Leictreachas in AE — Cúiteamh idir Oibreoirí Córais Tarchurtha (ITC)

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 838/2010 — treoirlínte a bhaineann leis an sásra um chúiteamh idir oibreoirí córais tarchurtha agus cur chuige rialála comhchoiteann maidir le muirir tarchurtha

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Tá sé mar aidhm leis sásra agus treoirlínte a chur ar fáil maidir leis an méid seo a leanas:

PRÍOMHPHOINTÍ

Faigheann OTCanna cúiteamh as sreabhadh trasteorann leictreachais a óstáil ar a líonraí, lena n–áirítear le haghaidh caillteanais chomhfhreagracha trí chiste um Chúiteamh idir Córais Tharchurtha (ITC) arna bhunú agus arna riar ag an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (ENTSOE), a bunaíodh faoi Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009. Déanann an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) maoirseacht ar an gcreat ITC, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 713/2009.

Ranníocaíocht leis an gciste

Déanann OTCanna ranníocaíocht go comhréireach leis an gciste ITC bunaithe ar shreabhadh leictreachais ar a gcóras náisiúnta tarchurtha agus uaidh.

Rannpháirtíocht

Áirithíonn údaráis rialála go nglacfaidh OCTanna páirt sa sásra ITC agus nach gcuimseofar muirir bhreise ar bith as sreabhadh trasteorann leictreachais i muirir a ghearrann na hoibreoirí córais tarchurtha as a rochtain ar líonraí.

Tá OTCanna ó thíortha neamh-AE a chuireann dlí AE i bhfeidhm sa réimse leictreachais nó a bhfuil comhaontuithe ilpháirtí déanta acu i dteideal páirt a ghlacadh sa sásra ITC.

Táille úsáide

Gearrann gach rannpháirtí sa sásra ITC “táille úsáide” córais tarchurtha ar allmhairí leictreachais agus onnmhairí leictreachais idir an córas náisiúnta tarchurtha agus córas tarchurtha thír neamh-AE, mura bhfuil sé comhaontuithe dlí AE a chur i bhfeidhm sa réimse leictreachais, nó i gcás nach bhfuil comhaontú ilpháirtí ann.

Is é ENTSO-E a shocraíonn an “táille úsáide” gach bliain ag an ranníocaíocht mheasta in aghaidh na huaire meigeavata ar mian le OTCanna ó thír rannpháirteach a dhéanamh leis an gCiste ITC bunaithe ar shreabhadh trasteorann leictreachais réamh-mheasta don bhliain ábhartha.

Muirir

Déantar na meánmhuirir bhliantúla tarchurtha a íocann táirgeoirí a ríomh mar:

Ní áirítear leis na muirir sin:

Is iad seo a leanas na meánmhuirir bhliantúla tarchurtha incheadaithe a íocann táirgeoirí:

Déanann ENTSO-E monatóireacht ar cé chomh oiriúnach is atá na raonta muirear incheadaithe sin, ag cur san áireamh a dtionchar ar mhaoiniú acmhainne tarchurtha do thíortha AE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón .

CÚLRA

Féach freisin:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Oibreoirí córais tarchurtha leictreachais (OTC): duine nádúrtha nó duine dlítheanach atá freagrach as an gcóras tarchurtha a fheidhmiú, é a chothabháil agus, más gá, é a fhorbairt i limistéar faoi leith agus, nuair is infheidhme, as a idirnaisc le córais eile, agus as acmhainn fhadtéarmach an chórais maidir le freastal ar éilimh réasúnta ar tharchur leictreachais a áirithiú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 838/2010 ón gCoimisiún an maidir le treoirlínte a leagann síos a bhaineann leis an sásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha agus cur chuige rialála comhchoiteann maidir le muirir tarchurtha (IO L 250, , lgh. 5-11)

nuashonrú is deireanaí