Rialachán maidir le Limistéar Aonair d’Íocaíochtaí Euro
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 — ceanglais theicniúla agus ghnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Leagtar amach leis na rialacha agus ceanglais theicniúla maidir le haistriú creidmheasa agus dochar díreach in euro laistigh den limistéar aonair d’íocaíochtaí Eorpacha (SEPA).
PRÍOMHPHOINTÍ
- Ba cheart na cuntais náisiúnta a úsáidtear le haghaidh aistriú creidmheasa agus dochar díreach laistigh de gach tír a bheith inrochtana ar fud AE chomh maith. Tugtar “inrochtaineacht” air sin.
- Tá na rialacha céanna i bhfeidhm maidir le hoibríochtaí náisiúnta agus trasteorann araon.
- Ba cheart na córas íocaíochta a bheith idir-inoibritheach lena chéile.
- Ní mór d’idirbhearta aistrithe creidmheasa agus dochair dhírigh coinníollacha áirithe a chomhlíonadh, lena n–áirítear:
- úsáid uimhreacha cuntais bhainc idirnáisiúnta, cód aitheantais bainc agus caighdeáin teachtaireachtaí airgeadais le haghaidh gach íocaíocht in euro;
- ceart íocóirí chun treoracha sonracha a eisiúint, amhail méid agus minicíocht dochair dhírigh.
- Socraíodh na dátaí iontrála seo a leanas leis an reachtaíocht:
- ón 1 Feabhra 2014 (curtha siar níos déanaí go Lúnasa 2014), ní mór gach aistriú creidmheasa agus dochar díreach in euro a dhéanamh san fhormáid chéanna i dtíortha AE agus an euro mar airgeadra náisiúnta;
- ón 31 Deireadh Fómhair 2016, ní mór gach aistriú creidmheasa agus dochar díreach in euro a dhéanamh san fhormáid chéanna i dtíortha AE nach bhfuil an euro mar airgeadra acu chomh maith;
- ón 1 Feabhra 2017, táillí idirmhalartaithe iltaobhaigh* le haghaidh dochar díreach le cur ar ceal;
- ón 1 Feabhra 2016, deireadh le cur le húsáid éigeantach an chóid aitheantais bhainc (BIC).
- Bhí ar thíortha AE an méid seo a leanas a dhéanamh:
- údarás náisiúnta a cheapadh ag a raibh na cumhachtaí is gá lena áirithiú go gcuirfear an reachtaíocht chun feidhme go hiomlán;
- faoin 1 Feabhra 2013, rialacha maidir le pionóis a leagan síos le haghaidh sárú ar bith ar an reachtaíocht;
- nósanna imeachtaí dóthanacha agus éifeachtacha maidir le gearáin agus sásamh lasmuigh den chúirt.
- Maidir leis an gCoimisiún Eorpach:
- tugadh an chumhacht inathnuaite 5 bliana dó ón 31 Márta 2012 chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh;
- bhí air tuarascáil a chur i láthair faoin 1 Eanáir 2017 maidir le cur chun feidhme na reachtaíochta.
- Leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 le Rialachán (AE) Uimh. 248/2014 lena dtugtar isteach socruithe idirthréimhseacha áirithe. Tháinig deireadh leo sin an 1 Eanáir 2016.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 31 Márta 2012.
CÚLRA
- Leis an limistéar aonair d’íocaíochtaí euro, comhchuibhítear an dóigh a ndéantar íocaíocht euro gan airgead tirim ar fud AE. Déantar chomh éasca le híocaíochtaí náisiúnta iad leis.
- Clúdaítear in SEPA íocaíochtaí in euro in AE agus san Íoslainn, san Iorua, san Eilvéis, i Lichtinstéin, in Andóra, i Monacó, i San Mairíne agus i gCathair na Vatacáine.
- Le haghaidh breis faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Táillí idirmhalartaithe iltaobhaigh: táillí a íocann díoltóirí earraí agus seirbhísí as íocaíochtaí trasteorann a fhaigheann siad ó chártaí dochair agus creidmheasa tomhaltóirí.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus ghnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.3.2012, lgh. 22-37)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl sa leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉAD GAOLMHAR
Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le híocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 (IO L 266, 9.10.2009, lgh. 11-18)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 14.05.2019