Is é is aidhm leis laghdú suntasach a dhéanamh ar líon na mbásanna agus na ngortuithe tromchúiseacha ar bhóithre an Aontais Eorpaigh (AE) trí theicneolaíochtaí sábháilteachta úrscothacha a thabhairt isteach mar threalamh caighdeánach feithiclí, agus iomaíochas mhonaróirí gluaisteán AE ar an margadh domhanda a fheabhsú tríd an gcéad chreat dlíthiúil riamh de chuid AE a sholáthar le haghaidh feithiclí uathoibrithe agus feithiclí lán–uathoibrithe.
Leasaítear leis Rialachán (AE) 2018/858 maidir le ceadú agus maidir le faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí (féach an achoimre).
PRÍOMHPHOINTÍ
Leis an rialachán ginearálta sábháilteachta nua seo déantar ceanglais sábháilteachta feithiclí AE a nuashonrú, lena n–áirítear na cinn lena dtugtar aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní shonracha a bhaineann le húsáideoirí soghonta bóithre amhail coisithe agus rothaithe.
Ardchórais feithiclí
Ní mór do gach feithicil nua na gnéithe sábháilteachta seo a leanas a bheith feistithe orthu:
cúnamh cliste luais;
comhéadan chun go mbeifear ábalta comhghlasáil alcóil (anáileadán) a fheistiú;
córais rabhaidh brathadóra codlatachta agus aire tiománaí;
ardchórais rabhaidh do sheachmall tiománaí;
comharthaí stop éigeandála;
córais bhraite cúlaithe;
taifeadáin sonraí teagmhais;
faireachán cruinn ar bhrú na mbonn.
Ní mór do charranna agus veaineanna a bheith feistithe le bearta sábháilteachta breise lena n–áirítear an méid a leanas:
ardchórais coscánaithe éigeandála lenar féidir mótarfheithiclí agus úsáideoirí soghonta bóithre os a gcomhair a bhrath;
córais éigeandála le fanacht i lána;
criosanna cosanta tuairte cloiginn méadaithe atá in ann gortuithe a mhaolú in imbhuailtí le húsáideoirí soghonta bóithre.
Maidir le busanna agus trucailí, chomh maith leis na ceanglais ghinearálta a chomhlíonadh agus a bheith feistithe leis na córais atá ann cheana (amhail córas rabhaidh imeachta ó lána agus ardchórais coscánaithe éigeandála), ní mór dóibh chomh maith:
bheith feistithe le hardchórais atá in ann coisithe agus rothaithe atá gar do thosach agus do neastaobh na feithicle a bhrath, rabhadh a thabhairt do thiománaithe go bhfuil siad ansin agus imbhuailtí le húsáideoirí soghonta bóithre dá leithéid a sheachaint;
bheith tógtha ar bhealach a chuideoidh le caochspotaí os comhair an tiománaí agus ó thaobh an tiománaí a laghdú.
Ceadaítear leis an rialachán don Choimisiún Eorpach gníomhartha cur chun feidhme sonracha a ghlacadh ar mhaithe le sábháilteacht feithiclí faoi thiomáint hidrigine agus feithiclí uathoibrithe i bhfianaise forbairtí teicniúla sa todhchaí.
Athbhreithniú
Ní mór don Choimisiún tuarascáil mheastóireachta a chur i láthair ar éifeachtacht na mbeart agus na gcóras sábháilteachta faoin .
Más iomchuí, ní mór go ndéanfaí moltaí sa tuarascáil agus togra le haghaidh reachtaíochta a áireamh chun timpistí agus gortuithe in iompar de bhóthar a laghdú nó a dhíothú tuilleadh.
Ba chóir tuarascáil eile a chur i láthair gach 5 bliana ina dhiaidh sin.
