Bunaítear leis Fís Eorpach — an clár réime um thaighde agus um nuálaíocht, (an “clár”) le haghaidh thréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, agus leagtar síos leis a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh. Leis an rialachán:
Cur Chun Feidhme
Cuirtear an clár chun feidhme trí bhíthin:
Cuspóirí
Is é an cuspóir ginearálta leis an gclár, tionchar eolaíoch, teicneolaíoch, eacnamaíoch agus sochaíoch ó infheistíochtaí AE sa taighde agus nuálaíocht a sholáthar chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
Uasmhéadaítear leis an gclár, dá réir sin, breisluach AE trí dhíriú ar na cuspóirí agus gníomhaíochtaí nach féidir leis na Ballstáit a bhaint amach go héifeachtúil ag gníomhú dóibh féin, ach seachas sin i gcomhar lena chéile.
Tá na cuspóirí sonracha seo a leanas leis an gclár chomh maith:
Struchtúr agus buiséad
Tá an clár deartha mar a leanas, le buiséad iomlán EUR 95.5 billiún ag praghsanna reatha (lena n–áirítear EUR 5.4 billiún ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh).
Colún I — Eolaíocht den scoth
Leis na comhpháirteanna seo:
Colún II — Dúshláin dhomhanda agus iomaíochas tionsclaíoch na hEorpa
Leis na comhpháirteanna seo:
Colún III — An Eoraip Nuálach
Leis na comhpháirteanna seo:
Cuid — Rannpháirtíocht a leathnú agus an limistéar Eorpach taighde a neartú
Leis na comhpháirteanna seo:
Misin
Is ionann misin agus punanna de ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta atá bunaithe ar bharr feabhais agus spreagtha ag tionchair ar fud na ndisciplíní agus na n–earnálacha, a bhfuil sé beartaithe leo:
Sainaithnítear cúig réimse le haghaidh misin fhéideartha sa ghníomh dlí seo:
Tá bord tiomnaithe misin le gach réimse misin, a chuireann comhairle ar an gCoimisiún maidir le misin shonracha a shainiú, a dhearadh agus a chur chun feidhme.
Comhpháirtíochtaí Eorpacha
Rinneadh tírdhreach cuíchóirithe de na trí chineál comhpháirtíochtaí Eorpacha (cómhaoinithe, comhchláraithe agus institiúidithe) a chruthú ina dtiomnaíonn an tAontas Eorpach, údaráis náisiúnta agus an earnáil príobháideach do thacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí taighde agus nuálaíochta.
An Chomhairle Nuálaíochta Eorpach
Cruthaíodh an CNE mar ionad ilfhreastail a bhainistítear go lárnach chun gníomhaíochtaí faoi Cholún III “An Eoraip Nuálach” a bhaineann leis an CNE a chur chun feidhme. Díríonn an CNE go príomha ar nuálaíocht cheannródaíoch agus shuaiteach, ag díriú go háirithe ar nuálaíocht lena gcruthaítear margaí, agus ag tacú le gach cineál nuálaíochta, lena n–áirítear nuálaíocht incriminteach.
Rannpháirtíocht tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad
Tá Fís Eorpach oscailte do rannpháirtíocht eintitis dhlítheanacha ó aon áit ar domhan, faoi na coinníollacha atá leagtha amach sna rialacha, agus i gcás inarb infheidhme mar aon le coinníoll breise ar bith ar leibhéal an chláir oibre / na gairme.
Tá rannpháirtíocht sa chlár i bhfoirm comhlachas tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad oscailte do:
Rialacha maidir le rannpháirtíocht
Leagtar amach rialacha éagsúla sa rialachán, amhail incháilitheacht i leith rannpháirtíochta agus maoinithe, rialacha agus prionsabail eiticiúla, agus urrúis is infheidhme ar ghníomhaíochtaí indíreacha arna maoiniú faoin gclárú. Is iad seo a leanas samplaí de chuid díobh sin:
Measúnú, measúnú tionchair agus faireachán an chláir
Déanann an Coimisiún measúnú agus faireacháin ar Fhís Eorpach chun an dul chun cinn maidir le cuspóirí an chláir a mheas.
Tá an clár comhlánaithe le clár taighde agus oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach le haghaidh 2021-2025.
Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2021.
Déantar Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (CE) Uimh. 1290/2013 a aisghairm leis an rialachán.
Féach chomh maith:
Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha rannpháirtíochta agus scaipthe, agus lena n–aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lgh. 1-68)
Rialachán (AE) 2021/819 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (athmhúnlú) (IO L 189, 28.5.2021, lgh. 61-90)
Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021lena mbunaítear an Clár Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2013/743/AE (IO L 167I, 12.5.2021, lgh. 1-80)
Rialachán (AE) Uimh. 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2018/1092 (IO L 170, 12.5.2021, lgh. 149-177)
Rialachán (Euratom) Uimh. 2021/765 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach le haghaidh na tréimhse 2021-2025 lena gcomhlánaítear Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus lena n–aisghairtear Rialachán (Euratom) 2018/1563 (IO L 167I, 12.5.2021, lgh. 81-100)
Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (OJ L 433I, 22.12.2020, lgh. 23-27)
Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lgh. 11-22)
Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, Rialachán (AE) Uimh. 223/2014, Rialachán (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh 541/2014/AE agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (OJ L 193, 30.7.2018, lgh. 1-222)
Nuashonraithe 02.07.2021