Margadh inmheánach sa leictreachas (ó 2021)
ACHOIMRE AR:
Treoir (AE) 2019/944 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
- Leagtar amach inti rialacha maidir le leictreachas a ghiniúint, a tharchur, a dháileadh, a sholáthar agus a stóráil, mar aon le gnéithe cosanta tomhaltóirí, a bhfuil sé mar aidhm leo margaí leictreachais iomaíocha, dírithe ar thomhaltóirí, solúbtha, cothroma agus trédhearcacha a chruthú in AE.
- I measc rudaí eile, tá rialacha ann maidir le margaí miondíola leictreachais, agus i Rialachán (AE) 2019/943 a glacadh ag an am céanna tá rialacha maidir le margadh mórdhíola agus oibriú líonra go príomha.
- Aisghairtear léi Treoir 2009/72/CE (féach an achoimre Margadh inmheánach sa leictreachas) ón 1 Eanáir 2021.
PRÍOMHPHOINTÍ
Cearta custaiméara
Soiléirítear agus treisítear leis an treoir cearta reatha custaiméirí agus tugtar isteach cinn nua:
- an ceart chun soláthróir a roghnú go héasca agus srianta ar tháillí aistrithe agus scoir, ach amháin i gcás go dtugtar chun críche conarthaí ar théarma seasta ar phraghas seasta roimh a ndáta deiridh;
- an ceart chun rochtain a fháil ar uirlis comparáide praghsanna amháin ar a laghad a chomhlíonann ceanglais iontaoibhe áirithe; féadfar trustmharc iontaobhais a eisiúint chuig uirlisí comhlíontacha a úsáidtear go príobháideach;
- an ceart chun dul isteach i bpobal fuinnimh saoránach agus cearta iomlána tomhaltóirí a choinneáil, lena n–áirítear an ceart an pobal a fhágáil gan phionóis;
- an ceart ar chonradh praghais dinimiciúil (bunaithe ar phraghsanna sa mhargadh ar an láthair nó sa mhargadh roimh ré) ó sholáthróir amháin ar a laghad agus ó gach soláthróir ag a bhfuil níos mó ná 200 000 custaiméirí, agus an ceart chun faisnéis a fháil faoi na deiseanna agus na rioscaí atá i gceist;
- an ceart ar chonradh comhiomlánaithe atá neamhspleách ar sholáthar leictreachais;
- an ceart chun leictreachas a tháirgeadh, a ídiú, a stóráil agus a dhíol, go leithleach nó trí chomhiomlánóir*;
- an ceart chun méadar cliste a iarraidh laistigh de 4 mhí, agus ní mór do thíortha AE a áirithiú go gcuirfear córais méadraithe chliste i bhfeidhm, ach amháin nuair a mheastar nach bhfuil sé éifeachtach ó thaobh costais de;
- an ceart atá ag custaiméirí atá bocht ó thaobh an fhuinnimh de nó custaiméirí leochaileacha ar chosaint spriocdhírithe, ach gan socrú praghsanna rialaithe a cheadú ach faoi choinníollacha áirithe;
- an ceart a bheith ag custaiméirí atá i mbaol go ndéanfar iad a dhíscor faisnéis a fháil faoi roghanna eile, amhail pleananna íocaíochta nó tréimhse faoisimh, i bhfad roimh ré.
Billeáil
- Ba chóir go mbeadh billí soiléir, ceart, gonta agus curtha i láthair ar bhealach a fhágann gur furasta comparáidí a dhéanamh.
- Ba chóir faisnéis billeála a sholáthar gach 6 mhí ar a laghad nó uair amháin gach 3 mhí, má iarrtar é, nó, i gcás gur roghnaigh an custaiméir deiridh billeáil leictreonach, agus uair amháin sa mhí ar a laghad más féidir méadair a léamh go cianda.
Comhiomlánóirí
Ní mór do thíortha AE:
- a áirithiú gur féidir le comhiomlánóirí conarthaí comhiomlánaithe a thairiscint do chustaiméirí gan a bheith ar na custaiméirí sin toiliú a fháil óna soláthróir;
- a áirithiú go mbeidh comhiomlánóirí rannpháirteach go cothrom i ngach margadh leictreachais agus go gcaithfidh oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin go cothrom le comhiomlánóirí agus go cothrom le rannpháirtithe eile sa mhargadh, lena n–áirítear nuair a sholáthraíonn siad seirbhísí;
- rialacha trédhearcacha a bhunú lena sannfar róil agus freagrachtaí do gach rannpháirtí sa mhargadh agus lena leagfar amach rialacha maidir le malartú sonraí idir rannpháirtithe sa mhargadh;
- rialacha a bhunú maidir le cúiteamh idir comhiomlánóirí agus soláthróirí i gcás ina mbíonn éagothroime mar thoradh ar ghníomhachtú éilimh; cumhdóidh an cúiteamh sin na costais a bhíonn mar thoradh air sin amháin agus i ríomh an chúitimh sin féadfar na tairbhí sistéamacha a bhaineann le freagairt ar éileamh a chur san áireamh.
Maidir le pobail fuinnimh saoránach
- is ionann iad agus eintitis atá á rialú ag scairshealbhóirí nó comhaltaí bunaithe ar rannpháirtíocht dheonach agus oscailte, a bhfuil sé de cheart acu gabháil do ghiniúint, dáileadh, soláthar, tomhaltas, seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh nó seirbhísí muirir d’fheithiclí leictreacha, nó seirbhísí fuinnimh eile a sholáthar dá gcomhaltaí nó dá scairshealbhóirí;
- tá an ceart acu a bheith nasctha le greillí dáileacháin agus go gcaithfear leo ar bhealach neamh-idirdhealaitheach i dtéarmaí rialacháin nó rochtana ar gach margadh leictreachais;
- tá an ceart acu a dtáirgeadh leictreachais féin a roinnt lena gcomhaltaí de réir anailís costais is tairbhe ar acmhainní fuinnimh dáilte;
- tá an ceart acu, nuair a cheadaíonn an tír AE atá i gceist, líonraí dáileacháin a shealbhú, a bhunú, a cheannach nó a léasú faoi réir na rialachán is infheidhme.
