Straitéis bhithéagsúlachta an Aontais do 2030

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht — Straitéis bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 maidir leis an dúlra a thabhairt ar ais inár saol

CAD IS AIDHM LEIS AN STRAITÉIS?

PRÍOMHPHOINTÍ

Chun beartas bithéagsúlachta a chur ar an mbealach chun téarnaimh, leagtar amach sa straitéis roinnt spriocanna agus tiomantas lena mbaint amach faoi 2030 ar a dhéanaí, sna ceithre phríomhréimse a leanas.

  1. Líonra comhleanúnach de limistéir faoi chosaint

    Maidir leis an líonra:

    • cosnaíonn sé go dlíthiúil ar a laghad 30 % de limistéar talún an Aontais agus 30 % dá limistéar farraige, agus comhtháthaítear leis conairí éiceolaíocha mar chuid de Líonra Dúlra Tras-Eorpach;
    • cosnaíonn sé go docht ar a laghad 30 % de na limistéir faoi chosaint an Aontais, lena n-áirítear gach foraois phríomhúil2 agus chianaosta3;
    • déanann sé gach limistéar cosanta a bhainistiú go héifeachtach, ag sainiú cuspóirí agus bearta caomhnaithe soiléire agus ag déanamh faireachán cuí orthu;

    Leagfaidh an Coimisiún Eorpach amach critéir agus treoir le haghaidh limistéir bhreise faoi chosaint agus faoi dhianchosaint faoi dheireadh 2021 i gcomhpháirt le tíortha eile an Aontais.

    Beidh go dtí deireadh 2023 ag tíortha AE dul chun cinn suntasach a thaispeáint, eadhon limistéir nua faoi chosaint a ainmniú go dlíthiúil agus conairí éiceolaíocha a chomhtháthú.

    Déanfaidh an Coimisiún measúnú maidir le cé acu an bhfuil an tAontas ar an mbealach chun spriocanna 2030 a bhaint amach nó má tá gá le gníomhaíochtaí níos láidre, lena n–áirítear reachtaíocht AE, faoi 2024.

  2. Plean athchóirithe dúlra an Aontais

    Cuimsítear sa phlean na gealltanais seo a leanas do 2030:

    • spriocanna athchóirithe dúlra an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a mholadh in 2021, faoi réir measúnaithe tionchair;
    • réimsí suntasacha éiceachóras díghrádaithe agus éiceachóras atá ar mhórán carbóin a athshlánú;
    • a chinntiú nach léiríonn gnáthóga agus speicis aon mheath, agus go sroicheann 30 % ar a laghad díobh siúd a bhfuil stádas caomhnaithe neamhfhabhrach acu stádas fabhrach, nó go léiríonn siad treocht dhearfach ar a laghad;
    • an meath i bpailneoirí a aisiompú;
    • riosca agus úsáid lotnaidicídí ceimiceacha a laghdú faoi 50 % agus úsáid lotnaidicídí atá níos guaisí a laghdú faoi 50 %;
    • 25 % ar a laghad den talamh talmhaíochta a bhainistiú faoin bhfheirmeoireacht orgánach agus rannpháirtíocht i gcleachtais agrai-éiceolaíocha a mhéadú go suntasach;
    • limistéir shuntasacha de shuíomhanna ithreach éillithe a athshlánú;
    • 3 bhilliún crann a phlandú ar mhaithe na bithéagsúlachta, de réir prionsabail éiceolaíochta;
    • 25 000 km ar a laghad d’aibhneacha a bhfuil sruth reatha iontu a athshlánú;
    • líon na speiceas atá ar “liosta dearg” na speiceas atá faoi bhagairt ó speicis choimhthíocha ionracha a laghdú faoi 50 %;
    • caillteanais chothaitheach ó leasacháin a laghdú faoi 50 %, agus mar thoradh air sin laghdú arb ionann le 20 % ar a laghad a bheith ar úsáid leasachán;
    • tacú le cathracha ina bhfuil níos mó ná 20 000 áitritheoir chun pleananna glasaithe uirbeacha uaillmhianacha a chur i bhfeidhm faoi dheireadh 2021;
    • deireadh a chur leis na héifeachtaí diúltacha a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta agus astarraingthe ar speicis agus gnáthóga íogaire nó iad a laghdú;
    • deireadh a chur le seachghabháil4 speiceas muirí nó í a laghdú go leibhéal a cheadaíonn a n-aisghabháil agus a gcaomhnú.
  3. Athrú claochlaitheach a chumasú