Gníomharthacur chun feidhme agus tarmligthe
Ghlac an Coimisiún iad seo a leanas:
dhá ghníomh cur chun feidhme:
Rialachán Cur Chun Feidhme (EU) 2021/535 maidir le nósanna imeachta agus sonraíochtaí teicniúla aonfhoirmeacha le haghaidh cineálcheadú feithiclí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid teicniúla ar leithligh atá beartaithe le haghaidh feithiclí dá leithéid, a mhéid a bhaineann lena saintréithe ginearálta déanmhais agus lena sábháilteacht,
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/646 maidir le nósanna imeachta agus sonraíochtaí teicniúla aonfhoirmeacha le haghaidh cineálcheadú mótarfheithiclí i ndáil lena gcórais éigeandála le fanacht i lána; agus
ceithre ghníomh tarmligthe:
Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh 2021/1243 ina bhfuil rialacha mionsonraithe maidir le suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce i mótarfheithiclí a éascú agus lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an rialachán sin,
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1341 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta sonracha tástála agus ceanglais shonracha theicniúla i ndáil le córais rabhaidh brathadóra codlatachta agus aire tiománaithe feithiclí,
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1958 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2144 ina bhfuil rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta sonracha tástála agus ceanglais shonracha theicniúla le haghaidh cineálcheadú feithiclí maidir lena gcórais um chúnamh cliste luais agus maidir le cineálcheadú na gcóras um chúnamh cliste luais agus maidir le cineálcheadú na gcóras sin mar aonaid theicniúla ar leithligh,
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/545 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2144 ina bhfuil rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta sonracha tástála agus ceanglais shonracha theicniúla i ndáil le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca lena dtaifeadán sonraí teagmhais agus i ndáil le cineálcheadú na gcóras sin mar aonaid theicniúla ar leithligh.
Leasaítear leis na rialacháin sin ar fad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144 freisin.
Tá an rialachán mar chuid den tríú pacáiste ón gCoimisiún An Eoraip ag gluaiseacht atá saincheaptha chun aistriú réidh a áirithiú i dtreo córas soghluaisteachta atá slán, glan agus uathoibríoch. Áirítear an méid a leanas sa phacáiste.
Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún (IO L 325, , lgh. 1-40).
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/545 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na nósanna imeachta sonracha tástála agus na ceanglais shonracha theicniúla i ndáil le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca lena dtaifeadán sonraí teagmhais agus i ndáil le cineálcheadú na gcóras sin mar aonaid theicniúla ar leithligh agus lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin (IO L 107, , lgh. 18–23).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1958 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na nósanna imeachta sonracha tástála agus na ceanglais shonracha theicniúla i ndáil le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca lena gcórais chliste um chúnamh luais agus i ndáil le cineálcheadú na gcóras sin mar aonaid theicniúla ar leithligh agus lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin (IO L 409, , lgh. 1–161).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1341 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta sonracha tástála agus ceanglais shonracha theicniúla i ndáil le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca lena gcórais rabhaidh codlatachta agus aire tiománaí agus lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin (IO L 292 , lgh. 4–19).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1243 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce a éascú i mótarfheithiclí agus lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin (IO L 272, , lgh. 11–15).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/646 ón gCoimisiún an lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta agus sonraíochtaí teicniúla aonfhoirmeacha le haghaidh cineálcheadú mótarfheithiclí i ndáil lena gcórais éigeandála le fanacht i lána (IO L 133 , lgh. 31–53).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2021/646 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán cur chun feidhme (AE) 2021/535 ón gCoimisiún an lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus sonraíochtaí teicniúla maidir le cineálcheadú feithiclí, agus maidir le cineálcheadú na gcóras, na gcomhpháirteanna agus na n-aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena saintréithe ginearálta déanmhais agus lena sábháilteacht (IO L 117, , lgh. 1–207).
Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, , lgh. 101-218).
Rialachán (AE) 2015/166 ón gCoimisiún an lena ndéantar forlíonadh agus leasú ar Rialachán (CE) Uimh 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cuimsiú na nósanna imeachta sonracha, na modhanna measúnúcháin agus na gceanglas teicniúil freisin, agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialacháin (AE) Uimh 1003/2010 ón gCoimisiúin, Rialachán (AE) Uimh 109/2011 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh 458/2011 ón gCoimisiún (IO L 28, , lgh. 3–39).