Rochtain ar shonraí agus idir-inoibritheacht
- Nuashonraítear leis an treoir rialacha maidir le rochtain ar shonraí méadraithe agus ídithe/giniúna ag oibreoirí líonra, tomhaltóirí, soláthróirí agus soláthraithe seirbhíse. Thairis sin, samhlaítear go mbunóidh an Coimisiún Eorpach rialacha idir-inoibritheachta dlí thánaistigh chun malartú sonraí a éascú.
- Ní mór do bhainisteoirí sonraí rochtain neamh-idirdhealaitheach ar shonraí ó chórais méadraithe chliste a áirithiú agus na rialacha um chosaint sonraí á gcomhlíonadh.
Leictrea-shoghluaisteacht
- Ní mór do thíortha AE creat rialála a bhunú chun nascadh pointí athluchtaithe feithiclí leictreacha leis an líonra dáileacháin a éascú.
- Ní bheadh cead ag OCDanna pointí athluchtaithe a shealbhú, a fhorbairt, a bhainistiú ná a oibriú ach amháin sa chás nár léirigh aon chomhlacht eile suim i nós imeachta oscailte tairisceana, faoi réir ceadú rialála agus i gcomhréir le rialacha rochtana tríú páirtí.
Maidir le hoibreoirí córas dáileacháin (OCDanna)*:
- tá siad freagrach as cumas fadtéarmach an chórais a áirithiú chun freastal ar éilimh ar dháileadh leictreachais, lena n–áirítear comhtháthú cost-éifeachtúil suiteálacha nua giniúna leictreachais agus go háirithe na cinn a tháirgeann leictreachas ó fhoinsí inathnuaite, chomh maith leis an bhfaisnéis is gá a sholáthar d’úsáideoirí chun rochtain éifeachtacht a fháil ar an gcóras úsáid éifeachtach a bhaint as;
- ní mór dóibh pleananna forbartha líonra a fhoilsiú ina leagtar amach na hinfheistíochtaí pleanáilte don na 5 bliana go 10 mbliana ina dhiaidh sin;
- i gcás go bhfuil siad ina gcuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach, ní mór dóibh a bheith neamhspleách ar a laghad ó thaobh a bhfoirme dlíthiúla, a n–eagraíochta agus a gcinnteoireachta ó ghníomhaíochtaí eile nach mbaineann le dáileadh;
- níl cead acu saoráidí stórála a shealbhú, a fhorbairt, a bhainistiú ná a oibriú ach amháin má chomhlíontar coinníollacha sonracha áirithe.
Maidir le hoibreoirí córais tarchurtha (OCTanna)*:
- ní mór dóibh cumas fadtéarmach an chórais a áirithiú chun freastal ar éilimh ar tharchur leictreachais, i ndlúthchomhar le OCTanna comharsanacha agus OCDanna;
- déanfaidh siad oibriú slán an chórais a bhainistiú lena n–áirítear an chothromaíocht a choinneáil idir soláthar agus éileamh leictreachais;
- níl cead acu saoráidí stórála fuinnimh a shealbhú, a fhorbairt, a bhainistiú ná a oibriú, faoi choinníollacha comhchosúla a bhaineann le OCDanna.
Maidir le rialálaithe fuinnimh náisiúnta:
Fuinneamh glan
Is cuid í an treoir seo den phacáiste um Fhuinneamh Glan do gach Eorpach.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Beidh feidhm leis ón 1 Eanáir 2021.
Le Treoir (AE) 2019/944 athbhreithnítear Treoir 2009/72/CE agus cuireadh in ionad na treorach sin í agus ní mór dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 31 Nollaig 2020.
B’éigean dlí a dhéanamh de Threoir bhunaidh 2009/72/CE i dtíortha AE faoi 2011.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Comhiomlánóir: duine nádúrtha nó dlítheanach a chomhcheanglaíonn ualaí ilchustaiméirí nó leictreachas ginte lena dhíol, lena cheannach nó lena cur ar ceant in aon mhargadh leictreachais.
Oibreoir córas dáileacháin: duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an gcóras dáileacháin leictreachais i limistéar a oibriú agus a fhorbairt, agus as a idirnaisc le córais eile, agus as cumas fadtéarmach an chórais a áirithiú chun freastal ar éilimh réasúnta ar dháileadh leictreachais.
Oibreoirí córais tarchurtha: duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an gcóras tarchurtha leictreachais a oibriú agus a fhorbairt i gceantar, agus as a idirnaisc le córais eile, agus as cumas fadtéarmach an chórais a áirithiú chun freastal ar éilimh réasúnta ar tharchur leictreachais.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (athmhúnlú) (IO L 158, 14.6.2019, lgh. 125-199)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais agus lena n–aisghairtear Treoir 2005/89/CE (IO L 158, 14.6.2019, lgh. 1-21)
Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 158, 14.6.2019, lgh. 22-53)
Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach leictreachais (IO L 158, 14.6.2019, lgh. 54-124)
Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fhuinnimh agus Gníomhaithe ar son na hAeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoir 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán 2009/119/CE agus Rialachán (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lgh. 1-77)
Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lgh. 82-209)
Treoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena n–aisghairtear Treoir 2003/54/CE (IO L 211, 14.8.2009, lgh. 55-93)
Nuashonraithe 01.10.2019