Creat aeráide agus fuinnimh 2030 — astaíochtaí gás ceaptha teasa, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) 2018/841 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh
Rialachán (AE) 2023/839 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/841 a mhéid a bhaineann leis an raon feidhme, lena simplítear na rialacha comhlíontachta, lena leagtar amach spriocanna na mBallstát le haghaidh 2030 agus lena ngealltar go mbainfear amach ar bhonn comhchoiteann an aeráidneodracht faoi 2035 san earnáil úsáide talún, foraoiseachta agus talmhaíochta, agus Rialachán (AE) 2018/1999 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar an bhfaireachán, an tuairisciú, an rianú ar dhul chun cinn agus ar an athbhreithniú
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Le Rialachán (AE) 2018/841:
- leagtar amach conas a chuireann an earnáil um úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF) le spriocanna aeráide an Aontais Eorpaigh (AE);
- leagtar síos rialacha chun cuntas a thabhairt ar astaíochtaí agus ar aistrithe ó LULUCF agus lena sheiceáil go gcomhlíonann Ballstáit AE a gcuid gealltanas;
- leagtar amach sprioc 2030 ar fud an Aontais Eorpaigh maidir le glanaistrithe gás ceaptha teasa (GCT) in earnáil LULUCF;
- leagtar amach sprioc náisiúnta cheangailteach do gach Ballstát le haghaidh 2030 agus gealltanas do gach Ballstát chun glanastaíochtaí agus glanaistrithe GCT a bhaint amach don tréimhse ó 2026 go 2029.
Leasaíodh an rialachán le Rialachán (AE) 2023/839 chun cion na hearnála le spriocanna aeráide an Aontais a neartú.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá feidhm ag an rialachán maidir leis na réigiúin is forimeallaí ó úsáid talún:
- dé–ocsaíd charbóin (CO2),
- meatán (CH4),
- ocsaíd nítriúil (N2O).
Gealltanais agus spriocanna
Leagtar amach leis an rialachán roinnt gealltanas agus spriocanna do gach Ballstát. Áirítear leo sin:
- a áirithiú go ndéanfar astaíochtaí GCT a thugtar i gcuntas ó úsáid talún a chúiteamh le méid cothrom ar a laghad d’aistrithe a thugtar i gcuntas idir 2021 agus 2025 (dá ngairtear an riail faoi thoradh neodrach nó dearfach);
- glanastaíochtaí agus glanaistrithe GCT a bhaint amach le haghaidh na tréimhse ó 2026 go 2029, bunaithe ar chonair luachanna bliantúla táscacha maidir le haistrithe agus astaíochtaí, chomh maith le sprioc cheangailteach le haghaidh na bliana 2030.
Tá sprioc 2030 AE le haghaidh glanaisrtithe GCT in earnáil LULUCF socraithe ag 310 milliún tona de choibhéis CO2.
Cuntasacht
Leagtar amach leis an rialachán na rialacha cuntasaíochta sa tréimhse 2021-2025. Ní mór do na Ballstáit:
- cuntais a ullmhú agus a choinneáil ina léireofar go beacht astaíochtaí agus aistrithe;
- taifead iomlán cruinn ar na sonraí go léir a úsáidtear chun na cuntais a ullmhú a choinneáil.
I ndiaidh 2025, déanfar comhlíonadh spriocanna náisiúnta na mBallstát a fhíorú ar bhonn astaíochtaí agus aistrithe GCT arna dtuairisciú.
Solúbthacht
Chun cuidiú leis na Ballstáit a gcuid spriocanna a bhaint amach, soláthraítear solúbthacht leis rialachán, lena n–áirítear an méid seo a leanas:
- Riail ghinearálta solúbthachta lena bhforáiltear, má sháraíonn, sa tréimhse 2021-2025, na haistrithe iomlána na hastaíochtaí iomlána i mBallstát, nó, sa tréimhse 2026-2030, má bhíonn an difríocht idir suim na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe GHG agus an gealltanas, an sprioc nó an buiséad a bheidh socraithe don Bhallstát sin diúltach, féadfaidh an Ballstát sin na haistrithe atá fágtha a aistriú chuig Ballstát eile. Ba cheart ioncam ó aistrithe dá leithéid a úsáid chun dul i ngleic leis an athrú aeráide san Aontas Eorpach nó i dtíortha nach tíortha den Aontais Eorpaigh iad.
- Féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as leithdháiltí bliantúla astaíochtaí faoin rialachán maidir le comhroinnt díchill chun spriocanna LULUCF a bhaint amach (faoi choinníollacha áirithe).
