Creat um scagadh infheistíochtaí díreacha coigríche
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) 2019/452 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas Eorpach a scagadh
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Soláthraítear leis creat de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) chun infheistíochtaí díreacha ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad a scagadh ar fhorais slándála nó ord poiblí. Bunaítear leis:
- an fhéidearthacht do Bhallstáit (AE) go mbeadh sásraí trédhearcacha, intuartha agus neamh–idirdhealaitheacha acu chun scrúdú a dhéanamh ar infheistíocht dhíreach choigríche* (IDCanna) ar fhorais slándála nó ord poiblí;
- nósanna imeachta comhair idir na Ballstáit agus an Coimisiún Eorpach maidir le IDCanna ar dóigh dóibh dul i gcion ar an tslándáil nó ar an ord poiblí;
- an deis don Choimisiún tuairimí a eisiúint, agus deis do na Ballstáit barúlacha a eisiúint, maidir leis na hinfheistíochtaí sin.
PRÍOMHPHOINTÍ
Ní dhéantar córais náisiúnta um scagadh* a chomhchuibhiú leis an rialachán. Ní chuireann rud ar bith toirmeasc ar Bhallstát cinneadh a dhéanamh faoi ar cheart dóibh sásra náisiúnta um scagadh a bheith acu nó nár cheart, nó cé acu an ndéanfaidh sí infheistíocht dhíreach choigríche a scagadh nó nach ndéanfaidh.
Maidir leis na Ballstáit:
- féadfaidh siad sásraí um scagadh* a choimeád, a leasú nó a ghlacadh;
- féadfaidh siad a chinneadh an mbeidh sásraí um scagadh acu, agus má bhíonn, agus má bhíonn, ní mór dóibh:
- a áirithiú go mbeidh na sásraí sin trédhearcach, nach ndéanfar idirdhealú leo idir tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, go gcosnófar faisnéis rúnda agus faisnéis atá íogair ón taobh tráchtála de leo agus go n–oibreofar iad laistigh de na spriocdhátaí
- deis a thabhairt d’infheisteoirí coigríche agus cuideachtaí na cinntí maidir le scagadh a achomharc,
- na bearta is gá a bheith i bhfeidhm acu chun timpeallú na sásraí um scagadh agus cinntí maidir le scagadh a aithint agus a chosc,
- an Coimisiún a chur ar an eolas faoina sásraí reatha um scagadh faoin 10 Bealtaine 2019 agus cinn úra ar bith a thuairisciú faoi cheann 30 lá óna dteacht i bhfeidhm;
- ní mór dóibh sonraí an IDC ar a gcríoch le linn na bliana féilire roimhe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta gach bliain;
- ní mór dóibh pointí teagmhála a cheapadh chun an reachtaíocht a chur chun feidhme, ar an mbealach céanna leis an gCoimisiún.
Ina measúnú ar an infheistíocht dhíreach choigríche ar fhorais slándála nó ord poiblí, féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún breathnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag IDCanna orthu seo a leanas:
- bonneagar criticiúil fisiciúil nó fíorúil, idir bhonneagar fuinnimh, iompair agus cosanta agus bonneagar todhcháin, airgeadais agus eile;
- teicneolaíochtaí criticiúla agus earraí dé–úsáide, amhail intleacht shaorga, róbataic, stóráil fuinnimh agus biteicneolaíochtaí;
- soláthairtí criticiúla amhail fuinneamh nó amhábhair, agus slándáil an tsoláthair bhia;
- rochtain ar fhaisnéis íogair, lena n–áirítear sonraí pearsanta;
- saoirse agus iolrachas na meán; agus
- cé acu an mbaineann an méid seo a leanas leis an infheisteoir coigríche:
- tá sé nó sí rialaithe go díreach nó go hindíreach ag rialtas neamh–AE, lena n–áirítear comhlachtaí stáit nó na fórsaí armtha,
- bhí sé nó sí bainteach cheana le gníomhaíochtaí a théann i gcion ar shlándáil nó ar ord poiblí Ballstáit,
- tá baol tromchúiseach ann go bhfuil baint aige nó aici le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó coiriúla.
Nuair a scagann Ballstát IDC, leagtar síos an méid seo a leanas sa sásra comhair;
- go gcaithfidh an tír a mbeidh an scagadh á dhéanamh aici an Coimisiún agus Ballstáit eile a chur ar an eolas a luaithe is féidir;
- go bhféadfaidh na Ballstáit barúlacha a chur isteach má mheasann siad gur dóigh go rachaidh an IDC i gcion ar a slándáil nó ar a n–ord poiblí;
- go bhféadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint má mheasann sé gur dóigh go rachaidh an IDC i gcion ar an tslándáil nó ar an ord poiblí i níos mó ná Ballstát amháin;
- ní mór don Choimisiún na Ballstáit eile a chur ar an eolas nuair a chuirfear barúlacha isteach nó nuair a eiseofar tuairim.
Mura scagann Ballstát aíochta an IDC, féadfaidh Ballstát eile barúlacha a chur isteach má mheasann sé go bhfhéadfadh tionchar a bheith ag an IDC ar a shlándáil nó ar a ord poiblí féin. Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint má mheasann sé go bhféadfaí dul i gcion ar níos mó ná Ballstát amháin.
Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint chuig Ballstát i gcás go bhfuil an IDC beartaithe nó i bhfeidhm cheana, má mheasann sé go bhféadfaí dul i gcion ar thionscadail agus ar chláir leas an Aontais ar fhorais slándála nó ord poiblí. Sa liosta reatha, ar féidir leis an gCoimisiún é a leasú trí ghníomh tarmligthe, sainaithnítear tionscadail nó cláir um leas an Aontais seo a leanas:
Ní mór do na Ballstáit na sonraí seo a leanas a sholáthar gan moill mhíchuí nuair a chuireann siad scagadh infheistíochta dírí coigríche in iúl, nó nuair a fhaigheann siad iarratas ar fhaisnéis ón gCoimisiún nó ó Bhallstát eile:
- struchtúr úinéireachta an infheisteora coigríche;
- neasluach na hinfheistíochta dírí coigríche;
- táirgí, seirbhísí agus oibríochtaí gnó an infheisteora coigríche agus an spriocghnóthais;
- Ballstáit ina ndéanann an chuideachta is faighteoir gnó;
- foinse mhaoiniú na hinfheistíochta;
- an dáta ar a bhfuil an infheistíocht dhíreach choigríche beartaithe nó ar críochnaíodh é.
Maidir leis an gCoimisiún:
- coinníonn sé liosta cothrom le dáta de na sásraí náisiúnta um scagadh;
- féadfaidh sé comhairle a fháil ó shainghrúpa a shainfeidhmíonn i scadadh infheistíochtaí díreacha coigríche;
- soláthraíonn sé tuarascáil bhliantúil do Pharlaimint na hEorpa agus do rialtais AE (foilsíodh an chéad tuarascáil bhliantúil in 2021);
- tuairisceoidh sé a mheastóireacht fhoriomlán maidir le héifeachtúlacht na reachtaíochta don Pharlaimint agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh faoin 12 Deireadh Fómhair 2023 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin:
- tá an chumhacht aige gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón 11 Deireadh Fómhair 2020.
CÚLRA
- I ndiaidh ráig COVID-19 agus tabhairt isteach beart chun dul i ngleic le tionchar na géarchéime, ghlac an Coimisiún Eorpach treoir do na Ballstáit maidir le IDC agus saorghluaiseacht caipitil ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, agus maidir le sócmhainní straitéiseacha na hEorpa a chosaint.
- mar fhreagairt ar ionsaí míleata gan údar gan chúis na Rúise i gcoinne na hÚcráine, arna thacú go gníomhach ag an mBealarúis, ar an 5 Aibreán 2022, d’fhoilsigh an Coimisiún treoir do na Ballstáit maidir le measúnú a dhéanamh ar bhagairtí ar shlándáil agus ar ord poiblí an Aontais Eorpaigh mar gheall ar infheistíochtaí na Rúise agus na Bealarúise agus iad a chosc.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Infheistíocht dhíreach choigríche. Infheistíocht a dhéanann infheisteoir coigríche in oibríocht atá bunaithe in AE a bhféadfadh naisc bhuana agus dhíreacha a bheith mar thoradh uirthi, lena n–áirítear rannpháirtíocht an lucht bainistíochta nó smacht ar an gcuideachta fiú.
Scagadh. Nós imeachta maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche a mheasúnú, a imscrúdú, a údarú, a thoirmeasc, a fhoirceannadh nó coinníoll a chur léi.
Sásraí um scagadh. Dlíthe agus rialacháin lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha faoina ndéantar an scagadh.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena mbunaítear creat chun infheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79 I, 21.3.2019, lgh. 1–14).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2019/452 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoir do na Ballstáit maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche agus saorghluaiseacht caipitil ó thríú tíortha, agus cosaint sócmhainní straitéiseacha na hEorpa, roimh chur chun feidhme Rialachán (AE) 2019/452 (Rialachán um Scagadh Infheistíochtaí Díreacha Coigríche) (IO C 99 I, 26.3.2020, lgh. 1–5).
Teachtaireacht ón gCoimisiún Treoir do na Ballstáit maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche ón Rúis agus ón mBealarúis i bhfianaise an ionsaithe i gcoinne na hÚcráine agus na bearta sriantacha arna leagadh síos sna Rialacháin ón gComhairle le déanaí maidir le smachtbhannaí (Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1) agus a leasuithe agus Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 134, 20.5.2006, lch. 1) agus a leasuithe.) (IO C 151I, 6.4.2022, lgh. 1–12).
Nuashonraithe 07.01.2022