Bainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad AE a áirithiú
ACHOIMRE AR:
Cinneadh (AE) 2018/1220 maidir le rialacha nós imeachta maidir leis an bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 143 de rialachán airgeadais AE
CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?
- Bunaítear le Cinneadh (AE) 2018/1220 na rialacha nós imeachta don phainéal idirinstitiúideach arna bhunú le hAirteagal 143 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (féach an achoimre ar rialachán airgeadais).
- Is é an painéal an pointe lárnach ar fud institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí uile an Aontais Eorpaigh (AE) chun measúnú a dhéanamh ar cibé ar cheart rannpháirtithe agus faighteoirí agus daoine agus eintitis eile a dhéanann iarratas ar chistí AE a eisiamh ó mhaoiniú AE nó ar cheart pionós airgeadais a ghearradh orthu, nó ar cheart na smachtbhannaí sin a fhoilsiú.
- Agus cearta na ndaoine agus na n–eintiteas lena mbaineann éisteacht a fháil á áirithiú, bunaíonn sé a mholtaí ar fhíorais agus ar thorthaí ó fhoinsí éagsúla, lena n–áirítear imscrúduithe agus cinntí na hOifige Eorpaí Frith–Chalaoise (OLAF) agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) arna nglacadh ag údaráis náisiúnta nó eagraíochtaí idirnáisiúnta.
- Tá inniúlacht aige chomh maith (faoi Airteagal 93 den rialachán airgeadais) chun tuairimí agus moltaí a eisiúint ar neamhrialtachtaí airgeadais a thagann as gníomh nó neamhghníomh baill foirne de chuid an Aontais Eorpaigh.
PRÍOMHPHOINTÍ
Ceapann an Coimisiún Eorpach Cathaoirleach neamhspleách ardleibhéil an phainéil ar feadh téarma 5 bliana nach féidir a athnuachan. Ní mór don duine sin a bheith ina iarbhall nó ina hiarbhaill de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, nó go raibh sé nó sí mar ard–stiúrthóir roimhe sin ar Institiúid AE seachas an Coimisiún. Déanann Leas–Chathaoirleach ionadaíocht don Chathaoirleach.
Maidir leis an gCathaoirleach:
- déanann sé nó sí ionadaíocht ar son an phainéil agus sceidealann sé nó sí a chruinnithe agus eagraíonn sé nó sí a chuid oibre;
- cuidíonn rúnaíocht bhuan leis nó léi;
- tionólann sé nó sí an painéal nuair a iarrtar air moladh a thabhairt maidir le cás.
Déanann Leas–Chathaoirleach ionadaíocht don Chathaoirleach a cheaptar faoi na coinníollacha céanna agus tagann sé nó sí in ionad an Chathaoirligh mura féidir leis/léi freastal ar a dhualgais/dualgais.
Cuimsítear sa phainéal chomh maith:
- beirt bhuanchomhaltaí: an príomhchomhairleoir atá freagrach as saincheisteanna “Airgeadais agus Dlí, an smacht reachta, cosc calaoise agus EDES” ón Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséad agus duine eile arna ainmniú ag an Ard-Stiúrthóir um an mBuiséad;
- an t–oifigeach údaraithe iarrthach;
- breathnóirí, lena n–áirítear:
- ó sheirbhís dlí an Choimisiúin, a fhreastalaíonn ar chruinnithe uile an phainéil;
- ó OLAF agus/nó ó OIPE, i gcás go mbaineann an cás le faisnéis a chuir siad ar fáil;
- oifigigh údarúcháin ó cibé institiúid AE, comhlacht AE nó gníomhaireacht AE lena mbaineann an cás;
- breathnóirí eile a dtugann an Cathaoirleach cuireadh dóibh.
Tá an rúnaíocht bhuan faoi údarás an Chathaoirligh agus:
- tá oifigigh ó Ard–Stiúrthóireacht an Bhuiséid ag obair inti;
- eagraíonn sí obair an phainéil;
- dréachtaíonn sí doiciméid don phainéal;
- deimhníonn sí na doiciméid agus an fhaisnéis a chuirtear isteach;
- sainaithníonn sí daoine aonair a bhféadfadh baint a bheith acu le cás;
- coinníonn sí clár de mholtaí an phainéil.
Ní ghlacann ball ar bith den phainéal nó den rúnaíocht a cheapann go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith acu i gcás páirt sna himeachtaí.
Rannpháirtíocht OLAF:
- comhoibríonn OLAF go dlúth leis an bpainéal chun cearta nós imeachta agus bunúsacha a urramú agus sceithirí a chosaint;
- Téitear i gcomhairle le OLAF sula dtabharfaidh an painéal fógra do dhuine nó d’eintiteas lena mbaineann, i gcás go bhfuil cás bunaithe ar fhaisnéis a tharchuir OLAF — déantar é sin ionas nach ndéanfar dochar do rúndacht imeachtaí dlí nó imscrúduithe leanúnacha.