- Solúbthacht shonrach maidir le talamh foraoise bainistithe nuair a sháraíonn astaíochtaí a thugtar i gcuntas na haistrithe a thugtar i gcuntas sa chatagóir cuntasaíochta talún foraoise bainistithe le linn na tréimhse 2021-2025, ar choinníoll go mbeidh an tAontas comhlíontach ar an iomlán.
- Mar an gcéanna, sa tréimhse 2026-2030, sásra chun solúbthacht a cheadú do na Ballstáit i gcás ina dteipfeadh orthu spriocanna a bhaint amach, ar choinníoll go mbeidh an tAontas comhlíontach ar an iomlán.
- Cúiteamh má tharlaíonn suaitheadh nádúrtha, amhail dóiteáin foraoise, mar aon le cásanna sonracha ina ndéileáiltear le tionchair an athraithe aeráide agus éifeachtaí oidhreachta ithreacha orgánacha.
Comhlíonadh agus rialacha maidir le clárlann
- Má chinneann an Coimisiún Eorpach nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach á dhéanamh ag Ballstát maidir lena sprioc le haghaidh 2030, agus an chonair, an buiséad le haghaidh 2026 go 2029 agus an tsolúbthacht faoin rialachán seo á gcur san áireamh, beidh sásra gníomhaíochta ceartaithí i bhfeidhm.
- Ní mór do na Ballstáit tuarascáil um chomhlíonadh a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeidh iarmhéid na n–astaíochtaí agus na n–aistrithe iomlána do gach catagóir talún le linn an dá thréimhse ama faoin 15 Márta 2027 (2021-2025) agus faoin 15 Márta 2032 (2026-2030).
- Ní mór don Choimisiún:
- athbhreithniú a dhéanamh, le cuidiú ón nGníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach, ar na tuarascálacha um chomhlíonadh agus ullmhóidh sé a thuarascálacha féin in 2027 (2021-2025) agus in 2032 (2026-2030) maidir le hastaíochtaí agus aistrithe iomlána AE do gach catagóir cuntasaíochta talún;
- rialacha a ghlacadh maidir le hastaíochtaí agus aistrithe náisiúnta a thaifeadadh agus maidir le cur i gcrích beacht oibríochtaí i gclárlann AE agus an fhaisnéis a chur ar fáil go poiblí;
- athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar an rialachán agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh laistigh de 6 mhí ón gcéad stocáireamh domhanda faoi Chomhaontú Pháras.
Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun rialacha a leagan síos a bhaineann le Clárlann AE. Glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme chomh maith chun luachanna bliantúla táscacha a leagan amach le haghaidh astaíochtaí agus aistrithe GCT do gach bliain sa tréimhse ó 2026 go 2029, arna mbunú ar bhonn conair líneach a chríochnóidh ar sprioc 2030 do na Ballstáit, agus chun rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis an modheolaíocht le haghaidh fianaise a bhaineann le hiarmhairtí fadtéarmacha an athraithe aeráide.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2018/841 ón 9 Iúil 2018.
Tá Rialachán leasaitheach (AE) 2023/839 i bhfeidhm ón 11 Bealtaine 2023.
CÚLRA
Leasaíodh an rialachán le Rialachán (AE) 2023/839 mar chuid den phacáiste ‘oiriúnach do 55’. Tá sé mar aidhm leis an bpacáiste cuidiú leis an Aontas a astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990, agus aeráidneodracht a bhaint amach in 2050.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉID
Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lgh. 1–25).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2018/841 a ionchorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) 2023/839 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/841 maidir le raon feidhme, simpliú na rialacha tuairiscithe agus comhlíontachta, agus lena leagtar amach spriocanna na mBallstát do 2030, agus Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le feabhas a chur ar fhaireachán, tuairisciú, rianú ar dhul chun cinn agus athbhreithniú (IO L 107, 21.4.2023, lgh 1–28).
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/268 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na leibhéil tagartha foraoise atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit le haghaidh na tréimhse 2021-2025 (IO L 60, 22.2.2021, lgh. 21–23).
Rialachán (AE) Uimh. 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fhuinnimh agus Gníomhaithe ar son na hAeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoir 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán 2009/119/CE agus Rialachán (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lgh. 1–77).
Féach an leagan comhdhlúite.
Cinneadh Uimh. 529/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le rialacha cuntasaíochta a bhaineann le hastaíochtaí gáis cheapa teasa agus le hasbhaintí a leanann as gníomhaíochtaí i ndáil le talamhúsáid, le hathrú sa talamhúsáid agus le foraoiseacht agus maidir le faisnéis i ndáil le gníomhartha a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin (IO L 165, 18.6.2013, lgh. 80–97).
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 25.10.2023