Tá sé mar aidhm le straitéis óige an Aontais Eorpaigh (AE) (2019-2027) dul i ngleic leis na dúshláin atá os comhair daoine óga san Eoraip tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
creat le aghaidh comhar Eorpach maidir le beartas don aos óg (2019-2027) a sholáthar, lena n–áirítear cuspóirí, prionsabail, tosaíochtaí, croíréimsí agus bearta a bhaineann leo siúd go léir atá gníomhach sa réimse;
bearta a rinneadh ar bhonn náisiúnta a chomhlánú.
PRÍOMHPHOINTÍ
Ní mór do Bhallstáit AE an méid a leanas a dhearbhú.
Tá a ról féin ag daoine óga sa tsochaí agus tá dúshláin shonracha os a gcomhair. Is mian leo smacht a bheith acu ar a saol féin agus bheith rannpháirteach le daoine eile agus tacaíocht a thabhairt dóibh.
Tá straitéis óige Eorpach riachtanach chun cuidiú le daoine óga déileáil leis na dúshláin atá os a gcomhair. Baineann sé sin le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, eagraíochtaí AE agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, comhairlí óige, oibrithe, taighdeoirí, eagraíochtaí agus an tsochaí shibhialta.
Le spriocanna Eorpacha don óige soláthraítear fís don Eoraip. Cuimsítear leo sin idir cheangal a bheith ag an Aontas leis an óige agus an mheabhairshláinte agus an fholláine a chothú. Leagtar amach in Iarscríbhinn 3 na 11 sprioc arna ndréachtú ag daoine óga iad féin.
Is iad seo a leanas cuspóirí foriomlána na straitéise do dhaoine óga:
a chur ar chumas daoine óga bheith ábalta a saol féin a dhearbhú, tacú lena bhforbairt phearsanta agus a dteacht aniar a fhorbairt;
iad a spreagadh agus a ullmhú leis na hacmhainní is gá chun bheith ina saoránaigh ghníomhacha;
feabhas a chur ar bheartais a bhaineann leo, go háirithe maidir le fostaíocht, oideachas, sláinte agus cuimsiú sóisialta;
cuidiú le deireadh a chur le bochtaineacht na hóige agus le gach cineál idirdhealaithe agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn.
Cuirtear taca faoin straitéis leis na prionsabail seo a leanas:
Comhionannas agus neamh–idirdhealú. Idirdhealú a chomhrac agus comhionannas inscne a chur chun cinn.
Cuimsiú. A aithint go bhfuil riachtanais, slite beatha agus deiseanna éagsúla ag daoine óga agus beartais a fhorbairt dá réir sin.
Rannpháirtíocht. A aithint gur acmhainn don tsochaí iad daoine óga agus a rannpháirtíocht i bhforbairt agus chun feidhme beartas a spreagadh.
Domhanda. Gnéithe idirnáisiúnta, Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla na straitéise a chur san áireamh.
Cur chuige déach. Saincheisteanna a bhaineann leis an óige a phríomhshruthú ar fud réimsí beartais mar aon le tionscnaimh shonracha don óige.
Sainaithnítear trí théama lárnacha sa straitéis — tarraing isteach, nasc agus cumhachtaigh — agus leagtar amach leis na bearta a d’fhéadfadh rialtais na mBallstát agus an Coimisiún Eorpach a dhéanamh.
Tarraing isteach
Cuid lárnach den straitéis is ea daoine óga a tharraingt isteach chun rannpháirtíocht fhónta shibhialta, eacnamaíoch, shóisialta, chultúrtha agus pholaitiúil a áirithiú. Áirítear iad seo a leanas ar na bearta:
rannpháirtíocht chuimsitheach dhaonlathach daoine óga sa tsochaí agus sna próisis dhaonlathacha a spreagadh agus a chur chun cinn;
páirt a thabhairt do dhaoine óga agus d’eagraíochtaí na hóige maidir le forbairt agus cur chun feidhme beartas;
tacaíocht a thabhairt d’ionadaíocht na hóige in obair údarás áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach;
tacú le idirphlé óige AE (féach Iarscríbhinn 1 ina bhfuil na sonraí iomlána);
inniúlachtaí saoránachta a fhorbairt, cuidiú le daoine óga ullmhú do rannpháirtíocht agus iniúchadh a dhéanamh ar chineálacha eile rannpháirtíochta daonlathaí, amhail daonlathas digiteach.
Nasc
Ba cheart go mbeadh daoine óga ábalta blaiseadh a fháil de mhalartú cultúrtha, sibhialta agus malartuithe eile le piaraí san Aontas Eorpach agus i dtíortha Eorpacha eile. Tá malartuithe dá leithéid ann cheana féin a bhuí le Erasmus+ agus leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Áirítear iad seo a leanas ar na bearta:
soghluaisteacht foghlama trasteorann a éascú do dhaoine óga agus d’oibrithe óige, lena n–áirítear obair dheonach in earnáil na sochaí sibhialta;
rannpháirtíocht a spreagadh trí shineirgí idir maoiniú AE agus scéimeanna náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a lorg;
páirt a thabhairt do dhaoine óga agus d’eagraíochtaí na hóige i gcláir ábhartha AE;
dea–chleachtais a roinnt agus scéimeanna a fhorbairt chun scileanna a bhaintear as foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú.
Cumhachtaigh
Le hobair don aos óg is féidir príomhscileanna pearsanta agus gairmiúla a fhorbairt agus is féidir léi a bheith ina catalaíoch do chumhachtú. Áirítear iad seo a leanas ar na bearta:
clár oibre Eorpach um obair don aos óg maidir le cáilíocht, nuálaíocht agus aitheantas na hoibre don óige a fhorbairt;
tacú le gníomhaíochtaí agus forbairt na hoibre don óige, agus oiliúint d’oibrithe don óige;
a aithint go gcuidíonn eagraíochtaí na hóige le scileanna agus cuimsiú sóisialta a fhorbairt trí obair don óige agus trí oideachas seachfhoirmiúil;
pointí teagmhála inrochtana don aos óg a chruthú chun seirbhísí a sholáthar agus faisnéis a sholáthar.
Cuirtear béim sa straitéis ar an tábhacht a bhaineann le beartais fhianaisebhunaithe atá neadaithe i bhfíor-riachtanais agus i bhfíorchásanna daoine óga. Sainaithnítear na gnéithe nithiúla seo a leanas inti:
Foghlaim fhrithpháirteach agus scaipeadh. Leanann na grúpaí saineolaithe le treoir maidir le beartais agus uirlisí praiticiúla a fhorbairt agus leis an dea–chleachtas a roinnt.
Rialachas rannpháirteach. Tá an ról seo ag ardán straitéis óige AE. Eagraíonn an Coimisiún cruinnithe na bpríomhghníomhaithe.
Cláir agus cistí AE. Úsáid éifeachtach a bhaint as gníomhaíochtaí agus maoiniú, amhail Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, cistí struchtúracha agus infheistíochta agus Fís Eorpach, mar aon le faireachán a dhéanamh ar an maoiniú.
Teachtaireacht: Le cur chun cinn na feasachta faoi straitéis óige AE, mar aon le Spriocanna Óige na hEorpa a chur chun cinn, d’fhéadfaí cuidiú leis an mbeartas óige a mhúnlú.
Pleanálaithe gníomhaíochtaí náisiúnta amach anseo. Cuireann siad sin ar chumas na mBallstát tosaíochtaí a roinnt, trédhearcacht a mhéadú agus comhpháirtithe oiriúnacha a shainaithint. Soláthraítear tuilleadh sonraí in Iarscríbhinn 2/
Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh. Soláthraítear fóram leis sin le haghaidh comhairliúchán rialta idir na príomhghníomhaithe uile, amhail daoine óga, eagraíochtaí na hóige, lucht déanta cinntí, saineolaithe agus an tsochaí shibhialta.
Comhordaitheoir Óige an Aontais Eorpaigh. Bhunaigh an Coimisiún an post inmheánach seo chun feabhas a chur ar an gcomhar maidir le saincheisteanna na hóige ina réimsí beartais éagsúla agus oibríonn sé le páirtithe leasmhara chun teachtaireachtaí soiléire a chur ar fáil do dhaoine óga.
Faisnéis agus tacaíocht don óige. Áirithítear leis sin seirbhísí agus ardáin ardchaighdeáin, lena n–áirítear Tairseach Eorpach na hÓige, chun faisnéis maidir le cearta, deiseanna agus cláir a chur chun cinn.
Pleananna oibre AE don óige. Cuirtear an straitéis chun feidhme trí chláir ilbhliantúla 3 bliana. Ba é seo an chéad cheann don tréimhse 2019-2021. Áirítear in Iarscríbhinn 4 an chéad phlean oibre mionsonraithe seo.
Maidir leis an gCoimisiún:
tugann sé tuairisc maidir le cur chun feidhme na straitéise gach 3 bliana;
soláthróidh sé tuarascáil meastóireacht eatramhaí faoin do na Ballstáit chun athbhreithniú meántéarma a dhéanamh.
CÚLRA
Tá beartas óige tiomnaithe á reáchtáil ag AE ó 2002 i leith. Cuireann sé sin rannpháirtíocht ghníomhach agus rochtain chomhionann ar dheiseanna chun cinn in éineacht le beartais eile, amhail oideachas, oiliúint agus fostaíocht, a dhírítear ar dhaoine óga.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rún ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le creat a bhaineann le comhar Eorpach i réimse na hóige: Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 (IO C 456, , lgh. 1-22).
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Conclúidí ón gComhairle maidir le cur chun feidhme Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh (2019-2021) (IO C 504 I, , lgh. 10-11).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Daoine óga a Tharraingt Isteach, a Nascadh agus a Chumhachtú: Straitéis nua Óige AE (COM(2018) 269 final, ).