Rannpháirtíocht OIPE:
- Comhoibríonn OIPE leis an bpainéal de réir na socruithe maidir le comhar atá leagtha amach sa chomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 103(1) de Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle;
- glacann OIPE páirt mar bhreathnóir i gcruinnithe an Phainéil ina bhfuil iarratas an údaráis atreoraithe bunaithe, go hiomlán nó go páirteach, maidir le faisnéis a tharchuir OIPE.
Cásanna a atreorú chuig an bpainéal. Oifigeach údarúcháin ar bith in institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht AE:
- féadfaidh sé nó sí, trí bhaint a úsáid as seoladh ríomhphoist rúnda, cás a atreorú chuig an bpainéal le moladh a fháil uaidh ina leith;
- ní mór dó nó di an painéal a chur ar an eolas a luaithe is a thiocfaidh sé nó sí ar an eolas faoi fhaisnéis lena bhféadfaí duine nó eintiteas a eisiamh ó chistí AE;
- soláthraíonn sé nó sí an fhaisnéis riachtanach ar fad a bhraith sé nó sí.
An ceart éisteacht a fháil. Oibreoirí eacnamaíocha*:
- féadfaidh siad a dtuairimí maidir leis an gcás a chur isteach, ach amháin nuair atá forais dhlisteanacha láidre ann chun rúndacht an imscrúdaithe nó na n–imeachtaí breithiúnacha a chaomhnú;
- faigheann siad litir agus doiciméadúchán ina bhfuil fíricí an cháis;
- a dtuairimí a sheoladh le ríomhphost, i 10 leathanach ar a mhéad agus faoi cheann 3 seachtaine (d’fhéadfadh na srianta sin a bheith níos solúbtha i gcásanna casta).
Maidir leis an bpainéal:
- féachann sé le teacht ar chomhthoiliú agus a moladh á thabhairt aige maidir le cás a bhaineann le duine nó eintiteas;
- cinneadh sé le vóta tromlaigh ceal comhthoilithe, le vóta amháin don chathaoireach, vóta amháin don dá bhall bhuana (vóta chomhroinnte) agus vóta amháin don oifigeach údarúcháin lena mbaineann;
- cuireann sé a mholtaí in iúl do na breathnóirí agus don institiúid, don chomhlacht nó don ghníomhaireacht a atreoraigh an cás;
- déanann sé moladh laistigh de 3 mhí ó chás a fháil mura gcinnfidh an Cathaoirleach an téarma sin a fhadú, go háirithe chun a áirithiú go bhfuil an ceart ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha lena mbaineann éisteacht a fháil;
- ní mór do bhaill an phainéil, don rúnaíocht agus gach duine eile atá páirteach sna himeachtaí agus a n–ullmhúchán cloí le dianrúndacht.
Baill foirne AE. Maidir leis an bpainéal:
- féadfaidh sé tuairim a thabhairt i dtaobh an bhfuil neamhrialtacht airgeadais déanta ag ball foirne AE;
- cuimsítear ann, i gcúinsí dá leithéid, trí bhall bhreise (ball amháin ó chomhlacht araíonachta na hinstitiúide lena mbaineann, ball amháin ó choiste a fhoirne, agus ball amháin óna sheirbhís dhlíthiúil).
Coinníonn an t–údarás atreoraithe an nós imeachta sáraíochta sula ndéanfaidh an painéal an cás a scrúdú.
Aisghairtear leis an gcinneadh cinneadh C(2011) 6109, an leagan deireanach, agus cinneadh (AE) 2015/2463 inar leagadh amach na rialacha nós imeachta do phainéil roimhe sin.
Leasaíodh an cinneadh ar an 3 Iúil 2021 le Cinneadh (AE) 2021/1081, chun leanúnachas an phainéil a áirithiú agus chun an tagairt do na socruithe idir OIPE agus an Coimisiún a lua.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?
Tá sé i bhfeidhm ón 2 Lúnasa 2018.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Oibreoir eacnamaíoch. Duine, entiteas, gnó nó aon eagraíocht eile a sholathraíonn earraí, oibrí nó seirbhísí.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Cinneadh 2018/1220 ón gCoimisiún (AE) an 6 Meán Fómhair 2018 maidir le rialacha nós imeachta an phainéil dá dtagraítear in Airteagal 143 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpha agus ón gComhairle (OJ L 226, 7.9.2018, lgh. 7–16).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh (AE) 2018/1220 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lgh. 1–222).
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 07.05.2024