Amanna dúnta: tá an iascaireacht dúnta d’feithlicí peas-saighne1 le haghaidh tuinníní teochreasacha (tuinnín mórshúileach, tuinnín buí agus tuinnín aigéanach) ar feadh dhá thréimhse gach bliain. Ní mór do gach Ballstát AE atá rannpháirteach san iascaireacht a shonrú faoin 15 Bealtaine cé acu ceann den dá thréimhse dúnta — idir an 29 Iúil go dtí an 8 Deireadh Fómhair, nó idir an 9 Samhain go dtí an 19 Eanáir — a bheidh feidhm léi maidir lena soithí féin.
Dúnadh limistéar: dúntar an iascaireacht le haghaidh tuinníní teochreasacha laistigh den limistéar 96° agus 110°W agus idir 4°N agus 3°S don tréimhse idir 9 Deireadh Fómhair agus 8 Samhain.
Tá cosc ar threalamh iascaireachta a úsáid laistigh de 1 mhuirmhíle de bhaoi sonraí2 ar ancaire nó idirghníomhú leis sa limistéar Coinbhinsiúin.
Feistí gníomhacha um chomhbhailiú éisc3 (FADanna) teoranta do 450 in aghaidh an tsoithigh pheas-saighne. Tuairisceoidh Ballstáit faisnéis laethúil faoi gach FAD gníomhach don Choimisiún Eorpach agus cuirfear an fhaisnéis sin isteach le haga moillithe de 60 lá ar a laghad, ach le níos lú ná 90 lá idir gach tuarascáil. Ní mór d’oibreoirí shoithí iascaireachta AE aon idirghabháil le FADanna a bhailiú agus a thuairisciú.
Is i bport a thabharfar faoi gach trasloingsiú de speicis IATTC sa limistéar Coinbhinsiúin.
Speicis mhuirí a chosaint
Ní choinneofar na speicis seo a leanas ar bord, ní dhéanfar iad a thrasloingsiú, a chur i dtír, a stóráil nó a dhíol agus ní mór iad a scaoileadh go sábháilte:
siorcanna bána aigéanacha;
roic de chineál Mobulidae (lena n-áirítear roic na caille agus roic de chineál Mobula);
síodsiorcanna (nuair a ghabhtar iad le peaslíon saighne).
Ní leagfaidh soithí iascaireachta AE eangach peas-saighne ar scoil tuinníní i gcás ina bhfuil míolsiorc ann, agus ba cheart teagmhais a thuairisciú. Scaoilfidh siad na siorcanna gan mhoill (beo nó marbh) a luaithe agus is féidir gan sábháilteacht daoine a chur i mbaol.
Ní úsáidfidh soithí iascaireachta spiléireachta AE doruithe siorca.
Déanfar sonraí ar ghabhálacha síodsiorcanna agus siorcanna ceann casúir a thuairisciú do IATTC.
Déanfar turtair mhara a scaoileadh gan mhoill, ar bhealach a mbaineann an díobháil is lú leis gan sábháilteacht aon duine a chur i mbaol. Ní mór go mbeadh oiliúint ar duine amháin den fhoireann ar theicnicí chun turtair mhara a láimhseáil agus a scaoileadh d’fhonn a marthanas i ndiaidh a scaoilte a fheabhsú.
Tá bearta ann freisin a bhfuil sé mar aidhm leo éin mhara a chosaint (srianta ar dhoruithe fada a úsáid) agus deilfeanna a chosaint (soithí údaraithe amháin, agus srianta ar pheaslíonta saighní a úsáid nuair atáthar ag iascaireacht le haghaidh tuinníní buí).
Breathnóirí eolaíochta ar shoithigh spiléir
Ní mór do Bhallstáit a áirithiú go bhfuil breathnóir eolaíochta ar bord soitheach spiléir, chun 5% den iarracht iascaireachta a dhéanann soithí níos faide ná 20 méadar a chumhdach, a choinníonn taifead ar ghabhálacha speiceas éasc roghnaithe, ar chomhdhéanamh speiceas agus ar aon fhaisnéis bhitheolaíoch eile atá ar fáil chomh maith le taifead a choinneáil ar aon idirghíomhaíocht le speicis nach spriocspeicis iad, amhail turtair mhara, éin mhara agus siorcanna. Áirítear leis an rialachán seo rialacha mionsonraithe chun sábháilteacht an bhreathnóra a áirithiú.
