Cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach

 

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2019/790 maidir le cóipcheart sa Mhargadh Aonair Digiteach

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tá 3 phríomhchuspóir leis an treoir:

PRÍOMHPHOINTÍ

Nuashonraítear leis an treoir na 11 threoir lena gcuimsítear le chéile an dlí maidir le cóipcheart AE ach ní ghabhann sí in ionad na 11 threoir sin. Áirítear orthu sin:

Eisceachtaí ar chóipcheart chun rochtain níos leithne a thabhairt

Éascaítear leis an treoir ábhar atá faoi chosaint cóipchirt a úsáid chun críocha éagsúla, a bhaineann go príomha le rochtain ar eolas, trí eisceachtaí éigeantacha a thabhairt isteach chun cóipchirt leis an méid a leanas a chothú:

Éascaítear leis ceadúnú chun rochtain níos leithne a thabhairt ar inneachar, go háirithe tríd an méid a leanas a sholáthar:

Soiléirítear leis an treoir freisin gur féidir le duine ar bith cóipeanna de shaothair ealaíne san fhearann poiblí a úsáid agus a roinnt gan srianadh (mar shampla, pictiúr de dhealbhóireacht nach bhfuil clúdaithe ag cóipcheart a thuilleadh), faoi choinníollacha áirithe.

Cosaint preasfhoilseachán le haghaidh úsáide ar líne

Úsáid inneachair chosanta ag ardáin a roinneann ábhair ar líne

Luach saothair cothrom d’údair agus do thaibheoirí

Ba cheart do thíortha AE a áirithiú go bhfuil feidhm ag prionsabal an luacha saothair iomchuí agus chomhréirigh i gcás go ndéanann údar nó taibheoir a chearta a aistriú agus a cheadúnú lena saothrú ag páirtí eile (e.g. foilsitheoir nó táirgeoir).

Trédhearcacht agus cúlghairm

Ba chóir go bhfaigheadh údair agus taibheoirí go rialta — uair sa bhliain ar a laghad — faisnéis a bheidh cothrom le dáta, ábhartha agus cuimsitheach ar shaothrú a gcuid saothar agus a gcuid taibhithe. Tá sé de cheart acu cúlghairm a dhéanamh, tar éis tréimhse réasúnta ama, i gcás nach n–úsáidtear an saothar nó an taibhiú.

Conarthaí a mhodhnú

Neartaítear cearta caibidlíochta údar agus taibheoirí. Tá sé de cheart acu éileamh a dhéanamh ón bpáirtí lena bhfuil conradh acu chun cearta, luach saothair breise cuí agus cothrom a shaothrú i gcásanna ina bhfuil an luach saothair a comhaontaíodh ar dtús i bhfad ró-íseal i ndáil leis an ioncam uile ina dhiaidh sin mar thoradh ar shaothrú na saothar.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 6 Meitheamh 2019 agus ní mór dlí a dhéanamh di í i ngach tír AE faoin 7 Meitheamh 2021.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Mianadóireacht téacs agus mianadóireacht sonraí: aon teicníc anailíseach uathoibrithe a dhíríonn ar anailís a dhéanamh ar théacs agus ar shonraí i bhfoirm dhigiteach chun faisnéis amhail patrúin, treochtaí agus comhghaolta a chruthú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoir 96/9/CE agus Treoir 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lgh. 92-125)

DOICIMÉAD GAOLMHAR

Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lgh. 10-19)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2001/29/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 12.07.2019