Bunaítear leis Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2025 (Clár Euratom). Is cuid den chlár Fís Eorpach é agus baineann na rialacha céanna leis maidir le rannpháirtíocht.
Mairfidh an clár ar feadh 5 bliana, ó 2021 go 2025, agus cuirfear 2 bhliain eile leis in 2025 d’fhonn é a ailíniú le creat airgeadais ilbhliantúil an Aontais Eorpaigh (AE) 2021-2027.
Baineann gníomhaíochtaí díreacha agus indíreacha leis an gclár.
Buiséad
Tá buiséad iomlán de EUR 1,38 billiún leis an gclár:
Cuspóirí an chláir agus réimsí atá incháilithe le haghaidh maoiniú:
Rannpháirtíocht tíortha nach tíortha AE iad
Tá Fís Eorpach oscailte do rannpháirtíocht eintiteas dlítheanach ó áit ar bith ar domhan, faoi na coinníollacha atá leagtha amach sna rialacha, agus nuair is infheidhme mar aon le haon choinníoll breise ar leibhéal an chláir oibre/an ghlao. Tá rannpháirtíocht sa chlár i bhfoirm comhlachas tíortha nach tíortha AE iad oscailte dóibh seo a leanas:
Cumarsáid agus poiblíocht
Ní mór d’fhaighteoirí tionscnamh mhaoiniú an chláir a admháil, go háirithe agus na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, le feachtais faisnéise comhleanúnacha agus éifeachtacha a bheidh dírithe ar iliomad lucht spéise, lena n–áirítear na meáin agus an pobal.
Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2021.
Rialachán (Euratom) 2021/765 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach don tréimhse 2021-2025 lena gcomhlánaítear Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus lena leasaítear Rialachán (Euratom) 2018/1563 (IO L 167 I, 12.5.2021, lgh. 81-100)
Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Clár Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2013/743/AE (IO L 167 I, 12.5.2021, lgh. 1-80)
Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n–aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh.1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lgh. 1-68)
Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lgh. 1-222)
Nuashonraithe 07.07.2021