Ceanglais maidir le soithí
Cuirfidh Ballstáit faisnéis mhionsonraithe ar fáil maidir le gach soitheach iascaireachta faoina ndlínse i limistéar an Choinbhinsiúin do Chlár Soithí Réigiúnacha IATTC.
Ní mór tobar (spás ar bord soithigh chun éisc bheo a iompar) atá séalaithe a shéalú go fisiciúil ar bhealach nach féidir baint de ionas nach mbeadh sé nasctha le haon spás eile ar an soitheach agus nach féidir é a úsáid le haghaidh cúiseanna stórála eile. Ní mór do bhreathnóirí aon chás ina n-úsáidtear tobair shéalaithe chun iasc a stóráil a thuairisciú do IATTC.
Sonraí ar ghabhálacha
Ní mór do Bhallstáit sonraí ar ghabhálacha a thuairisciú don Choimisiún go bliantúil le haghaidh speicis a chumhdaítear faoin gCoinbhinsiún, agus baineann rialacha speisialta maidir le tuairisciú ar thuinnín mórshúileach a ghabhtar le báid pheas-saighne agus le bháid bhaoite.
Peaslíon saighne: líon ciorclaithe ar bith a dtarraingítear a bhun le chéile trí chorda cruinnithe ag bun an lín, a théann trí shraith fáinní feadh na téide grinnill, trínar féidir an líon a chrapadh agus a dhúnadh.
Baoithe sonraí: feistí ar snámh, agus iad ag imeacht le sruth nó ar ancaire, a úsáideann eagraíochtaí rialtais nó eagraíochtaí nó eintitis eolaíochta aitheanta chun sonraí comhshaoil a bhailiú go leictreonach, ní d’fhonn tacú le gníomhaíochtaí iascaireachta, agus ar cuireadh iad faoi bhráid Rúnaíocht IATTC.
Feiste um chomhbhailiú éisc (FAD): nithe ar ancaire, ag imeacht le sruth, ar snámh nó faoi uisce agus iad imscartha nó rianaithe ag soithí, lena n-áirítear trí bhaoithe raidió a úsáid, chun críche spriocspeiceas tuinníní a aithint le haghaidh oibríochtaí iascaireachta peas-saighne.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) 2021/56 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe atá infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idir-Mheiriceánaigh um Thuinníní Teochreasacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (IO L 24, , lgh. 1-18)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an lena mbunaítear córas rialaithe an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008 agus (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, , lgh. 1-50)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1093/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, , lgh. 1-32)
Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle an lena leagtar síos bearta teicniúla is infheidhme le haghaidh caomhnú stoc áirithe de speicis mhórimirceacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 973/2001 (IO L 123, , lgh. 3-13)
Cinneadh 2006/539/CE ón gComhairle an maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Choinbhinsiúin chun an Coimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha arna bhunú le Coinbhinsiún 1949 idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Poblacht Chósta Ríce a Neartú (IO L 224, , lgh. 22-23)
An Coinbhinsiún chun an Coimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha arna bhunú le Coinbhinsiún 1949 idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Poblacht Chósta Ríce a Neartú (Coinbhinsiún Antigua) (IO L 224, , lgh. 24-42)
Cinneadh 2005/26/CE ón gComhairle an maidir le síniú, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Choinbhinsiúin chun an Coimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha arna bhunú le Coinbhinsiún 1949 idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Poblacht Chósta Ríce a Neartú (“Coinbhinsiún Antigua”) (IO L 15, , lch. 9)
Rialachán (AE) Uimh. 1185/2003 ón gCoimisiún an maidir le heití a bhaint de shiorcanna ar bord árthaí (IO L 167, , lgh. 1-3)
Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle an maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an maidir le Dlí na Farraige agus an Chomhaontaithe an a bhaineann le Cuid XI de a chur chun feidhme (IO L 179, , lgh. 1-2)