Rialacha sonracha maidir le táirgeadh orgánach, agus lipéadú agus rialú táirgí orgánacha
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) 889/2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh orgánach, lipéadú agus rialú táirgí orgánacha
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Is gníomh cur chun feidhme é lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le rialú táirgeadh orgánach, lipéadú agus rialú táirgí orgánacha.
PRÍOMHPHOINTÍ
Raon feidhme
- Tá feidhm ag an rialachán maidir leis na táirgí a leanas (dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 maidir le táirgeadh agus lipéadú táirgí orgánacha — féach an achoimre) a thagann ón talmhaíocht, lena n–áirítear dobharshaothrú:
- táirgí talmhaíochta beo nó neamhphróiseáilte;
- táirgí talmhaíochta próiseáilte lena n–úsáid mar bhia;
- beatha ainmhithe;
- ábhar iomadaithe* fásúil agus síolta le haghaidh saothraithe;
- giostaí a úsáidtear mar bhia nó mar bheatha.
- Maidir le beostoc, ní chumhdaítear ann ach ainmhithe bó den speiceas buaibheach lena n–áirítear bubalus agus bíosún, equidae, mucach, caorach, gabhair, éanlaithe (mar atá liostaithe in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 889/2008) agus beacha.
- Le haghaidh táirgí dobharshaothraithe, ní bhaineann sé ach le speicis éisc, crústach, eicínideirmeach agus moileasc atá liostaithe in Iarscríbhinn XIIIa (sa leagan comhdhlúite de Rialachán (CE) Uimh. 889/2008).
- Ní mheasfar gur táirgí orgánacha iad táirgí ó fhiach nó ó iascaireacht.
Táirgeadh, próiseáil, pacáistiú, iompar agus stóráil táirgí orgánacha
Rialaítear leis na rialacha, ina gcuimsítear freisin galair a chosc agus cóireáil tréidliachta, na réimsí a leanas.
- Táirgeadh plandaí
- bainistiú agus leasú ithreach;
- bainistiú lotnaidí, galar agus fiailí;
- tá rialacha speisialta i bhfeidhm maidir le beacáin;
- tá cosc ar tháirgeadh hidreaponach.
- Táirgeadh feamainne
- oiriúnacht an mheáin uiscigh agus an phlean bainistíochta inbhuanaithe;
- bailiú inbhuanaithe feamainne fiáine;
- saothrú feamainne;
- bearta frith–thruaillithe agus glanadh trealaimh agus áiseanna táirgthe.
- Táirgeadh beostoic
- tionscnamh ainmhithe orgánacha agus neamhorgánacha;
- tithíocht agus cleachtais feirmeoireachta, lena n–áirítear rialacha sonracha do mhamaigh, d’éanlaith chlóis agus do bheachaireacht;
- rochtain ar an aer oscailte;
- dlús stocála;
- tá cosc ar tháirgeadh beostoic gan talamh;
- táirgeadh beostoic orgánaigh agus neamhorgánaigh ag an am céanna;
- ainmhithe a bhainistiú, cruálacht agus fulaingt a sheachaint.
- Beatha
- beatha óna ngabháltas féin agus ó fhoinsí eile;
- beatha a chomhlíonann riachtanais chothaithe ainmhithe;
- beatha atá i mbun tiontaithe (i.e. le linn na tréimhse a bhfuil dáileachtaí talún á n–athrú ó stádas neamhorgánach go stádas orgánach);
- táirgí agus substaintí áirithe a úsáid i mbeatha.
- Táirgeadh ainmhithe dobharshaothraithe
- oiriúnacht an mheáin uiscigh agus an phlean bainistíochta inbhuanaithe;
- táirgeadh comhuaineach ainmhithe dobharshaothraithe orgánacha agus neamhorgánacha;
- tionscnamh ainmhithe dobharshaothraithe orgánacha;
- tionscnamh agus bainistíocht ainmhithe dobharshaothraithe neamhorgánacha;
- cleachtais feirmeoireachta dobharshaothraithe;
- rialacha sonracha maidir le córais choimeádta uisceacha;
- bainistíocht ainmhithe dobharshaothraithe;
- tá cosc ar hormóin a úsáid i bpórúchán.
- Beatha le haghaidh iasc, crústach, eicínideirmeach
- Rialacha ginearálta a dhíríonn ar shláinte ainmhithe, ar cháilíocht an táirge, agus ar thionchar íseal ar an gcomhshaol;
- rialacha sonracha maidir le hainmhithe dobharshaothraithe feoiliteacha, ainmhithe óga orgánacha, agus moilisc (oisrí san áireamh).
- Táirgí leasaithe agus próiseáilte
- rialacha maidir le táirgí a bhuanú agus maidir le beatha agus bia próiseáilte a tháirgeadh;
- táirgí agus substaintí áirithe a úsáid i bpróiseáil bia;
- comhábhair neamhorgánacha áirithe de thionscnamh talmhaíochta a úsáid i bpróiseáil bia;
- rialacha sonracha maidir le feamainn, agus fíonóireacht.
- Bailiú, pacáistiú, iompar agus stóráil.
Tá rialacha breise ann maidir le:
- táirgí ó dháileachtaí talún atá á dtiontú ó stádas neamhorgánach go stádas orgánach;
- srianta aeráide, geografacha nó struchtúracha, lena n–áirítear rialacha maidir le teaghrán agus táirgeadh comhthreomhar agus maidir le beachaireacht;
- do-úsáidteacht ionchur ó fheirm orgánach;
- an úsáid a bhaintear as táirgí agus substaintí ar leith i bpróiseáil;
- imthosca turraingeacha;
- an bunachar sonraí síolta;
- lipéadú, lena n–áirítear lógó, trádmharcanna agus ceanglais shainiúla um tháirgeadh orgánach an Aontais Eorpaigh maidir le beatha;
- sáruithe agus malartú faisnéise;
- maoirseacht ag údaráis inniúla;
- sonraí orgánacha sa phlean rialaithe náisiúnta ilbhliantúil agus sa tuarascáil bhliantúil.
Rialuithe
Cumhdaítear i rialacha rialaithe ceanglais shonracha maidir le táirgí plandaí, feamainn, beostoc, beachaireacht agus dobharshaothrú, agus áirítear orthu an méid seo a leanas:
- freagrachtaíoibreora;
- cigireachtaí bliantúla ag údaráis rialaithe;
- doiciméadú agus cuntais;
- rochtain ar shaoráidí;
- allmhairithe táirgí orgánacha ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad;
- aonaid a úsáideann conarthaí le tríú páirtithe;
- aonaid a ullmhaíonn beatha.
Tarchur faisnéise
Soláthraíonn tíortha AE faisnéis staidrimh don Choimisiún Eorpach maidir le táirgeadh orgánach roimh an 1 Iúil gach bliain.
Aisghairmeacha
Aisghairtear leis an rialachán Rialachán (CEE) Uimh. 207/93, Rialachán (CE) Uimh. 223/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 1452/2003.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2009.
CÚLRA
Féach chomh maith:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Ábhar iomadaithe: codanna de phlandaí agus gach ábhar plandúil, lena n–áirítear fréamhstoic, atá beartaithe le haghaidh síolrú, atáirgeadh agus táirgeadh glasraí. I measc na samplaí tá bleibíní, riosóim, etc.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha i ndáil le táirgeadh, lipéadú agus rialú orgánach (IO L 250, 18.9.2008, lgh. 1–84)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉAD GAOLMHAR
Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189 an 20.7.2007, lgh. 1-23)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 17.06.2020