Bearta sriantacha i ndáil leis an staid sa tSúdáin Theas

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh (CBES) 2015/740 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin Theas

Rialachán (AE) 2015/735 maidir le bearta sriantacha i ndáil leis an staid sa tSúdáin Theas

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN RIALACHÁN?

Is cuid de bhosca uirlisí chomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) an Aontais Eorpaigh iad an cinneadh agus an rialachán, lena gcuirtear cuspóirí CBES chun cinn tríd an mbunús dlí a chur ar fáil do smachtbhannaí AE i bhfianaise na staide sa tSúdáin Theas.

PRÍOMHPHOINTÍ

Bearta sriantacha

Le Cinneadh (CBES) 2015/740 agus Rialachán (AE) 2015/735, a leasaíodh roinnt uaireanta trí ghníomhartha cur chun feidhme, leagadh amach bearta sriantacha atá le forchur ar dhaoine aonair agus ar eintitis liostaithe, lena n-áirítear na bearta seo a leanas.

Eisceachtaí

Níl feidhm ag na toirmisc maidir le maoiniú agus cúnamh airgeadais, cúnamh teicniúil agus seirbhísí bróicéireachta a bhaineann leis an méid seo a leanas:

Féadfaidh údaráis ábhartha maoiniú agus cúnamh airgeadais, cúnamh teicniúil agus seirbhísí bróicéireachta a údarú, ar choinníoll go gcomhaontaíonn Coiste Smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe, ar bhonn cás ar chás, le haghaidh na nithe seo a leanas:

Is féidir le húdaráis ábhartha údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh ar choinníoll go gcomhaontaíonn Coiste Smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe ar bhonn cás ar chás:

Daoine aonair, eintitis agus comhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha

Sna hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/735 (arna leasú), liostaítear daoine aonair agus daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach thuasluaite faoi láthair. Déantar na liostaí a nuashonrú go tráthrialta (gach 12 mhí ar a laghad).

Ina theannta sin, forchuirtear srianta taistil ar dhaoine aonair a liostaítear in iarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/740 (arna leasú), cé is moite d’eisceachtaí arna gcinneadh de réir an cháis, lena n-áirítear:

Díolúintí daonnúla

I gcomhréir le Rún 2664 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, le Rialachán (AE) 2023/720 ón gComhairle agus le Cinneadh (CBES) 2023/726 ón gComhairle, tugtar isteach i ndlí an Aontais díolúine do na bearta calctha sócmhainní chun cúnamh daonnúil agus gníomhaíochtaí fóirithinte eile a sheachadadh go tráthúil arna ndéanamh ag cláir de chuid na Náisiún Aontaithe, ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag eagraíochtaí neamhrialtasacha atá rannpháirteach i bpleananna freagartha daonnúla na Náisiún Aontaithe agus ag comhlachtaí iomchuí eile.

Ní mór do sholáthraithe atá ag brath ar an díolúine dhaonnúil iarrachtaí réasúnta a dhéanamh chun faibhriú aon sochar a thoirmisctear le smachtbhannaí do dhaoine aonair nó d’eintitis liostaithe a íoslaghdú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH AGUS AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm ag Cinneadh (CBES) 2015/740 agus Rialachán (AE) 2015/735 ón 9 Bealtaine 2015.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh (CBES) 2015/740 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2015 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin Theas agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/449/CBES (IO L 117, 8.5.2015, lgh. 52–58).

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Chinneadh (CBES) 2015/740. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) 2015/735 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2015 maidir le bearta sriantacha i ndáil leis an staid sa tSúdáin Theas, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 748/2014 (IO L 117, 8.5.2015, lgh. 13–24).

Féach an leagan comhdhlúite.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal V — Forálacha ginearálta maidir le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais agus forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Caibidil 2 — Forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Roinn 1 — Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 29 (sean–Airteagal 15 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 33).

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a cúig — Gníomhaíocht sheachtrach an Aontais — Teideal IV — Bearta sriantacha — Airteagal 215 (sean-Airteagal 301 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 144).

Nuashonraithe 15.03.2023