Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2019/2017 maidir le lipéadú fuinnimh miasniteoirí teaghlaigh
Tá miasniteoirí teaghlaigh faoi réir rialacha éicidhearthóireachta1 agus ceanglais lipéadaithe fuinnimh2 nua agus athbhreithnithe. Tá dlúthbhaint ag éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh le heolas luachmhar a chur ar fáil do thomhaltóirí Eorpacha chun iad a chur ar a gcumas rogha eolasach a dhéanamh agus faoi dheireadh an margadh a mhéadú do tháirgí atá níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de.
Leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/2022 na ceanglais éicidhearthóireachta de bhun Threoir 2009/125/CE, chun miasniteoirí teaghlaigh, lena n–áirítear miasniteoirí teaghlaigh ionsuite agus miasniteoirí teaghlaigh leictreacha a fheidhmíonn trí na príomhlínte ar féidir iad a oibriú le ceallraí freisin, a dhíol nó a chur i seirbhís. Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 agus aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1016/2010 leis.
Leagtar amach rialacha maidir le lipéadú na bhfearas sin agus soláthar faisnéise breise táirge maidir leis na fearais sin i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017. Forlíontar leis Rialachán (AE) 2017/1369 agus aisghairtear leis Rialachán tarmligthe (AE) Uimh. 1059/2010.
Rialachán (AE) 2019/2022:
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 maidir le lipéadú fuinnimh agus leagtar amach an méid seo a leanas ann:
An aicme éifeachtúlachta fuinnimh agus an aicme astaíochtaí torainn aeriompartha atá bunaithe ar innéacs atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.
Ní mór do sholáthraithe an méid seo a leanas a áirithiú:
Ní mór do dhéileálaithe an méid seo a leanas a áirithiú:
Caithfidh ardáin óstála idirlín a áirithiú go bhfuil an lipéad leictreonach agus an bhileog faisnéise táirge leictreonach a sholáthróidh an déileálaí taispeánta go soiléir, de réir Iarscríbhinn VIII, ar gach miasniteoir teaghlaigh a dhíolfar go díreach ar fud an tsuímh.
Go gcuirfidh na húdaráis náisiúnta na nósanna imeachta fíorúcháin atá leagtha síos in Iarscríbhinn IX i bhfeidhm agus seiceálacha faireachais margaidh á ndéanamh.
Ní mór don Choimisiún Eorpach athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacháin sin i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil a bheidh déanta 6 bliana óna dteacht i bhfeidhm lena n–áirítear an fhéidearthacht tabhairt faoi chuspóirí an gheilleagair chiorclaigh.
Tá an dá cheann i bhfeidhm ón .
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (AE) 2019/2022 ón gCoimisiún an lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh miasniteoirí teaghlaigh de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1016/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, , lgh. 267-284)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh ar mhiasniteoirí teaghlaigh agus lena n–aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1059/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, , lgh. 134-154)
nuashonrú is deireanaí