An Banc Ceannais Eorpach — dlúthchomhar laistigh den Sásra Aonair Maoirseachta le Ballstáit AE nach bhfuil sa limistéar euro

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (Rialachán SAM)

Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 lena mbunaítear an creat comhair laistigh den Sásra Aonair Maoirseachta idir an Banc Ceannais Eorpach agus údaráis náisiúnta inniúla agus le húdaráis ainmnithe náisiúnta (creat-Rialachán SAM) (BCE/2014/17)

Cinneadh 2014/434/AE maidir le dlúthchomhar le húdaráis inniúla náisiúnta na mBallstát rannpháirteach nach bhfuil sa limistéar euro (BCE/2014/5) (Cinneadh BCE maidir le dlúthchomhar)

Cinneadh (AE) 2020/1015 lena mbunaítear dlúthchomhar idir an Banc Ceannais Eorpach agus Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire) (BCE/2020/30)

CAD IS AIDHM LEIS AN REACHTAÍOCHT?

PRÍOMHPHOINTÍ

Bunaíodh Córas maoirseachta baincéireachta na hEorpa mar an córas maoirseachta baincéireachta, atá comhdhéanta de BCE agus d’údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát atá rannpháirteach, chun bainc shábháilte shláine, córas airgeadais atá seasmhach agus comhtháite agus maoirseacht chomhleanúnach gach bainc a áirithiú. Tá gach tír sa limistéar euro rannpháirteach i maoirseacht bhaincéireacht na hEorpa go huathoibríoch.

Is féidir le Ballstáit nach bhfuil an euro á úsáid acu a bheith rannpháirteach in SAM trína iarraidh go mbúnófar dlúthchomhar idir an BCE agus a n–údarás náisiúnta inniúil. Tráth a bhunaítear dlúthchomhar, is féidir leis na Ballstáit sin a bheith rannpháirteach in SAM agus sa Sásra Réitigh Aonair, lena áirithítear réiteach ordúil na mbanc a bhfuil ag cliseadh orthu.

Le bunú dlúthchomhair cuirtear le sábháilteacht agus sláine na mbanc agus cothaítear próiseas comhtháthaithe airgeadais ar fud an mhargaidh aonair.

Faoi dhlúthchomhar, cuirtear de cheangal ar údaráis náisiúnta inniúla aon bheart maidir le heintitis faoi mhaoirseacht a glacadh arna iarraidh sin ag BCE. Tá na gníomhartha reachtacha a ghlacann BCE ceangailteach agus in–fhorfheidhmithe agus ní mór do na húdaráis náisiúnta inniúla an fhaisnéis uile is gá a sholáthar do BCE chun cúraimí maoirseachta BCE a dhéanamh.

Déantar cur síos i rialachán SAM, creat rialachán SAM agus i gcinneadh BCE ar dhlúthchomhar ar an bpróiseas a bhaineann le dhlúthchomhar a bhunú agus conas a oibríonn an dlúthchomhar sin.

Na céimeanna chun dlúthchomhar a bhunú:

  1. Iarrann an Ballstát nach bhfuil sa limistéar euro go foirmiúil ar an mBallstát sin dlúthchomhar a dhéanamh faoi SAM;
  2. ullmhaíonn agus glacann Ballstát nach bhfuil sa limistéar euro reachtaíocht náisiúnta a trína féidir le BCE a chúraimí maoirseachta laistigh den chreat dlúthchomhair a dhéanamh, agus déanann BCE measúnú ar an reachtaíocht sin;
  3. tugann BCE faoi mheasúnú cuimsitheach ar bhainc an Bhallstáit lena mbaineann, measúnú atá cosúil leis an measúnú a rinneadh ar bhainc sa limistéar euro in 2014 sular bunaíodh SAM;
  4. glacann BCE cinneadh lena gcuirtear in iúl conas a aistreofar cúraimí maoirseachta chuig BCE agus cathain a thosóidh an dlúthchomhar.

Maoirseacht faoi dhlúthchomhar.

An dlúthchomhar a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh:

Nuair a chomhlíonann Ballstát a bhfuil dlúthchomhar ann na coinníollacha is gá maidir le glacadh an euro agus go nglacann an Ballstát sin an euro, beidh sé ina bhall den Eorachóras.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA REACHTAÍOCHTA?

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (Rialachán SAM) (IO L 287, , lgh. 63–89).

Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach an lena mbunaítear an creat comhair laistigh den Sásra Aonair Maoirseachta idir an Banc Ceannais Eorpach agus údaráis náisiúnta inniúla agus le húdaráis ainmnithe náisiúnta (Rialachán Réime SAM) (BCE/2014/17) (IO L 141, , lgh. 1–50).

Cinneadh 2014/434/AE ón mBanc Ceannais Eorpach an maidir le dlúthchomhar le húdaráis inniúla náisiúnta na mBallstát rannpháirteach nach bhfuil an euro mar airgeadra acu (Rialachán SAM) (BCE/2014/5) (IO L 198, , lgh 7–13).

Cinneadh (AE) 2020/1015 ón mBanc Ceannais Eorpach an maidir le bunú dhlúthchomhair idir an Banc Ceannais Eorpach agus Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire) (BCE/2020/30) (IO L 224I, , lgh 1–3).

nuashonrú is deireanaí