Tá sé mar aidhm leis an rialachán seo an margadh inmheánach a neartú trí chur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh1i réimse na n–earraí agus constaicí gan údar i gcoinne na trádála a bhaint. Déantar é sin leis tríd an méid seo a leanas:
cearta agus oibleagáidí an phrionsabail d’údaráis náisiúnta agus do ghnólachtaí nuair a dhíoltar earraí i dtír eile AE a shainiú;
cosaintí a sholáthar nuair a dhiúltófaí aitheantas frithpháirteach i gcásanna aonair;
ról na bpointí teagmhála táirgí náisiúnta a threisiú mar sholáthraithe faisnéise agus pointí cumarsáide idir údaráis náisiúnta agus cuideachtaí.
Tagann an reachtaíocht in ionad Rialachán (CE) Uimh. 764/2008.
PRÍOMHPHOINTÍ
Cinntítear le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh rochtain ar an margadh maidir le hearraí nach bhfuil, nó nach bhfuil ach go páirteach, faoi réir reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais Eorpaigh.
Tá feidhm ag an rialachán maidir le:
gach cineál earraí a mhargaítear go dleathach i dtír eile AE, lena n–áirítear táirgí talmhaíochta agus iascaigh, is cuma cén bealach a ndéantar iad a tháirgeadh agus a phróiseáil;
cinntí riaracháin náisiúnta lena sriantar nó lena ndiúltaítear rochtain ar mhargadh na tíre sin maidir le hearraí den sórt sin.
Nuair a bhíonn sé beartaithe ag údarás inniúil sa tír is allmhaireoir na hearraí a mheas, féadfaidh gnólachtaí dearbhú deonach um aitheantas frithpháirteach a thaispeáint mar léiriú go ndéantar na hearraí a mhargú go dleathach i dtír eile AE.
Ní mór d’údaráis náisiúnta a mheasann earraí allmhairiúcháin faoin bprionsabal aitheantais fhrithpháirtigh an méid seo a leanas a dhéanamh:
teagmháil a dhéanamh láithreach leis an ngnólacht lena mbaineann ag míniú an mheasúnaithe atá beartaithe;
cead a thabhairt na hearraí a dháileadh agus a dhíol le linn dóibh an measúnú a dhéanamh (mura bhfuil nós imeachta réamhúdaraithe ann maidir leis na hearraí ina dtír féin nó má chuireann siad rochtain ar an margadh ar fionraí go sealadach);
glacadh le dearbhú aitheantais fhrithpháirtigh, mar aon le fianaise tacaíochta atá riachtanach chun an fhaisnéis atá ann a fhíorú, mar leorfhianaise chun a thaispeáint go ndéantar na hearraí a mhargú go dleathach i dtír eile AE. Mura soláthraítear aon dearbhú, féadfaidh an t–údarás inniúil a iarraidh ar an ngnólacht lena mbaineann doiciméadú agus faisnéis a sholáthar maidir le saintréithe na n–earraí nó an cineál earraí atá i gceist agus margaíocht dhleathach na n–earraí i dtír eile AE;
aird chuí a thabhairt ar ábhar na dtuarascálacha tástála nó na ndeimhnithe a d’eisigh comhlacht um measúnú comhréireachta a chuir aon ghnó ar fáil mar chuid den mheasúnú;
fógra a thabhairt don ghnólacht láithreach — agus don Choimisiún Eorpach agus do thíortha AE laistigh de 20 lá — má chinneann siad rochtain ar an margadh chuig na hearraí a dhiúltú nó a shrianadh;
agus cinneadh diúltach riaracháin á ghlacadh, an fáth a bhfuil rochtain ar an margadh á srianadh nó á diúltú acu a leagan amach ar bhealach sách mionsonraithe agus sách réasúnaithe, lena n–áirítear an méid seo a leanas
an riail theicniúil náisiúnta ar a bhfuil an cinneadh bunaithe
na forais dhlisteanacha leasa phoiblí a thugann údar le húsáid na rialach teicniúla náisiúnta
an fhianaise eolaíoch agus theicniúil a breithníodh
achoimre ar na hargóintí ábhartha a chuir an gnólacht lena mbaineann chun tosaigh
fianaise lena dtaispeántar go bhfuil an cinneadh comhréireach
na leigheasanna náisiúnta éagsúla atá ar fáil don ghnólacht agus a dteorainneacha ama, lena n–áirítear an fhéidearthacht an tseirbhís saor in aisce SOLVIT a úsáid (a bhféadfadh Tuairim ón gCoimisiún a bheith mar thoradh air).
Féadfaidh údaráis náisiúnta a dhéanann measúnú ar earraí allmhairithe a ndíol nó a ndáileadh a chur ar fionraí go sealadach, agus an gnólacht, an Coimisiún agus tíortha AE a chur ar an eolas láithreach, más amhlaidh na cásanna a leanas:
faoi ghnáthchoinníollacha úsáide nó faoi choinníollacha úsáide is féidir a thuar le réasún, baineann riosca tromchúiseach leis na hearraí do shábháilteacht nó do shláinte an duine nó don chomhshaol, lena n–áirítear ceann nach bhfuil na héifeachtaí leis láithreach, a dteastaíonn idirghabháil thapa ón údarás inniúil ina leith; nó
is gnách go dtoirmisctear sa tír AE sin na hearraí a chur ar fáil ar an margadh, nó earraí den chineál sin a chur ar fáil ar an margadh sa tír AE sin ar fhorais mhoráltachta phoiblí nó slándála poiblí.
