Aisghairtear leis Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003, ar a dtugtar “Rialachán na Bruiséile IIa”, chun rialacha níos éifeachtaí a sholáthar a chosnóidh leanaí agus a dtuismitheoirí atá gafa i ndíospóidí maidir le freagracht tuismitheoirí trasteorann, mar shampla maidir le cúram, cearta rochtana agus fuadach leanaí.
Tá sé mar aidhm leis nósanna imeachta a luathú mar gheall ar an ngá le gluaiseacht go gasta chun leas an linbh a chosaint i gcuid mhaith de na cúinsí sin.
PRÍOMHPHOINTÍ
Baineann an rialachán le cúrsaí sibhialta1 maidir leo seo a leanas:
colscaradh;
idirscaradh dlíthiúil;
neamhniú pósta;
freagracht tuismitheora (a leagan, a fheidhmiú, a chleachtadh, a roinnt, a shrianadh nó deireadh a chur leis), go háirithe maidir le:
cearta coimeádta agus rochtana;
caomhnóireacht, coimeádaíocht2 agus institiúidí comhchosúla;
I gcomhthéacs trasteorann, foráiltear sa rialachán don mhéid a leanas:
rialacha comhchuibhithe maidir le dlínse i ndáil le colscaradh, scaradh dlíthiúil agus neamhniú pósta;
rialacha comhchuibhithe maidir le dlínse i ndíospóidí i ndáil le freagracht tuismitheora amhail cúram, cearta rochtana nó socrú linbh i dtír eile AE;
nós imeachta feabhsaithe um fhilleadh i gcásanna maidir le fuadach leanaí trí spriocdhátaí soiléire a thabhairt isteach ionas gur féidir cásanna a réiteach go tapa; beidh ar chúirteanna céadchéime agus dara céime a gcinntí a thabhairt laistigh de 6 seachtaine;
idirghabháil a chur chun cinn;
tabharfar an deis do leanaí éisteacht a fháil sna himeachtaí a bhaineann leo;
deireadh a chur leis an ngá le nós imeachta idirghabhálaithe (“exequatur”) le haghaidh cinntí maidir le freagracht tuismitheora, rud a shábhálfaidh am agus costas do dhaoine aonair;
rialacha níos soiléire faoi leanaí a shuíomh i dtír eile AE, lena n–áirítear an gá le toiliú i ngach cás, ach amháin sa chás go bhfuil leanbh le suí le tuismitheoir;
cinntí a chur chun feidhme ar mhodh níos éifeachtaí, forais fhéideartha a thabhairt isteach chun forfheidhmiú a chur ar fionraí nó a dhiúltú;
cúrsaíocht shimplithe cinntí, ionstraimí barántúla3 agus comhaontuithe áirithe laistigh de AE trí rialacha maidir le haithint agus forghníomhú i dtíortha eile AE;
comhoibriú níos fearr idir údaráis láir thíortha éagsúla AE agus idir na cúirteanna, agus cearta na bpáirtithe agus rúndacht á n–urramú.
Comhlánaíonn an rialachán Coinbhinsiún na Háige, 1980 maidir leis na Gnéithe Sibhialta d’Fhuadach Idirnáisiúnta Leanaí lena dtugtar aghaidh ar chinntí lena ordaítear an leanbh a thabhairt ar ais chuig a thír nó a tír thionscnaimh.
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 le Rialachán (AE) 2019/1111 ón .
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón . Tá roinnt rialacha maidir le gníomhartha tarmligthe agus an ceanglas atá ar thíortha AE faisnéis a sholáthar don Choimisiún Eorpach i bhfeidhm ón .
Cúrsaí sibhialta: imeachtaí cúirte sibhialta agus na cinntí a leanann as. Chun críocha an rialacháin, cuimsítear sa téarma gach iarratas, beart nó cinneadh a bhaineann le “freagracht tuismitheora” de réir bhrí an rialacháin seo, i gcomhréir lena chuspóirí, agus bunaithe ar chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Coimeádaíocht: duine a ceapadh go dlíthiúil chun aire a thabhairt do leasanna duine, mar gheall ar a óige nó ar a hóige, nó ar locht ar a thuiscint nó ar a tuiscint, nó ar chúis éigin eile, nach bhfuil ábalta aire a thabhairt dóibh é féin nó í féin. Cuirtear i bhfeidhm é ar chaomhnóir eastát an bharda (i.e. naíonán a chuireann údarás an dlí faoi chúram caomhnóra) ar leith ó chaomhnóir an duine.
Ionstraimí barántúla: arna sainiú i Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 mar:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) 2019/1111 ón gComhairle an maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú cinntí in ábhair maidir le pósadh agus freagracht tuismitheora, agus maidir le fuadach idirnáisiúnta leanaí (Athmhúnlú) (IO L 178, , lgh. 1-115)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus freagracht tuismitheora, lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000 (IO L 338, , lgh. 1-29)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl sa leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 ón gComhairle an maidir le dlínse, leis an dlí is infheidhme, le haithint agus forghníomhú cinntí agus comhar in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála (IO L 7, , lgh.1-79)