Tá sé mar aidhm leis a áirithiú gur féidir sonraí leictreonacha, seachas sonraí pearsanta, a phróiseáil gan srian ar fud AE.
Cuirtear cosc leis ar shrianta maidir le cá háit ar féidir na sonraí a stóráil agus a phróiseáil.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá feidhm ag an rialachán maidir le próiseáil sonraí neamhphearsanta1:
a sholáthraítear mar sheirbhís d’úsáideoirí a bhfuil cónaí orthu in AE;
a stiúrann duine aonair, cuideachta nó eagraíocht in AE dá n–úsáid féin.
Cuirtear cosc leis an rialachán ar bhearta ar a dtugtar ceanglais logánaithe2, lena ndéantar phróiseáil sonraí a theorannú do chríoch sonrach in AE, ach amháin ar fhorais slándála poiblí.
Ní mór do thíortha AE:
an Coimisiún Eorpach a chur ar an eolas láithreach maidir le ceanglas logánaithe féideartha úr ar bith i ndáil le sonraí;
faoin , ceanglas logánaithe ar bith nach bhfuil údar leis a aisghaireadh nó fógra a chur chuig an gCoimisiún maidir le ceann ar bith a gcreideann sé go bhfuil údar leis;
pointe náisiúnta faisnéise aonair ar líne a bhunú ina mbeidh gach ceanglas logánaithe cothrom le dáta;
pointe teagmhála aonair a cheapadh chun idirchaidreamh agus comhoibriú a dhéanamh le contrapháirtithe i dtíortha eile AE agus leis an gCoimisiún, go háirithe maidir le hiarratais ar chúnamh.
Féadfaidh údaráis phoiblí rochtain a iarraidh ar shonraí atá lonnaithe i dtír eile AE, nó atá stóráilte nó próiseáilte sa néal, agus a theastaíonn dá ndualgais oifigiúla.
Ní mór don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
naisc leis na pointí náisiúnta faisnéise aonair ar líne a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus liosta comhdhlúite de na ceanglais logánaithe a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn rialta.
faoin , treoir a sholáthar maidir leis an idirghníomhaíocht idir an rialachán agus Rialachán (AE) 2016/679 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus a aistriú, go háirithe sonraí ina bhfuil faisnéis phearsanta agus neamhphearsanta araon.
Spreagann an Coimisiún cruthú cód iompair féinrialála ar leibhéal AE. Maidir leis na cóid sin:
ba cheart iad a fhorbairt i ndlúth-chomhoibriú leis na páirtithe leasmhara ar fad, amhail comhlachais fiontar beag agus meánmhéide, gnólachtaí nuathionscanta, úsáideoirí agus soláthraithe neálseirbhísí.
ba cheart iad a chur i gcrích roimh an ionas gur féidir iad a chur chun feidhme faoin ;
ba cheart go gclúdófaí iontu
an dea-chleachtas agus soláthraithe seirbhíse á n–athrú nó sonraí á bportáil3
íoscheanglais faisnéise le haghaidh úsáideoirí gairmiúla sula síneoidh siad conradh próiseála sonraí
scéimeanna deimhniúcháin chun go mbeifear ábalta comparáid a dhéanamh idir táirgí agus seirbhísí próiseála sonraí le haghaidh gairmithe
cumarsáid chun feachtas maidir leis na cóid iompair a ardú.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón . Faoi mar atá luaite san achoimre, tá spriocdhátaí sonracha sa rialachán nach mór iad a bhaint amach amhail aisghairm, faoin , ceanglas logánaithe ar bith nach bhfuil údar leo.
CÚLRA
Tá na rialacha úra ceaptha lena dhéanamh níos éasca gnó a dhéanamh trasna teorainneacha in AE agus chun margadh aonair a cruthú le haghaidh stóráil agus próiseáil sonraí, amhail néalríomhaireacht.
Ba cheart go mbeadh níos mó seirbhísí nuálacha sonraíbhunaithe agus praghsanna níos iomaíche do ghnólachtaí, do thomhaltóirí agus do lucht riaracháin phoiblí mar thoradh ar a bheith ábalta soláthraí seirbhíse sonraí a roghnú áit ar bith in AE.
Le timpeallacht fhabhrach rialála, tá sé measta go bhféadfadh luach 4% de OTI (olltáirgeacht intíre) AE a bheith ag baint leis an ngeilleagar sonraí faoi 2020.
Sonraí neamhphearsanta: faisnéis ar bith nach mbaineann le duine aonair sainaitheanta nó in-sainaitheanta, ar sonraí ar bith iad seachas sonraí pearsanta mar a shainítear i bpointe (1) d’Airteagal 4 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).
Ceanglais logánaithe: beart dlíthiúil nó riaracháin ar bith lena sonraítear nach mór próiseáil sonraí a dhéanamh ar chríoch sonrach AE.
Sonraí a phortáil: sonraí a aistriú ó sholáthraí amháin go soláthraí eile, nó ar ais chuig freastalaithe na cuideachta féin.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) 2018/1807 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le creat le haghaidh saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas Eorpach (IO L 303, , lgh. 59-68)
DOICIMÉAD GAOLMHAR
Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n–aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, , lgh. 1-88)