Mura bhfuil ionaid SOLVIT in ann réiteach maith a fháil i gcás aonair agus an nós imeachta SOLVIT in úsáid, féadfaidh an Coimisiún cuidiú leis an gcás a réiteach ar iarratas ó aon cheann d’ionaid SOLVIT lena mbaineann trí Thuairim a eisiúint. Chuige sin, ní mór don Choimisiúin:
a mheas an bhfuil cinneadh an údaráis náisiúnta comhoiriúnach le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus le ceanglais an rialacháin;
má tá faisnéis nó doiciméid bhreise ag teastáil, caithfidh sé a iarraidh ar an Ionad SOLVIT ábhartha teagmháil a dhéanamh leis an ngnólacht nó leis an údarás inniúil, chun an fhaisnéis nó na doiciméid bhreise sin a fháil;
ní mór do Tuairim a eisiúint laistigh de 45 lá;
ní mór don Ionad SOLVIT ábhartha an tuairim a chur in iúl don ghnólacht agus don údarás náisiúnta. Caithfidh an Coimisiún an Tuairim a chur in iúl do thíortha an Aontais Eorpaigh;
nuair is iomchuí, ní mór do Thuairim an Choimisiúin aon ábhair imní a shainaithint ar cheart díriú orthu i gcás SOLVIT nó ní mór dó moltaí a dhéanamh chun cabhrú leis an gcás a réiteach.
Ní mór do gach tír AEpointí teagmhála táirge a bhunú agus a chothabháil ar a críoch agus a áirithiú go bhfuil cumhachtaí agus acmhainní leordhóthanacha acu. Caithfidh na pointí teagmhála táirge:
faisnéis ar líne a sholáthar maidir le
prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus cur i bhfeidhm an rialacháin ina dtír féin
sonraí teagmhála na n–údarás náisiúnta ábhartha, lena n–áirítear sonraí na n–údarás atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na rialacha teicniúla náisiúnta is infheidhme ina dtír féin
leigheasanna agus nósanna imeachta atá ar fáil ina dtír i gcás díospóide, lena n–áirítear nós imeachta SOLVIT atá leagtha amach sa rialachán;
freagra a thabhairt, saor in aisce, laistigh de 15 lá ar iarratais ó chuideachtaí nó údaráis náisiúnta ar fhaisnéis bhreise;
nuair is gá, cuidiú le teagmhálacha a shocrú idir údaráis náisiúnta maidir le nós imeachta measúnaithe an rialacháin.
Féadfaidh AE na gníomhaíochtaí a leanas a mhaoiniú chun tacú leis an rialachán:
feachtais ardaithe feasachta;
oideachas agus oiliúint;
comhar i measc pointí teagmhála táirgí agus údaráis inniúla, agus an tacaíocht theicniúil agus lóistíochta don chomhar sin;
bailiú sonraí a bhaineann le feidhmiú phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus a thionchar ar mhargadh aonair earraí an Aontais Eorpaigh;
I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1668 ón gCoimisiún leagtar amach na sonraí is gá chun an Córas Faisnéise agus Cumarsáide maidir le Faireachas Margaidh (ICSMS) a ghlacadh chun críocha aitheantais fhrithpháirtigh.
Leis an rialachán cur chun feidhme, tugtar isteach úsáid ICSMS don mhéid seo a leanas:
fógraí maidir le cinntí riaracháin (Airteagal 5);
fógraí maidir le fionraíochtaí sealadacha (Airteagal 6);
fógra maidir le tuairim an Choimisiúin a sheoltar chuig gach tír de chuid an Aontais (Airteagal 8);
malartú faisnéise idir údaráis inniúla thíortha an Aontais a bhfuil sé de fhreagracht orthu sonraí agus doiciméid a chuireann na gnólachtaí ar fáil le linn measúnaithe a fhíorú (Airteagal 10).
Prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh: prionsabal de dhlí an Aontais faoi nach bhféadfaidh tíortha AE toirmeasc a chur ar dhíol earraí ar a gcríoch ar earraí iad atá ar an margadh go dleathach i dtír eile AE. An t–aon eisceacht is ea nuair a bhíonn forais dhlisteanacha leasa phoiblí ag tíortha AE chun rochtain ar an margadh a shrianadh nó a dhiúltú agus go bhfuil bonn cirt leis an srian agus go bhfuil sé comhréireach.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) 2019/515 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le haitheantas frithpháirteach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 (IO L 91, , lgh. 1-18)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, , lgh. 1-44)
Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear pointe rochtana aonair digiteach chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, , lgh. 1-38)
Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/ agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, , lgh. 1-142)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2017/625 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, , lgh. 1-15)
Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le maoiniú, bainistíocht agus faireachán an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Rialachán Uimh. 165/94, Rialachán (CE) Uimh. 2799/98, Rialachán (CE) Uimh. 814/2000, Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, , lgh. 549-607)
Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, , lgh. 30-47)
Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, , lgh. 1-24)