    D’fhonn cur chun feidhme na ngealltanas a chinntiú agus athrú claochlaitheach a spreagadh, déanfaidh an Coimisiún agus tíortha an Aontais an méid a leanas.

    • Creat nua rialachais bhithéagsúlachta an Aontais a leagan amach le hoibleagáidí cur chun feidhme agus garspriocanna chun cuntasacht agus comhfhreagracht a chinntiú ó gach gníomhaí agus iad ag comhlíonadh na ngealltanas bithéagsúlachta. Neartófar leis an gcreat rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí agus rialachas trédhearcach agus rannpháirteach freisin. Cuimseofar leis sásra faireacháin agus athbhreithnithe le tacar soiléir táscairí comhaontaithe chun measúnú rialta ar an dul chun cinn a chumasú agus gníomh ceartaitheach a leagan amach más gá. Déanfaidh an Coimisiún an cur chuige a mheas in 2023, agus breithneoidh sé an bhfuil gá ar féidir a bheith ann le bunú rialachais atá ceangailteach ó thaobh dlí.
    • Cur chun feidhme agus forfheidhmiú reachtaíocht chomhshaoil an Aontais a mhéadú.
    • Tógáil ar chur chuige na sochaí uile i leith chosaint na bithéagsúlachta, gnó a fhostú, maoiniú príobháideach agus poiblí a shlógadh ar leibhéal náisiúnta agus AE, infheistíochtaí a threorú i dtreo téarnaimh ghlais agus réitigh bunaithe ar an dúlra a úsáid, chomh maith le heolas, oideachas agus scileanna a neartú maidir le cosaint agus athchóiriú na bithéagsúlachta.
  4. Clár oibre uaillmhianach bithéagsúlachta domhanda

    Cuirfidh an tAontas leis an gclár oibre sin trí ghealltanas a thabhairt an méid a leanas a dhéanamh:

    • oibriú ar son na bithéagsúlachta le comhpháirtithe atá ar aon intinn i gcomhrialtas ardleibhéil agus ceannaireacht le dea-shampla a áirithiú maidir le creat bithéagsúlachta domhanda uaillmhianach ó 2020 amach;
    • gníomhaíocht sheachtrach a chur chun feidhme leis an aidhm cosaint agus athchóiriú na bithéagsúlachta a chur chun cinn, go háirithe maidir le rialachas idirnáisiúnta na n–aigéan, an trádáil, an comhar idirnáisiúnta, an beartas comharsanachta agus an slógadh acmhainní.

    Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an dul chun cinn faoi 2024 agus déanfaidh sé an gá le tuilleadh gníomhaíochta chun cuspóirí na straitéise a bhaint amach a mheas chomh maith.

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Bithéagsúlacht: éagsúlacht na beatha ar Domhan lena n-áirítear géinte, speicis agus éiceachórais.
  2. Foraois phríomhúil: foraois nár leagadh riamh agus a d’fhorbair tar éis a suaite nádúrtha agus faoi phróisis nádúrtha, beag beann ar a haois.
  3. Foraois chianaosta: cuid d’fhoraois a inar fhorbair struchtúir agus speicis a bhaineann de ghnáth le foraois chianaosta den chineál sin.
  4. Seachghabháil: éisc agus speicis mhara a ghabhtar de thaisme.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 — An dúlra a thabhairt ar ais inár saol (COM(2020) 380 críochnaitheach, )

nuashonrú is deireanaí