a laghdú agus chun slándáil soláthair gáis a fheabhsú, trí:

PRÍOMHPHOINTÍ

Mar gheall ar chogadh ionsaithe na Rúise, gan údar gan chúis, i gcoinne na hÚcráine agus laghdú na soláthairtí gáis nádúrtha ón Rúis go dtí na Ballstáit baintear an bonn de shlándáil soláthair AE. Mar gheall ar armáil sin an tsoláthair gáis agus ar chúbláil na margaí trí chur isteach d’aon ghnó ar shreabhadh an gháis tháinig méadú tobann ar na praghsanna fuinnimh san Aontas, rud a chuireanna geilleagar an Aontais i mbaol.

Is ionann an rialachán agus freagairt chomhordaithe ón Aontais maidir lena shaoránaigh agus a gheilleagar a chosaint trí spleáchas ar ghás na Rúise a laghdú agus praghsanna iomarcacha a ísliú.

An t–éileamh a chomhthiomsú agus ceannach comhpháirteach

Chun nach ndéanfaidh siad ceantáil ar a chéile agus chun giaráil níos fearr a bheith acu ar sholáthraithe gáis, tá na Ballstáit, mar aon le tíortha an Chomhphobail Fuinnimh, faoin rialachán, ábalta a gcuid riachtanas allmhairithe gáis a chur isteach chuig soláthraí seirbhíse arna fhostú ag an gCoimisiún Eorpach, a dhéanfaidh an méid seo a leanas ansin:

Maidir le cuideachtaí gáis agus cuideachtaí a ídíonn gás:

Tá gás na Rúise curtha as an áireamh as ceannach comhpháirteach.

Tagarmharcáil praghsanna gáis

Déanfaidh an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh tagarmharc praghsanna nua a fhorbairt chun praghsáil chobhsaí agus intuartha ar ghás nádúrtha leachtach a spreagadh faoin 31 Márta 2023.

Leagtar amach leis an rialachán, tríd an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA), sásra bainistíochta luaineachta ionlae * maidir le hidirbhearta an lae chéanna ar ionaid trádála ar a ndéantar díorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinnimh a thrádáil, chun an méid seo a leanas a chosc:

Dlúthpháirtíocht na mBallstát chun leanúnachas agus cosaint an tsoláthair leictreachais a áirithiú do thionscail riachtanacha agus do chustaiméirí atá faoi chosaint *

Leis na rialacha féadfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

Leagtar síos iontu chomh maith rialacha réamhshocraithe maidir le dlúthpháirtíocht a sholáthar do Bhallstáit eile i gcás éigeandála faoi Rialachán (AE) 2017/1938 (féach an achoimre) murar aontaigh na Ballstáit lena mbaineann ar shocruithe dá leithéid.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 30 Nollaig 2022 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2024. Tá feidhm ag forálacha maidir le húsáid níos éifeachtaí a bhaint as acmhainn tarchurtha ón 31 Márta 2023.

CÚLRA

Déantar an rialachán a achtú faoi Airteagal 122 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena gceadaítear bearta eacnamaíocha cuí a dhéanamh má thagann deacrachtaí tromchúiseacha maidir le soláthar fuinnimh chun cinn.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Sásra bainistíochta luaineachta ionlae. Sásra bainistíochta luaineachta a bhfuil sé mar aidhm leis gluaiseachtaí móra praghais i margaí díorthach leictreachais agus gáis a theorannú laistigh den lá trádála céanna.
Custaiméirí atá faoi chosaint. Custaiméir teaghlaigh atá ceangailte le líonra dáileacháin gáis. Ina theannta sin, i gcás ina gcinneann Ballstát amhlaidh, d’fhéadfadh ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis freisin, ar an gcoinníoll nach mbaineann na fiontair bheaga nó mheánmhéide (FBManna) nó na seirbhísí a luaitear i bpointí (1) agus (2), le chéile, le níos mó ná 20% den ídiú gáis deiridh bliantúil iomlán sa Bhallstát sin:

Custaiméir atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht. Custaiméir teaghlaigh atá nasctha le líonra dáileacháin gáis. D’ fhéadfadh ceann amháin nó an dá cheann díobh seo a leanas a bheith i gceist leis sin chomh maith:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha (IO L 335, 29.12.2022, lgh. 1-35).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2022/2576 a chorprú sa bhunthéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (athmhúnlú) (IO L 158, 14.6.2019, lgh. 22-53).

Féach an leagan comhdhlúite.

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VIII — Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta — Caibidil 1 — Beartas eacnamaíoch — Airteagal 122 (seachas Airteagal 100 TEC) (OJ C 202, 7.6.2016, lch. 98).

Nuashonraithe 19.01.2024