Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais Eorpaigh

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 2021/241 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis an Rialachán Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta don Aontas Eorpach (AE) agus leagtar amach leis aidhmeanna na saoráide agus na critéir maidir le maoiniú a fháil.

I mí na Bealtaine 2022, i ndiaidh ionradh na Rúise ar an Úcráin, nocht an Coimisiún Eorpach a phlean REPowerEU chun an tAontas a dhéanamh neamhspleách ar bhreoslaí iontaise na Rúise. Le Rialachán leasaitheach (AE) 2023/435, is féidir le Ballstáit an Aontais caibidlí REPowerEU a thabhairt isteach ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta chun dlús a chur le haistriú fuinnimh ghlain an Aontais.

Le rialachán leasaitheach eile, Rialachán (AE) 2024/795, lena mbunaítear an tionscnamh Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), ceadaítear do na Ballstáit bearta a thabhairt isteach a thacaíonn le hoibríochtaí infheistíochta a chuireann le cuspóirí STEP ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá sé mar aidhm leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach AE a chur chun cinn trí:

Tá maoiniú STA ar fáil do bhearta “nach ndéanann dochar suntasach”, i.e. nach ndéanann dochar don chomhshaol, agus nach mbaineann caiteachas athfhillteach leo, sna sé réimse beartais seo a leanas:

Féadfar roinnt eisceachtaí sealadacha a dheonú i ndáil le caibidlí REPowerEU maidir le bearta lena dtugtar aghaidh ar ábhair imní láithreacha an Aontais maidir le slándáil fuinnimh, lena n–íoslaghdaítear an damáiste a d’fhéadfadh tarlú don chomhshaol agus nach gcuireann cuspóirí aeráide an Aontais i mbaol.

Buiséad €648 billiún (i bpraghsanna 2022) na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta:

Le leasú an rialacháin STA chun REPowerEU a áireamh, tá deontais bhreise faoin gcóras trádála astaíochtaí (CTA) agus Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (BAR) curtha ar fáil do na Ballstáit. Dá bhrí sin, tá an €357 billiún i ndeontais roinnte anois i €338 billiún i ndeontais bhunaidh CTA, €17.3 billiún i ndeontais STA agus €1.6 billiún i ndeontais BAR. Ina theannta sin, d’fhéadfadh na Ballstáit tacaíocht iasachta a iarraidh go dtí mí Lúnasa 2023. As an leithdháileadh iomlán €385 billiún atá ar fáil, bhí gar do €291 billiún geallta faoi dheireadh 2023. Bhí clúdach STA iomlán de €648 billiún mar thoradh ar an dá athrú sin (bhí níos mó deontas ar fáil tríd an CTA agus BAR agus níor iarradh a oiread iasachtaí ná an clúdach iomlán a bhí ar fáil) faoi dheireadh 2023. B’ionann an tsuim a luadh cheana de €723 billiún agus uasmhéid na ndeontas STA (€338 billiún) agus iasachtaí STA (€385 billiún) de réir rialachán STA.

Le Rialachán leasaitheacha (AE) 2024/795, bunaítear an tionscnamh STEP, tionscnamh lenar bhféachtar le ceannasacht agus slándáil an Aontais a neartú, le dlús a chur faoina aistriú glas agus faoina aistriú digiteach, lena iomaíochas a fheabhsú agus lena spleáchais straitéiseacha a laghdú i dtrí réimse straitéiseacha thionsclaíocha: nuálaíocht dhigiteach agus nuálaíocht dhomhaintheicneolaíochta, teicneolaíochtaí glana agus atá tíosach ar acmhainní, agus biteicneolaíochtaí. Leis an rialachán leasaitheach, féadfar acmhainní ó chláir AE atá ann cheana, amhail an STA, a ghiaráil gan gá le cistí nua a chruthú. Leis na rialacha nua, ceadaítear do na Ballstáit méid na ranníocaíochta airgid chun críche urrann an Bhallstáit a áireamh ina bplean téarnaimh agus athléimneachta, mar chostais mheasta. Is amhlaidh an cás go heisiach maidir le bearta a thacaíonn le hoibríochtaí infheistíochta a chuireann le cuspóirí STEP. Féadfaidh na Ballstáit a roghnú suas le 10% dá leithdháileadh náisiúnta a leithdháileadh ar ionstraimí a bhaineann STEP faoi InvestEU (féach an achoimre).

Chun leas a bhaint as tacaíocht faoin tsaoráid, tá pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta ullmhaithe agus curtha isteach ag na Ballstáit, ina leagtar amach na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a chuirfidís i bhfeidhm ó thús na paindéime i mí Feabhra 2020 go dtí an , mar aon le garspriocanna agus spriocanna soiléire. Is féidir leis na Ballstáit maoiniú suas le suim uasta a aontaíodh roimhe seo a fháil. Leis na pleananna, b’éigean 37% ar a laghad dá mbuiséad a leithdháileadh i gcomhair bearta glasa, agus 20% i gcomhair bearta digiteacha. B’ éigean do na pleananna a bheith i gcomhréir leis an méid seo a leanas chomh maith:

Féadfaidh na Ballstáit a bpleananna a athbhreithniú chomh maith bunaithe ar na forais dhlíthiúla atá ar fáil arna leagan amach sa rialachán STA, lena n–áirítear a gcumas a léiriú gur féidir cur chun feidhme garspriocanna agus spriocanna áirithe indéanta a sholáthar le cúinsí oibiachtúla.

Tá an STA bunaithe ar fheidhmíocht. Ciallaíonn sé sin nach íocann an Coimisiún na méideanna le gach Ballstát go dtí go mbeidh na garspriocanna agus na spriocanna comhaontaithe bainte amach acu maidir leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá cuimsithe ina bplean a chur i gcrích. Nuair a bheidh garspriocanna agus spriocanna comhaontaithe dá leithéid curtha i gcrích acu, iarrann rialtais íocaíocht ar an mbonn sin (suas le dhá uair sa bhliain).

Maidir leis an gCoimisiún:

Maidir leis na Ballstáit:

Gach 2 mhí, féadfaidh coiste ábhartha na Parlaiminte a iarraidh ar an gCoimisiún dul chun cinn faoin tsaoráid a phlé.

Chuir an Coimisiún na tuarascálacha seo a leanas faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle:

Scórchlár téarnaimh agus athléimneachta

I mí na Nollag 2021, sheol an Coimisiún an scórchlár téarnaimh agus athléimneachta, ardán poiblí ar líne atá deartha chun an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta ina hiomláine, agus na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta náisiúnta aonair a thaispeáint.

Gníomhartha tarmligthe

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2105, forlíontar Rialachán (AE) 2021/241 trí mhodheolaíocht a shainiú chun caiteachas sóisialta a thuairisciú. Tá an mhodheolaíocht sin, lena n–áirítear caiteachas sóisialta maidir le leanaí agus daoine óga, agus maidir le comhionannas inscne faoin tsaoráid, bunaithe ar an gcaiteachas measta a sholáthraítear sna pleananna formheasta téarnaimh agus athléimneachta.

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2106 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/241 trí na táscairí comhchoiteanna agus na ngnéithe mionsonraithe a bhaineann leis an scórchlár téarnaimh agus leis an athléimneachta a leagan amach.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Prionsabal na breisíoctha. Ceann de bhunphrionsabail Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta an Aontais. Luaitear leis an bprionsabal sin nár cheart ranníocaíochtaí Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta an Aontais a chur in ionad caiteachas struchtúrach poiblí nó coibhéiseach ag Ballstát sna réigiúin lena mbaineann.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, , lgh. 17-75).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2021/241 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí