Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le comhionannas inscne

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht ón gCoimisiún — Aontas an chomhionannais: Straitéis maidir le comhionannas inscne 2020–2025

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

Tá sí mar bhonn faoi obair an Choimisiúin Eorpaigh ar an gcomhionannas inscne agus leagtar amach léi cuspóirí beartais agus príomhghníomhaíochtaí don tréimhse idir 2020 agus 2025.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá sé mar aidhm le straitéis an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le comhionannas inscne Eoraip ina bhfuil comhionannas idir daoine, atá saor ón bhforéigean bunaithe ar inscne, ón idirdhealú ar bhonn gnéis agus ó éagothroime struchtúrtha idir fir agus mná a bhaint amach. Glacfar cur chuige déach chun an straitéis a chur chun feidhme, agus tá an méid seo a leanas mar chuid den chur chuige sin:

Príomhchuspóirí agus príomhghníomhaíochtaí

Leagtar amach sa straitéis na príomhchuspóirí agus na gníomhaíochtaí a ghabhann leo atá le déanamh ag an gCoimisiún, ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus ag Ballstáit an Aontais Eorpaigh.

Príomhshruthú inscne agus gné thrasnach a áirithiú i gcinnteoireacht an Aontais

Déanfaidh an Coimisiún gné na hinscne a chomhtháthú i ngach ceann dá thionscnaimh mhóra, le cúnamh ó cheapadh an chéad Choimisinéara um Chomhionannas mar phunann ar leith, trí thascfhórsa don chomhionannas a chruthú.

Comhionannas inscne i maoiniú

Tacaíonn moladh an Choimisiúin le haghaidh chreat ilbhliantúil airgeadais 2021–2027 le saincheisteanna éagsúla a bhaineann le comhionannas inscne, lena n–áirítear:

Cuirtear maoiniú ar fáil trí ionstraimí éagsúla ráthaíochta AE um maoiniú agus buiséid, lena n–áirítear:

Beidh maoiniú tiomnaithe le haghaidh tionscadail a dtairbhíonn eagraíochtaí na sochaí sibhialta díobh agus institiúidí poiblí a chuireann gníomhaíochtaí sonracha, lena n–áirítear an foréigean bunaithe ar inscne a chosc agus a chomhrac, i bhfeidhm, ar fáil trí chlár na saoránach, an chomhionannais, na gceart agus na luachanna.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Aontas an chomhionannais: Straitéis maidir le comhionannas inscne 2020–2025 (COM(2020) 152 final 5.3.2020).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n–aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle (IO L 188, 12.7.2019, lgh. 79-93).

Rialachán (CE) Uimh. 1922/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le hInstitiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne a bhunú (IO L 403, 30.12.2006, lgh. 9–17).

Nuashonraithe 02.05.2022