Anailís ar ola olóige

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CEE) Uimh. 2568/91 maidir le saintréithe na hola olóige agus ola d’iarmhar ológ agus maidir le modhanna ábhartha na hanailíse

Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1096 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 29/2012 maidir le ceanglais le haghaidh táscairí áirithe ar lipéadú ola olóige

CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Catagóirí ola olóige

Tá ocht gcatagóir ola olóige ann.

Modhanna anailíse chun catagóiriú ola a chinneadh

Déantar na catagóirí éagsúla olaí olóige a ghrádú de réir paraiméadair cháilíochta, a bhaineann leo seo a leanas:

Tugtar achoimre sa rialachán ar na modhanna éagsúla anailíse chun na gnéithe seo a leanas den chomhdhéanamh a dhearbhú:

Comhréireacht

Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar seiceálacha comhréireachta iomchuí, bunaithe ar anailís riosca, lena áirithiú go mbeidh an ola olóige a chuirtear ar an margadh i gcomhréir leis an gcatagóir dearbhaithe. Féadfaidh na critéir seo a bheith i gceist leis na critéir um measúnú riosca:

Ní mór do na Ballstáit na critéir maidir leis an riosca um neamhchomhlíonadh agus an líon íosta oibreoirí, beart agus cainníochtaí atá faoi réir seiceáil chomhréireachta a chur in iúl roimhe ré. Caithfear seiceáil chomhréireachta amháin ar a laghad in aghaidh gach 1,000 tona d’ola olóige a mhargaítear sa Bhallstát a dhéanamh in aghaidh na bliana.

Mura dtagann ola leis an gcur síos ar a catagóir, ní mór don Bhallstát pionóis éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm ag brath ar thromchúis na neamhrialtachta agus minicíocht na seiceálacha a mhéadú má tá na neamhrialtachtaí suntasach.

Saintréithe orgánaileipteacha (céadfacha)

Féadfaidh na Ballstáit painéil um measúnú a fhaomhadh chun saintréithe orgánaileipteacha a mheas agus a dheimhniú. I gcás go mbeadh deacrachtaí ag na Ballstáit painéil um blaiseadh a chur ar bun ar a gcríoch, féadfaidh siad painéal um blaiseadh atá faofa i mBallstát eile a lorg.

Lipéadú

Leasaítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1096 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 29/2012 maidir le caighdeáin mhargaíochta d’ola olóige i ndáil le roinnt téarmaí roghnacha is féidir a chur ar an lipéad:

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHÁN?

CÚLRA

Féach chomh maith:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (CEE) Uimh. 2568/91 an 11 Iúil 1991 maidir le saintréithe na hola olóige agus ola d’iarmhar ológ agus maidir le modhanna ábhartha na hanailíse (IO L 248, 5.9.1991, lgh. 1–83).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CEE) Uimh. 2568/91 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1096 ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 29/2012 maidir le tásca áirithe ar lipéadú ola olóige (IO L 197, 3.8.2018, lgh. 3–4).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 671-854).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 29/2012 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2012 maidir le caighdeáin mhargaíochta d’ola olóige (códú) (IO L 12, 14.1.2012, lgh. 14–21).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le soláthar faisnéise bia do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n–aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lgh. 18-63).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 14.10.2021