Rialachán (AE) Uimh 1230/2012 ón gCoimisiún an lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais chineálcheadaithe do mhaiseanna agus toisí mótarfheithiclí agus a leantóirí agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 353, , lgh. 31–79).
Rialachán (AE) Uimh 351/2012 ón gCoimisiún an lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chineálcheadaithe chun córais rabhaidh imeachta ó lána a shuiteáil i mótarfheithiclí (IO L 110, , lgh. 18–30).
Rialachán (AE) Uimh 347/2012 ón gCoimisiún an lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chineálcheadaithe do chatagóirí áirithe mótarfheithiclí maidir le hardchórais choscánaithe éigeandála (IO L 109, , lgh. 1–17).
Rialachán (AE) Uimh 130/2012 ón gCoimisiún an maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí i dtaca le rochtain ar fheithiclí agus so–ionramháilteacht feithiclí agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chineálcheadaithe maidir le sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n–aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (IO L 43, , lgh. 6–14).
Rialachán (AE) Uimh 65/2012 ón gCoimisiún an lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táscairí lámhghiarála agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 28, , lgh. 24–38).
Rialachán (AE) Uimh 458/2011 ón gCoimisiún an maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí maidir le suiteáil a mbonn agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n–aonad teicniúil leithleach atá beartaithe dóibh (IO L 124, , lgh. 11–20).
Rialachán (AE) Uimh 109/2011 ón gCoimisiún an lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chineálcheadaithe do chatagóirí áirithe mótarfheithiclí agus a leantóirí maidir le córais coiscthe sprae (IO L 34, , lgh. 2–28).
Rialachán (CE) Uimh 19/2011 ón gCoimisiún an maidir le ceanglais um chineál–cheadú plátaí reachtúla monaróirí agus maidir le huimhir aitheantais feithiclí agus a leantóirí agus lena gcuirtear i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n–aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (IO L 8, , lgh. 1–13).
Rialachán (AE) Uimh 1009/2010 ón gCoimisiún an maidir le ceanglais cineálcheadaithe le do rothghardaí ar mhótarfheithiclí áirithe agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n–aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (OJ L 292, , lgh. 21–29).
Rialachán (AE) Uimh 1008/2010 ón gCoimisiún an maidir le ceanglais chineálcheadaithe do chórais cuimilteoirí agus niteoirí gaothscátha do mhótarfheithiclí áirithe agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n–aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (IO L 292, , lgh. 2–20).
Rialachán (AE) Uimh 1005/2010 ón gCoimisiún an maidir le ceanglais um chineálcheadú le haghaidh feistí tarraingthe mótarfheithiclí agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n–aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (OJ L 291, , lgh. 36–42).
Rialachán (CE) Uimh 1003/2010 ón gCoimisiún an maidir le ceanglais chineálcheadaithe don spás le haghaidh gléasadh agus feistiú plátaí clárúcháin cúil ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n–aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (IO L 291, , lgh. 22–30).
Rialachán (AE) Uimh 672/2010 ón gCoimisiún an maidir le córais díreoite agus dínéalaithe gaothscátha mótarfheithiclí áirithe agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais i gcomhair cineál–cheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n–aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (OJ L 196, , lgh. 5–20).
Rialachán (AE) Uimh 406/2010 ón gCoimisiún an lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh 79/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí faoi thiomáint hidrigine (IO L 122, , lgh. 1–107).
Rialachán (CE) Uimh 631/2009 an lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh 78/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí maidir le cosaint coisithe agus úsáideoirí soghonta eile bóithre, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE agus lena n–aisghairtear Treoir 2003/102/ CE agus Treoir 2005/66/CE (IO L 195, , lgh. 1–60).
Rialachán (CE) Uimh 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n–aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (OJ L 200, , lgh. 1–24).