Tá sé mar aidhm leis ardleibhéal cosanta don tsláinte phoiblí, caighdeáin ardcháilíochta agus sábháilteachta a áirithiú maidir le monarú agus infhaighteacht mhéadaithe beatha íocleasaithe1 lena n–áirítear bia íocleasaithe peataí.
Cuirtear úsáid níos stuama agus níos freagraí as ábhair fhrithmhiocróbacha2 chun cinn leis chun d’fhonn frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha3 a chomhrac i measc ainmhithe agus leathadh baictéar atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach tríd an mbiashlabhra a chosc.
PRÍOMHPHOINTÍ
Meascán de bhia ainmhithe agus de chógas tréidliachta is ea beatha íocleasaithe a tháirgtear faoi dhálaí rialaithe, agus a dteastaíonn oideas tréidliachta ina leith i ndiaidh scrúdú cliniciúil. Leis an Rialachán, lena n–aisghairtear Treoir 90/167/CEE:
Leagtar amach leis rialacha ag gach céim ón táirgeadh go dtí dáileadh, a chlúdaíonn roinnt réimsí, lena n–áirítear:
saoráidí agus trealamh (e.g. gnéithe sláinteachais agus rochtana);
pearsanra (e.g. gnéithe oiliúna, ní mór don fhoireann monaraithe agus rialaithe cáilíochta feidhmiú go leithligh);
monarú agus rialú cáilíochta (e.g. gnéithe rialaithe cáilíochta, scaipeadh táirgí íocleasaithe tréidliachta i mbia, etc);
stóráil agus iompar (e.g. saoráidí slána ar leith, rialach chun traséilliú a sheachaint);
coinneáil taifead (maidir le ceannacháin, monarú, stóráil, iompar agus cur ar an margadh chun inrianaitheacht a áirithiú);
gearáin agus aistarraingt táirge (córais chun gearáin a chlárú agus a phróiseáil, agus le haghaidh tarraingt siar agus aistarraingt táirgí);
pacáistiú, lipéadú agus fógraíocht (e.g. crioscaíldíonach, pacáistiú aon úsáide, fógraí do thréidlianna go heisiach);
faomhadh bunaíochtaí.
Leagtar amach leis rialacha i dtaca le beatha íocleasaithe a úsáid:
beatha íocleasaithe ar oideas nach mbainfear úsáid as ach amháin ar oideas tréidliachta agus le haghaidh na n–ainmhithe ar eisíodh an oideas tréidliachta dóibh;
rialacha speisialta maidir le beatha íocleasaithe ina bhfuil táirgí íocleasaithe tréidliachta imdhíoneolaíocha agus ábhair fhrithsheadánacha.
Cuireann sé le gníomhaíocht AE chun frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac:
cuirtear cosc leis ar ábhair fhrithmhiocróbacha trí bheatha íocleasaithe chun próifiolacsas agus fás a chur chun cinn;
cuirtear srian leis ar bhailíocht agus ar fhad na n–oideas tréidliachta ina bhfuil ábhair fhrithmhiocróbacha;
leagtar amach leis teorainneacha comhchuibhithe na n–iarmhar maidir le hábhair fhrithmhiocróbacha.
Cruthaítear leis an creat dlíthiúil maidir le monarú, cur ar an margadh agus úsáid bia íocleasaithe peataí:
ceadaítear leis táirgeadh díláraithe bia íocleasaithe peataí;
ceadaítear leis bealaí dáilte ar leith le haghaidh cógais peataí;
leagtar síos leis rialacha maidir le hoidis tréidliachta.
Tá an rialachán seo ina chuid de phacáiste ina gcuimsítear Rialachán (AE) 2019/6 maidir le táirgí íocleasaithe tréidliachta.
Beatha íocleasaithe: beatha, a bhíonn réidh le tabhairt go díreach d’ainmhithe gan é a phróiseáil tuilleadh, arb é atá ann meascán de tháirge íocleasaithe tréidliachta amháin níos mó agus ábhair bheatha.
Ábhar frithmhiocróbach: substaint ar bith ag a bhfuil gníomh díreach ar mhiocrorgánaigh a úsáidtear le haghaidh cóireáil nó cosc ionfhabhtuithe nó galar ionfhabhtaíoch, lena n–áirítear antaibheathaigh, frithvíreasaigh, frithfhungasaigh agus frithphrotzoaigh.
Frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha: cumas miocrorgánach teacht slán nó fás áit a bhfuil tiúchan oibreán frithmhiocróbach ar gnách gur leor é chun miocrorgánaigh den speiceas céanna a chosc nó a mharú.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) 2019/4 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le beatha íocleasaithe a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Treoir (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Treoir 90/167/CEE ón gComhairle (IO L 4, , lgh. 1-23)
DOICIMÉID GHOLMHARA
Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n–aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, , lgh. 43-167)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1229 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/4 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí uasleibhéil shonracha traséillithe a bhunú le haghaidh substaintí gníomhacha frithmhiocróbacha i mbeatha neamh-shainsprice agus trí mhodhanna anailíse a bhunú le haghaidh na substaintí sin i mbeatha (IO L, 2024/1229, )