Conradh Bhéising maidir le Taibhithe Closamhairc

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2013/275/AE maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chonradh Bhéising maidir le Taibhithe Closamhairc

Conradh Bhéising maidir le Taibhithe Closamhairc

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Formheastar leis an gcinneadh síniú Chonradh Bhéising EDMI maidir le Taibhithe Closamhairc (Conradh Bhéising) thar ceann an Aontais Eorpaigh, faoi réir é a thabhairt i gcrích go hoifigiúil.

Déantar nuachóiriú leis an gconradh ar chosaint ceart intleachtúil le haghaidh amhránaithe, ceoltóirí, damhsóirí agus aisteoirí i dtaibhithe closamhairc i scannáin agus i dteilifís agus áirítear freisin taibhithe ceoltóirí ar DVD nó ar ardáin chlosamhairc eile.

Tá sé mar aidhm leis tionchar dearfach a bheith aige ar gach sínitheoir, lena n–áirítear tíortha i mbéal forbartha agus tíortha forbartha, maidir le forbairt eacnamaíoch, stádas feabhsaithe na dtaibheoirí closamhairc agus na héagsúlachta cultúrtha.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leis an gconradh tugtar cearta eacnamaíocha do thaibheoirí i dtaibhithe beo agus taifeadta, chomh maith le cearta morálta áirithe lena nuashonraítear Coinbhinsiún na Róimhe um Chosaint Taibheoirí, Léiritheoirí Fónagram agus Eagraíochtaí Craolacháin (1961) don ré dhigiteach agus lena gcomhlánaítear Conradh WIPO um Thaibhithe agus Fónagraim (WPPT).

Taibhithe taifeadta

Leis an gconradh tugtar ceithre chineál de chearta eacnamaíocha do thaibheoirí le haghaidh a gcuid taibhithe a fhostaítear (a thaifeadtar) i bhformáidí closamhairc, mar shampla taifeadtaí fístéipe:

Taibhithe beo

Thairis sin, leis an gconradh tugtar trí chineál de chearta eacnamaíocha do thaibheoirí le haghaidh taibhithe neamhfhosaithe (beo):

Cearta morálta

Leis an gconradh tugtar an ceart don taibheoir a bheith aitheanta mar thaibheoir, agus an ceart chun agóid a dhéanamh in aghaidh aon saobhadh, ciorrú nó modhnú eile ar an ábhar taifeadta nó craolta a dhéanfadh dochar dá gcáil.

Cearta a aistriú

Féadfaidh páirtithe a lua ina ndlíthe go n–aistreofar cearta eisiacha chuig táirgeoir an taifeadta nuair a thugann an taibheoir a thoiliú nó a toiliú maidir le taibhiú a thaifeadadh (fosúchán closamhairc) (mura luaitear a mhalairt i gconradh idir an taibheoir agus an táirgeoir). Go neamhspleách air sin, le dlíthe náisiúnta nó le comhaontuithe eile féadfar an ceart a thabhairt don taibheoir dleachtanna nó íocaíochtaí cothroma a fháil as úsáid an taibhithe faoin gconradh.

Eisceachtaí, forfheidhmiú agus leigheasanna

Leis an gconradh ceadaítear teorainneacha agus eisceachtaí ar choinníoll go gcomhlíonann siad Coinbhinsiún Bheirn chun Saothair Litríochta agus Ealaíon a Chosaint. Féadfaidh páirtithe conarthacha eisceachtaí nua agus teorainneacha atá oiriúnach don timpeallacht dhigiteach a chur leis má chomhlíontar coinníollacha comhchosúla. Tá feidhm ag an gconradh maidir le hábhar taifeadta atá ann cheana agus ábhar taifeadta nua, ach féadfaidh páirtithe a chinneadh nach gcosnaítear ábhar atá ann cheana ó thíortha eile faoin gconradh, agus sa chás sin beidh na tíortha lena mbaineann i dteideal gníomhú go frithpháirteach.

Ní mór do na páirtithe sa chonradh leigheasanna dlí a sholáthar i gcoinne seachaint criptithe digitigh ar bith a úsáideann taibheoirí chun a gcearta a chosaint, agus i gcoinne faisnéis a bhaint nó a athrú (amhail aitheantas taibheora) atá riachtanach do bhainistiú ceart, lena n–áirítear ceadúnú agus dáileadh ríchíosanna.

Ní mór do na páirtithe nósanna imeachta forfheidhmithe agus leigheasanna a sholáthar chun sáruithe ar an gconradh a chosc agus a dhíspreagadh.

Leis an gconradh bunaítear Tionól na bPáirtithe Conarthacha chun an conradh a chothabháil agus a fhorbairt.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Síníodh an cinneadh an 10 Meitheamh 2013. Tiocfaidh sé i bhfeidhm 3 mhí tar éis do 30 páirtí incháilithe sa chonradh an conradh a dhaingniú.

CÚLRA

Féach freisin:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 2013/275/AE ón gComhairle an 10 Meitheamh 2013 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chonradh Bhéising maidir le Taibhithe Closamhairc (IO L 160, 12.6.2013, lch. 1)

Conradh Bhéising maidir le Taibhithe Closamhairc (níl sé foilsithe san Irisi Oifigiúil)

Nuashonraithe 21.03.2019